Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach - Cineálacha Gníomhaíochtaí

GNÍOMHAÍOCHTAÍ OIBRE DEONAÍ

Tugann an obair dheonach aonair deiseanna do dhaoine óga taithí a fháil ar obair laethúil eagraíochtaí agus maireann sé go ginearálta idir 2 mhí agus 12 mhí, ach i gcásanna áirithe is féidir tréimhsí ó 2 sheachtain suas a dhéanamh. Is féidir le rannpháirtithe obair dheonach a dhéanamh i dtír eile nó ina dtír chónaithe i gcás tionscadal a bhaineann le cuimsiú sóisialta, leis an gcomhshaol, leis an gcultúr agus le go leor eile.

Is foirne oibre deonaí iad grúpaí de 10-40 duine óga as dhá thír éagsúla ar a laghad, a dhéanann obair dheonach le chéile ar feadh tréimhse a mhaireann idir 2 sheachtain agus 2 mhí. Íoctar costais na cóiríochta agus an bhia. Faigheann rannpháirtithe liúntas beag le haghaidh speansais phearsanta freisin.

 

CÚRSAÍ OILIÚNA AGUS POIST

Glactar le cúrsaí oiliúna mar chleachtadh oibre lánaimseartha agus maireann siad ar feadh tréimhse idir 2 mhí agus 6 mhí – agus is féidir an tréimhse a athnuachan uair amháin. Is í an eagraíocht atá freagrach as an gcúrsa oiliúna a íocann astu. Forbraíonn na hoiliúnaithe a scileanna pearsanta, oideachais, sóisialta, sibhialta agus gairmiúla.

Poist lánaimseartha a mhaireann idir 3 mhí agus 12 mhí iad na poist atá i gceist. Is é an eagraíocht a fhostaíonn an rannpháirtí a íocann astu.

Is féidir tabhairt faoi na cúrsaí oiliúna agus na poist i dtír chónaithe an rannpháirtí nó i dtír eile. Má tá na rannpháirtithe lonnaithe i dtír eile, gheobhaidh siad liúntas beag chun cuidiú leo athlonnú agus socrú i dtír eachtrannach.

Tugtar tacaíocht teanga ar líne, oiliúint agus meantóireacht do rannpháirtithe na ngníomhaíochtaí deonacha, na gcúrsaí oiliúna agus na bpost. Íoctar a gcostais taistil chuig ionad an tionscadail agus ar ais uaidh.

 

TIONSCADAIL DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA

Déantar tionscadail dlúthpháirtíochta a thionscain, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm thar thréimhse idir 2 mhí agus 12 mhí ag cúigear daoine óga ar a laghad, daoine óga ar mian leo athrú dearfach a dhéanamh ina bpobal áitiúil. Aon duine óg ar mhaith leis tionscadal dlúthpháirtíochta a reáchtáil ina thír chónaithe, ní mór dó clárú le tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.