Skip to main content
Submitted by Beatriz RODRIG… on
Draw lines
Yes
Color
#1D5A04
Cities/Points
Name
Tampere
Country
an Fhionlainn
Population
226696
Why visit?

Le 188 000 loch agus beagnach 3 mhilliún sána, is tír í an Fhionlainn ina dtuigeann daoine an luach a bhaineann le ceangal a bheith agat le huisce. Tá Tampere, sa cheantar loch thiar na Fionlainne, idir 2 loch mhóra - Näsijärvi agus Pyhäjärvi - agus tá níos mó ná céad loch laistigh de theorainneacha na cathrach. Ar beagnach gach loch is féidir leat áit a aimsiú le dul ag snámh. Más duine cróga thú, is féidir leat triail a bhaint as avanto (snámh geimhridh), gníomhaíocht thraidisiúnta amuigh faoin aer de chuid na Fionlainne ón 17ú haois ar a laghad. Má shocraíonn tú léim i ndiaidh do chinn, cén fáth nach ndéanfá snámh oighir agus cuairt a thabhairt ar sána áitiúil ag an am céanna? In Tampere, tá sána Rauhis suite go háisiúil gar do thrá snámha agus do lár na cathrach.

Image
Tampere - An Fhionlainn
Coordinates
61.6315313,23.5006774
Tags with icon
Spots to Swim
Plenty of Nature
Name
Tartu
Country
an Eastóin
Population
97000
Why visit?

In 2023, d’óstáil Tartu na Craobhchomórtais Nordacha Snámha, ag tabhairt snámhóirí ó gach cearn den réigiún le chéile. Tionóladh é i bPáirc Uisce Aura, atá oscailte don phobal cuairt a thabhairt ar an linn snámha agus ar an sána. Más fearr leat a bheith ag snámh lasmuigh, tá áiteanna snámha uirbeacha iontacha ag Tartu inar breá le muintir na háite dul agus fuarú i rith an tsamhraidh. Ceann de na cinn is cáiliúla is ea trá Loch Verevi, nó is féidir leat an ceann is fearr leat féin a aimsiú. Mar gheall ar dhlúthmhéid na cathrach tá sé éasca dul timpeall de shiúl na gcos agus cuairt a thabhairt ar radharcanna an bhaile, mar shampla, Ard-Mhúsaem na hEastóine. In 2020, bronnadh an gradam don Chathair is Inrochtana air agus is é Tartu Príomhchathair Chultúir na hEorpa freisin in 2024.

Image
Tartu- an Eastóin
Coordinates
58.3749253,26.6501442
Tags with icon
Spots to Swim
European Capital of Culture
Access City Award Winner
Name
LIEPĀJA
Country
an Laitvia
Population
68945
Why visit?

Dún do shúile agus samhlaigh an trá foirfe. Cad a fheiceann tú? Gaineamh bán agus uisce glan? Lig dom tú a chur ar an eolas faoi thrá Liepāja, áit snámha a bhfuil an-tóir air ó na 1860idí agus trá Brat Gorm, rud a chiallaíonn go bhfuil ardchaighdeáin chomhshaoil agus uisce bainte amach aige. Ná caill amach ar cuairt a thabhairt ar Loch Liepāja, limistéar faoi chosaint Natura 2000 ina bhfuil éin neadaithe agus éin imirceacha a bhfuil clárchosán 1 km aige. Nó, más ag mothú eachtrúil atá tú, tabhair cuairt ar Karosta, iarphríosún míleata agus an t-aon phríosún míleata san Eoraip atá oscailte do thurasóirí. Feicfidh tú go bhfuil an príosún beagnach gan athrú ó aimsir an tSáir, feicfidh tú na cealla agus cloisfidh tú scéalta diamhra faoi shaol an phríosúin.

Image
Leipaja - An Laitvia
Coordinates
56.5370723,20.8691224
Tags with icon
Spots to Swim
Plenty of Nature
Name
Klaipėda
Country
an Liotuáin
Population
152818
Why visit?

Tá Klaipėda suite ar Ghob Cúrónach, gob duimhche atá 98 km ar fhad agus tanaí agus a scarann an Murlach Cúrónach ó Mhuir Bhailt. Tá stádas Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO bronnta air mar gheall ar an tírdhreach uathúil gainmheach agus coillteach atá ann. Tá go leor tránna in aice láimhe inar féidir leat bolg le gréin a dhéanamh, dul ag snámh nó tú féin a thumadh sa dúlra. Tá Smiltynė, áit nach féidir teacht uirthi ach ar bhád farantóireachta, ar cheann de na cinn is fearr. I mbaile Klaipėda, tiocfaidh tú ar Músaem Mara na Liotuáine, ina bhfuil 24 uisceadán a léiríonn 4 éiceachóras éagsúla (fionnuisce, Muir Bhailt, an Mhuir Thuaidh agus trópaiceach).

Image
Klaipeda - An Liotuáin
Coordinates
55.7044638,20.8622473
Tags with icon
Spots to Swim
UNESCO World Heritage List
Name
Paphos
Country
an Chipir
Population
35961
Why visit?

Deirtear gur rugadh Aphrodite gar do Paphos. Is áit oiriúnach í do bhandia na háilleachta, áit a bhfuil tránna foirfe agus uisce glan - tá cuid den chaighdeán uisce is fearr san Eoraip ag an gCipir. Nó, más fearr leat fanacht ar thalamh tirim, tá siúlóidí iontacha cósta gar do Paphos nó is féidir leat féach thart ar Pháirc Náisiúnta Akamas, agus Altán Avakas inti freisin, áit a bhfuil cáil uirthi mar gheall ar a éagsúlacht beatha plandaí agus éin. Tá an ceantar gar do Paphos lán le láithreáin seandálaíochta Oidhreachta Domhanda UNESCO agus ba é Paphos Príomhchathair Chultúir na hEorpa in 2017.

Image
Paphos - An Chipir
Coordinates
34.7726806,32.412411
Tags with icon
Spots to Swim
European Capital of Culture