Idirphlé Óige an Aontais
Cad é Idirphlé Óige an Aontais?
Le hIdirphlé Óige an Aontais Eorpaigh tugtar le chéile daoine óga agus eagraíochtaí óige, cinnteoirí, taighdeoirí agus an tsochaí shibhialta. Feidhmíonn sé mar a bheadh fóram machnaimh agus comhairliúcháin ann maidir leis an obair leantach ar Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm d’Idirphlé Óige an Aontais guth a thabhairt do dhaoine óga, go háirithe dóibh siúd ar lú na deiseanna atá acu.
Eagraítear Idirphlé Óige an Aontais Eorpaigh ina thimthriallacha a mhaireann 18 mí. Díríonn gach timthriall ar thosaíocht théamach éagsúil (a roghnaíonn Comhairle na nAirí Óige).
Cé a bhíonn páirteach ann?
Braitheann rath Idirphlé Óige an Aontais ar rannpháirtíocht dhíreach daoine óga agus eagraíochtaí óige. Le linn gach timthrialla oibre 18 mí, reáchtálann gach Ballstát comhairliúchán náisiúnta le daoine óga agus le heagraíochtaí óige.
Eagraíonn meithleacha náisiúnta an próiseas rannpháirtíochta i ngach Ballstát trí ionadaithe ó aireachtaí óige, comhairlí náisiúnta óige, eagraíochtaí óige, oibrithe don óige, taighdeoirí agus daoine óga ó gach cúlra.
Féach conas is féidir leat páirt a ghlacadh ann