Skip to main content

Straitéis AE i leith na hÓige

D'fhorbair an tAontas Straitéis AE i leith na hÓige agus is mian leis daoine óga a spreagadh chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus chun páirt a ghlacadh sa daonlathas agus sa tsochaí. Is maith linn go n-inseoidh daoine óga dúinn na rudaí atá tábhachtach dóibh trí pháirt a ghlacadh in Idirphlé Óige an Aontais.

Comhordaitheoir Eorpach na hÓige

Ról Chomhordaitheoir Eorpach na hÓige 

Mhol an Coimisiún Eorpach Comhordaitheoir Eorpach na hÓige a bhunú chun comhar trasearnála a fheabhsú, chomh maith le heolas agus malartú maidir le saincheisteanna óige a mhéadú ar fud sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh.

Ba dhíol sásaimh don Chomhairle an rún sin sa Rún ón gComhairle maidir le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027, agus thug sí dá haire gur cheart do Chomhordaitheoir Eorpach na hÓige oibriú i gcomhar le geallsealbhóirí éagsúla chun cumarsáid chomhleanúnach a chinntiú le daoine óga.

Sna Conclúidí uaithi an 29.11.2023, chuir an Chomhairle príomhshruthú na hóige chun cinn i bpróisis chinnteoireachta beartas san Aontas Eorpach. D’iarr sí ar an gCoimisiún Eorpach ‘dearcadh na hóige a phríomhshruthú agus beartais á gceapadh, á gcur chun feidhme, á bhfaire agus á meas, an dearcadh sin a chur i bhfeidhm i ngach réimse a bhaineann le saol na ndaoine óga, agus Comhordaitheoir Eorpach na hÓige a rannpháirtiú sa mhéid sin de réir mar is iomchuí ar leibhéal an Aontais.’

Cad a dhéanann Comhordaitheoir Eorpach na hÓige?

Éascaíonn Comhordaitheoir Eorpach na hÓige Líonra Óige an Choimisiúin ina bhfuil chomhfhreagraithe don óige ó gach cearn den Choimisiún, agus déanann sé cathaoirleacht ar Ghrúpa an Aontais um Páirtithe Leasmhara na hÓige

Déanann an Comhordaitheoir an méid seo a leanas:

  • spreagann sé peirspictíochtaí na hóige (ionchur san áireamh a fhaightear trí Idirphlé an Aontais leis an Aos Óg) a chomhtháthú sna beartais ábhartha uile
  • neartaíonn sé an comhar agus an comhordú idir seirbhísí an Choimisiúin atá ag obair ar shaincheisteanna a bhaineann leis an óige agus
  • músclaíonn sé feasacht maidir le deiseanna san Aontas do dhaoine óga.  

I mí na Bealtaine 2026 ceapadh Marta Markowska ina Comhordaitheoir Eorpach na hÓige.

Biliana Sirakova an chéad duine riamh a ceapadh sa phost, agus ba í Comhordaitheoir Óige an Aontais ó mhí an Mheithimh 2021 go dtí mí Eanáir 2026.

Samplaí de ghníomhaíochtaí Chomhordaitheoir Eorpach na hÓige