Seiceáil Óige an Choimisiúin Eorpaigh
Déanann an Coimisiún Eorpach ‘seiceáil óige’ ar a phríomhthograí beartais. Tríd an bpróiseas sin, déanann an Coimisiún scrúdú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a bheartais nua ar dhaoine óga.
Chuir an Coimisiún an tseiceáil óige i bhfeidhm den chéad uair ar Chlár Oibre 2025 an Choimisiúin.
Cén chaoi a gcabhraíonn an tseiceáil óige?
Tacaíonn an tseiceáil óige le Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh, go háirithe an cuspóir ‘feabhas a chur ar chinntí beartais maidir lena dtionchar ar dhaoine óga ar fud na n-earnálacha uile’.
Rannchuidíonn sé le príomhshruthú na hóige, ‘cur chuige lena n-ionchorpraítear dearcadh agus riachtanais daoine óga sna próisis maidir le ceapadh beartais, faireachán agus meastóireacht, agus sna próisis chinnteoireachta’ (C/2023/1342),
Cuidíonn an tseiceáil óige lena chinntiú go seasfaidh ceapadh beartas an Aontais an aimsir agus cuireann sí leis an gcothroime idirghlúine.
Cén chaoi a n-oibríonn an tseiceáil óige?
Cuireann an Coimisiún an tseiceáil óige i bhfeidhm ar phríomhthionscnaimh chlár oibre an Choimisiúin. Tá an próiseas éigeantach i gcás gach tionscnaimh in Iarscríbhinn I den chlár.
Is éard atá i gceist leis an bpróiseas seiceála óige measúnú ar ábharthacht na hóige agus comhairliúcháin leis an óige. I gcásanna áirithe, déantar tuilleadh anailíse ar an tionchar i dtuarascáil ar an measúnú tionchair agus déanann an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála anailís bhreise air.
Cé atá páirteach sa phróiseas seiceála óige?
Tá ranna beartais an Choimisiúin i gceannas ar an bpróiseas seiceála óige. Tacaíonn Líonra Óige an Choimisiúin de chomhfhreagraithe óige (pointí teagmhála fócasacha maidir le saincheisteanna óige i ranna an Choimisiúin) leo sa chúram sin.
Éascaíonn Grúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais an próiseas seiceála óige, go háirithe comhairliúcháin le daoine óga agus le heagraíochtaí óige.
Cuireann an Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas, an Óige, Spórt agus Cultúr comhairle agus eolas ar fáil do ranna an Choimisiúin maidir leis an bpróiseas seiceála óige, (maidir le measúnú ar ábharthacht don óige, comhairliúcháin le daoine óga, infhaighteacht fianaise agus sonraí a bhaineann le daoine óga).
Déanann Comhordaitheoir Óige an Aontais comhordú ar an obair ar an bpróiseas seiceála óige.
Má tá aon cheist agat a bhaineann leis an bpróiseas, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le EAC-YOUTH@ec.europa.eu.
Conas is féidir liom bheith páirteach?
Is féidir leat do thuairimí faoi thograí maidir le beartais nua de chuid an Aontais, gníomhartha dlí agus dlíthe atá ann cheana a roinnt ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’. Is féidir leat cur leis an bplé ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach freisin.
Déanann comhairlí náisiúnta óige an Aontais agus go leor eagraíochtaí óige Eorpacha ionadaíocht ar thuairimí daoine óga i nGrúpa Páirtithe Leasmhara Óige an Aontais. Faigh amach cé hiad na heagraíochtaí rannpháirteacha, déan teagmháil le heagraíochtaí i do thír féin nó leo sin a dhíríonn ar do réimsí spéise.
Comhairliúcháin sa phróiseas seiceála óige
Is liosta neamh-uileghabhálach é seo de chomhairliúcháin, a rannchuidigh nó a rannchuideoidh leis an bpróiseas seiceála óige.
2026
- Pacáiste um athrú aeráide do na 10 mbliana amach romhainn
- Creat comhtháite Eorpach maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide
- An Plean Gníomhaíochta in aghaidh na cibearbhulaíochta (Glactha)
- Pacáiste oideachais
- Straitéis um an gcothroime idirghlúine (Glactha)
- Teachtaireacht maidir leis an tsamhail spóirt Eorpach
- Teachtaireacht maidir le cabhair dhaonnúil (Glactha)
- An gníomh um poist dea-cháilíochta
- An pacáiste um shoghluaisteacht chothrom an lucht saothair: An tionscnamh um inaistritheacht scileanna (Glactha)
- Straitéis i gcoinne na bochtaineachta (Glactha)
- An ráthaíocht Eorpach do leanaí a neartú (Glactha)
- Rialachas an aontais fuinnimh agus gníomhaíocht ar son na haeráide a nuashonrú
- Éifeachtúlacht fuinnimh – creat dlíthiúil tar éis 2030
- Pacáiste an aontais fuinnimh do na 10 mbliana amach romhainn: an creat maidir le fuinneadhmh in-athnuaite a chur ar bun
- An gníomh um an ngeilleagar ciorclach
- Rialacha nuachóirithe chun an choireacht eagraithe a chomhrac (Glactha)
- An tionscnamh domhanda maidir le hathléimneacht sláinte (Glactha)
- An gníomh um chothroime dhigiteach
- Feabhas a chur ar an straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas suas go dtí 2030 (Glactha)
- Fís 2040 um iascach agus dobharshaothrú
- Straitéis Eorpach don turasóireacht inbhuanaithe
- Straitéis ‘An ceart chun fanachta’
- Tástáil struis ar na treoracha maidir le héin agus gnáthóga (Comhairliúchán ar oscailt go dtí an 10 Lúnasa)
- Forbhreathnú ar Sheiceáil Óige an Choimisiúin in 2025
- Cuir do thuairimí in iúl i dtaca le todhchaí an spóirt san Eoraip! | Tairseach Eorpach na hÓige (tháinig deireadh leis i mí na Nollag 2025)
- An chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais – maoiniú ón Aontas don oideachas, don oiliúint agus don dlúthpháirtíocht trasteorann, don óige, do na meáin, don chultúr agus d’earnálacha cruthaitheacha, do luachanna agus don tsochaí shibhialta (tháinig deireadh leis an 25 Samhain 2025)
- Cuir do thuairim in iúl maidir le Straitéis an Aontais i gcoinne na Bochtaineachta | Tairseach Eorpach na hÓige (tháinig deireadh leis an 25 Deireadh Fómhair 2025)
- Cuir do thuairim in iúl maidir leis an nGníomh um Chothroime Dhigiteach | Tairseach Eorpach na hÓige (tháinig deireadh leis an 25 Deireadh Fómhair 2025)
- Cuir do thuairim in iúl maidir leis an gcibearbhulaíocht anois! | Tairseach Eorpach na hÓige (tháinig deireadh leis an 29 Meán Fómhair 2025) - Glactha
- Cuir do thuairim in iúl maidir le Straitéis an Aontais um an tSochaí Shibhialta! | Tairseach Eorpach na hÓige (tháinig deireadh leis an 5 Meán Fómhair 2025)
- Clár Oibre maidir le Tomhaltóirí 2025-2030 agus plean gníomhaíochta maidir le tomhaltóirí sa Mhargadh Aonair (tháinig deireadh leis an 31 Lúnasa 2025)
- Cuir do thuairim in iúl maidir leis an Straitéis um an gCothroime Idirghlúine! | Tairseach Eorpach na hÓige Glactha
- Cuir do thuairim in iúl maidir le Straitéis Frithchiníochais an Aontais | Tairseach Eorpach na hÓige (tháinig deireadh leis an 8 Iúil 2025)
- Comhairliúchán poiblí maidir leis an Sciath don daonlathas (tháinig deireadh leis an 26 Bealtaine 2026)
- Smaointe ón idirphlé maidir le beartas óige le Coimisinéirí ar Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach
Cúlra
Chuir an Coimisiún Eorpach an tseiceáil óige chun cinn ina Theachtaireacht maidir le Bliain Eorpach na hÓige 2022, a glacadh an 10 Eanáir 2024 (COM/2024/1). Ba dhíol sásaimh do na Ballstáit an tionscnamh sin. Ag an gcruinniú a bhí aici an 13 Bealtaine 2024, d’iarr an Chomhairle Oideachais, Óige, Cultúir agus Spóirt ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí an tseiceáil óige a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais. Ba dhíol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa an cur chuige atá beartaithe ag an gCoimisiún agus tá tacaíocht fhorleathan faighte aige ó pháirtithe leasmhara na sochaí sibhialta.