Skip to main content
Submitted by Alexia THOMAS on
Draw lines
No
Color
#528C3B
Cities/Points
Name
Gaillimh
Icon on Map
Country
Éire
Population
74000
Why visit?

Bronnadh an Duilleog Ghlas Eorpach ar chathair na Gaillimhe in 2017 atá lonnaithe ar chósta thiar na hÉireann i gCúige Chonnacht. Tá coillearnach fhairsing thart timpeall ar an gcathair agus sreabhann Abhainn na Gaillimhe trína lár, agus tá an ceantar ar fheabhas don fhiadhúlra agus don bhithéagsúlacht dá réir sin. Anuas air sin, thug an tAontas Eorpach stádas na Brataí Goirme do roinnt de na tránna siar ó chuan na Gaillimhe mar gheall ar ardchaighdeán an uisce snámha atá ann, mar sin is áiteanna foirfe iad le dul ag eachtraíocht ar rothar ar cíos.

Image
Gaillimh
Coordinates
53.2838831,-9.1311467
Tags with icon
European Green Leaf Award winner
Marine metropolis
Plenty of parks
Name
Vaileite
Icon on Map
Country
Málta
Population
224000
Why visit?

Is í Vaileite príomhchathair Mhálta agus roghnaíodh í mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2018 agus mar láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO – is léir gur seoid cheart í ina bhfuil go leor lánaí cúnga agus gairdíní rúnda. Gheall an chathair in éineacht le tíortha eile san Eoraip a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050, chomh maith le truailliú plaisteach a laghdú in Imchuach na Meánmhara. Is láithreán Natura 2000 é an t-imeallbhord siar ó thuaidh ó Vaileite atá deartha chun deilfeanna bolgshrónacha agus turtair cheannramhra a chosaint. Is áit iontach é le dul ag snorcláil chun an beathra álainn muirí a fheiceáil.

Image
Vaileite
Coordinates
35.8984603,14.5077583
Tags with icon
European Green Leaf Award winner
Marine metropolis
Plenty of parks
Name
Sléibhte Troodos
Icon on Map
Country
an Chipir
Why visit?

Ag an sliabhraon is mó sa Chipir, Sléibhte Troodos, is féidir dul ag siúlóireacht sna fánaí dúshlánacha, sna sráidbhailte suaimhneacha sna cnoic, agus eolas a chur ar na heaglaisí Biosántacha. Sliabh Oilimpeas a thugtar ar a mbinn is airde ann, cé nach é an sliabh a bhfuil cáil na miotaseolaíochta air (is sa Ghréig atá an ceann úd!). Mar sin, cé nár cheart a bheith ag súil le haon dia ársa a fheiceáil, tá radharcanna iontacha le feiceáil ó Oilimpeas ar thírdhreach na Cipire. Idir sneachta an gheimhridh agus teochtaí loiscneacha an tsamhraidh, cuireann Sléibhte Troodos rud éigin ar fáil do gach duine. Suíomh Natura 2000 faoi chosaint an Aontais is ea Páirc Náisiúnta Foraoise Troodos, rud a dhéanann leas don fhiadhúlra agus don bhithéagsúlacht sa Chipir. Bí cinnte go dtugann tú déshúiligh leat agus bí ag éanbhreathnú agus tú ann!

Image
Troodos
Coordinates
34.921975,32.8404563
Tags with icon
Plenty of parks
Wonderful for wildlife
Name
Réicivíc
Icon on Map
Country
an Íoslainn
Population
130000
Why visit?

Is cathair álainn í Réicivíc, mar a bhfuil go leor caiféanna cluthara, cultúr cruthaitheach agus saol ceoil a bhfuil tóir mhór air. A bhuí le córais bholcánacha na hÍoslainne, is ó fhoinsí in-athnuaite a tháirgtear ar bhonn intíre a thagann thart ar 85% dá húsáid fuinnimh iomlán, amhail an hidreachumhacht agus fuinneamh geoiteirmeach. Tá spánna nádúrtha iontacha agus folcadáin theirmeacha ar féidir leat cuairt a thabhairt orthu agus tú i Réicivíc. Tá dintiúir ghlasa phríomhchathair na hÍoslainne soiléir; bhí sí i mbabhta ceannais de Phríomhchathair Ghlas na hEorpa in 2013 agus tá sí ar cheann de na cathracha is glaise ar domhan, a bhuí leis an 411 mhéadar cearnach de spás glas in aghaidh an duine. 

Image
Réicivíc
Coordinates
64.1334671,-21.9348418
Tags with icon
Climate Neutral 2030
Plenty of parks
Powered by renewables