Skip to main content
Submitted by Elisavet KOZAKOU on
Draw lines
Yes
Color
#556b2f
Cities/Points
Name
Búdaipeist
Country
an Ungáir
Population
1752286
Why visit?

Cé go bhfuil príomhchathair na hUngáire an-tiomanta dá traidisiúin, tá sí ag féachaint chun cinn freisin trí chlaochlú inbhuanaithe agus cuimsitheach a dhéanamh ar a timpeallacht uirbeach. Tríd an méid sin a dhéanamh, tá Búdaipeist ag cuimsiú luachanna agus chuspóirí Bauhaus Eorpach Nua (NEB) de réir a chéile. Mar shampla, cruthaíonn an tionscadal ‘Cooling Corners and Corridors’ (CoolCos) struchtúir nuálacha atá deartha chun tionchar na dtonnta teasa a laghdú. Tugadh aitheantas don chathair freisin as a hinrochtaineacht, le tagairt speisialta i nGradam 2015 an Aontais don Chathair is Inrochtana.

Má theastaíonn nóiméad socair uait agus tú ag siúl thart sa chathair, gabh ag spaisteoireacht thart ar Oileán Margaret – ósais ghlas i lár na Danóibe. Nó téigh trí ghairdín aeráide Aurora, áit bheag ghleoite a bhfuil sé mar aidhm aici éiceachórais nádúrtha a athbhunú sa timpeallacht uirbeach, agus eolas a roinnt faoi ghairneoireacht agus slándáil bia.

Más í an ealaín is spéis leat, is féidir leat cuairt a thabhairt ar ghailearaí FKSE, áit atá tiomnaithe d’ealaíontóirí óga, agus a bhfuil saincheisteanna sóisialta ina chroílár.

Ar deireadh, téigh go Cnoc an Chaisleáin chun Halaszbastya (Urdhún an Iascaire) a fheiceáil, agus taitneamh a bhaint as radharc iontach ar an gcathair agus ar an Danóib.

Image
Búdaipeist
Coordinates
47.4813602,18.9902209
Tags with icon
Sustainable initiatives
Access City Award winner
NEB Projects
Name
Nyíregyháza
Country
an Ungáir
Population
117689
Why visit?

Tá Nyíregyháza mar chuid de thionscadal Interreg Europe maidir le hinbhuanaitheacht, tionscadal ina leagtar béim ar an eacnamaíocht dhigiteach. Tugann tionscadail Interreg rialtais áitiúla le chéile chun réitigh nuálacha agus inbhuanaithe ar dhúshláin forbartha réigiúnaí a chomhroinnt. Chun úsáid an bhunachair sonraí maidir le stair áitiúil a mhéadú agus a leathnú, cabhraíonn leabharlann áitiúil Nyíregyháza le saoránaigh córais agus gléasanna digiteacha a úsáid. Agus cuireann sé litríocht chun cinn tríd an mboth teilefhilíochta, inar féidir le cuairteoirí dán a roghnú ó eolaire, an uimhir a dhiailiú, agus éisteacht leis.

Fonn ort a bheith i measc an duilliúir? An dúlra a chomhtháthú sa tírdhreach uirbeach, sin ceann de phríomhchuspóirí Bauhaus Eorpach Nua (NEB), agus tá an méid sin ar bun i nGairdín Luibheolaíoch Tuzson János. Tá an gairdín chuid d’ollscoil na cathrach, agus is ann atá réimse leathan plandaí i suíomh ina bhfuil teach gloine mór, gairdín Seapánach agus loch.

Bí cinnte agus cuairt a thabhairt ar an Scairdeán Ceoil in Sóstó, a chuireann seó iontach ar siúl do dhaoine ar an láthair. Nó tabhair cuairt ar Mhúsaem Sóstói Faoin Aer – sráidbhaile a bhí ann tráth – chun léargas a fháil ar an gcaoi a mbíodh daoine ag maireachtáil, agus chun páirt a ghlacadh in imeachtaí a dearadh chun traidisiúin tíre a mhúineadh do chuairteoirí.

Image
NYIREGYHAZA
Coordinates
47.9424892,21.6308696
Tags with icon
Sustainable initiatives
Rediscover the history
Name
Cluj-Napoca
Country
an Rómáin
Population
303047
Why visit?

Is í Cluj-Napoca an dara cathair is mó daonra sa Rómáin agus príomhchathair neamhoifigiúil na Trasalváin, agus is cathair ghlas chuimsitheach í. Mar gheall ar a traidisiún láidir ollscoilíochta agus a huaillmhian maidir le forbairt uirbeach, is cathair shuaitheanta í maidir le feabhsú uirbeach Bauhaus Eorpach Nua (NEB). Is ann atá an t-ionad CREIC le haghaidh tionscail chruthaitheacha, agus ceann de na hollscoileanna is mó san Aontas, rud a fhágann go bhfuil sé ar liosta Cathracha eiseamláireacha ROCK, cathracha a léiríonn gur foinse athghiniúna, forbartha, agus fáis í an oidhreacht chultúrtha.

Agus tú anseo, tapaigh an deis cuairt a thabhairt ar sheanfhoirgneamh Casino Cluj-Napoca, atá suite i lár na Páirce Lárnaí agus atá ag feidhmiú anois mar Ionad Cultúrtha Uirbeach.

Agus tú ag spaisteoireacht timpeall na cathrach, bí cinnte breathnú aníos ar na foirgnimh iontacha agus a stíl ghotach. Nó téigh ar thuras timpeall Mhúsaem Eitneagrafaíochta Romulus Vuia chun eolas a chur ar chultúr tíre na Trasalváin.

Is fiú cuairt a thabhairt ar an nGairdín Luibheolaíoch freisin, agus a ghairdíní Rómhánacha agus Seapánacha, Músaem Luibheolaíoch, agus plandaí agus bláthanna ildaite.

Fonn ort scannán nó ceol beo a fheiceáil? Má tá tú ar cuairt sa chathair le linn Fhéile Scannán Idirnáisiúnta na Trasalváin (TIFF), tá an t-ádh leat! Agus ná caill amach ar chuairt ar an Siopa Gruagaire nuálach Hairgonomy, áit a mbíonn Djanna ag casadh ceirníní agus seónna ceoil bheo ar siúl go rialta.

Image
CLUJ-NAPOCA
Coordinates
46.7834135,23.4729906
Tags with icon
Rediscover the history
Rich in green spaces
Name
Sighișoara
Country
an Rómáin
Population
26370
Why visit?

Tá Sighișoara ar cheann de na cathracha múrtha is sine ar domhan a bhfuil daoine ina gcónaí iontu. Agus í fréamhaithe i gcultúr na Sacsaine Trasalvánaí, tá an chathair mar chuid de Chlár Cathracha Oidhreachta Domhanda UNESCO. Is é is aidhm don chlár seo luach stairiúil na cathrach a chaomhnú chomh maith lena gnéithe nua-aimseartha a fheabhsú, rud a fhágfaidh go mbeidh meascán rathúil traidisiúin agus nuálaíochta ann de mheon Bauhaus Eorpach Nua (NEB).

Ainmníodh a lár stairiúil, is é sin Dúnfort Sighișoara, mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO i 1999. Gabh ar strae i sráideanna doirneogacha coisithe na cathrach, atá lán le foirgnimh ildaite mar shampla an Casa Venețiană a bhfuil façade glas air.

Bhfuil tú ag iarraidh foghlaim faoi thraidisiúin na meánaoiseanna? Mar sin is fiú go mór freastal ar na Féilte Meánaoiseacha má tá sé i gceist agat cuairt a thabhairt ar an gcathair nuair a bhíonn siad ar siúl.

Image
SIGHISOARA
Coordinates
46.2230343,24.7761976
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Rediscover the history
Name
Búcairist
Country
an Rómáin
Population
1829897
Why visit?

Tá Búcairist ag obair i dtreo stíl mhaireachtála inbhuanaithe, cuir i gcás an tionscadal múirínithe ‘Food for the Earth’ [Beatha don Chruinne]. Is i mBúcairist atá dhá cheann de na hiomaitheoirí a bhain babhta ceannais Ghradam Bauhaus Eorpach Nua amach lonnaithe: Dăm Click pe România (Cliceálaimis ar an Rómáin), tionscadal a dheonaíonn ríomhairí athchóirithe chun an bhearna oideachais a laghdú; agus Metakitchen, suiteán a bhaineann le hoidis stairiúla a thabhairt ar ais.

Ní haon ionadh go dtugtar ‘Páras Beag an Oirthir’ ar Bhúcairist freisin: tá ailtireacht álainn le fáil ann. Arcul de Triumf, Músaem George Enescu agus Pasaj Macca-Vilacrosse; níl ansin ach cuid de na háiteanna áille a chuireann príomhchathair na Fraince i gcuimhne duit – ach is fiú cuairt a thabhairt orthu astu féin.

Téigh ag spaisteoireacht sa seanbhaile chun atmaisféar stairiúil na cathrach a shú isteach. Agus ar lá fliuch má bhíonn radharc daite de dhíth ort, téigh chuig Pasajul Victori, áit a bhfeicfidh tú sráid atá go hiomlán clúdaithe le scátha fearthainne ildaite.

Image
Búcairist
Coordinates
44.4379269,26.024598
Tags with icon
Sustainable initiatives
NEB prize
Name
Plovdiv
Country
an Bhulgáir
Population
348000
Why visit?

Ba í Plovdiv Príomhchathair Chultúir na hEorpa don bhliain 2019, agus baineadh leas as an stádas sin mar mhol cultúrtha chun gur túisce a d’aithneofaí an chathair mar eiseamláir inbhuanaithe, álainn agus chuimsitheach. Chomh maith leis sin rinneadh céimeanna chun dul i ngleic leis an truailliú aeir.

Is sampla de thionscadal iontach a chorpraíonn luachanna Bauhaus Eorpach Nua (NEB) in Plovdiv é Urban Dreams. Tá cur chuige inbhuanaithe agus ealaíonta glactha ag an tionscadal seo maidir le ceantair thréigthe i gCeantar Kapana a athbheochan. Is tiomantas infheicthe é sin don nuálaíocht, don fhionnachtain, don chultúr agus don chruthaitheacht.

Mar gheall ar shaothair ealaíne tá tírdhreach Plovdiv athraithe go mór: ar fud na cathrach tá graifítí ó ealaíontóirí ban le feiceáil, mar chuid den tionscadal ‘Sense of a City’ a bhfuil coincheap na cuimsitheachta, na sábháilteachta agus na hinbhuanaitheachta mar bhonn leis.

Agus tú in Plovdiv, bí cinnte agus cuairt a thabhairt ar an Músaem Eitneagrafach Réigiúnach: ní hamháin chun an façade álainn phictiúrtha a fheiceáil ach chun fíorthuiscint a fháil ar thraidisiúin agus cultúr na Bulgáire.

Image
Plovdiv
Coordinates
42.1441622,24.6691163
Tags with icon
Sustainable initiatives
Urban renewal
European Capital of Culture
Name
Iostanbúl
Country
an Tuirc
Population
15636000
Why visit?

Cuireadh Iostanbúl – an chathair atá suite ar dhá mhór-roinn – san áireamh i Líonra Cathracha Cruthaitheacha UNESCO mar lárionad don dearadh. Níl san aonach ealaíne bliantúil ‘Contemporary Istanbul’, áit a leagtar béim ar smaointe cruthaitheacha nua, ach bealach amháin don chathair a spiorad cruthaitheach a léiriú.

Chun léamh nua-aimseartha a fháil ar sheantraidisiúin, tabhair cuairt ar mhargadh bia Kadiköy, áit ar chuir an comharghrúpa ealaíontóirí agus dearthóirí ‘TAK’ a n-insint féin ar na cairteacha bia.

Sampla suntasach de thuras Iostanbúl i dtreo spriocanna Bauhaus Eorpach Nua (NEB), mar shampla a bheith glas agus cuimsitheach, is ea coisiú cheantar Laleli, áit ar féidir leat spaisteoireacht a dhéanamh tríd na sráideanna saor ó charranna i rith an lae.

Más mian leat léim siar in am go ré na nOtamánach, ná caill an Mosc Gorm, ceann de shainchomharthaí cultúrtha agus stairiúla na Tuirce; nó Pálás Topkapi, a bhí mar phríomháit chónaithe ag sultáin Otamánacha ar feadh na gcéadta bliain.

Image
Iostanbúl
Coordinates
41.0054958,28.8720967
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Sustainable initiatives