Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin
Tá ról lárnach ag daoine óga maidir le todhchaí na hEorpa a mhúnlú. Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta dul i gcomhairle le daoine óga maidir le saincheisteanna a dhéanann difear dóibh agus a ndearcadh a chomhtháthú i dtionscnaimh nua. Chuir an Uachtarán von der Leyen tús le Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin mar chuid de Threoirlínte Polaitiúla 2024-2029, agus bunaíodh é mar ghrúpa saineolaithe le Cinneadh ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2025. Cloch mhíle do rannpháirtíocht na hóige ar an leibhéal polaitiúil is airde is ea bunú an Bhoird.
Cad é an cuspóir atá ag Bord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin?
Is é is aidhm don Bhord comhairle a chur ar an gCoimisiún Eorpach maidir leis na saincheisteanna is tábhachtaí do dhaoine óga ar fud na hEorpa, agus gníomhú mar bhonn braite do smaointe a d’fhorbair an Coimisiún. Ar na príomhchúraim, cuimsítear an méid seo a leanas:
- Na dúshláin atá os comhair daoine óga ó chúlraí éagsúla a shainaithint;
- Comhairle a chur ar fáil don Choimisiún, bunaithe ar léargais a bailíodh ó dhaoine óga;
- Aiseolas a thairiscint maidir le beartais agus tionscnaimh an Aontais atá ann cheana agus na cinn atá beartaithe chun iad a ailíniú níos fearr le riachtanais daoine óga;
- Cumarsáid a éascú idir an Coimisiún agus daoine óga i mBallstáit uile an Aontais;
- Cinnte a dhéanamh de go gcuirfear cearta agus riachtanais gach duine óig san áireamh i mbeartais agus i dtionscnaimh an Choimisiúin;
- Feasacht a mhúscailt maidir le hobair an Bhoird trí phríomhtheachtaireachtaí a roinnt laistigh de líonraí na n-ionadaithe óga.
Cé atá ina gcomhaltaí ar Bhord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin?
Tugann an Bord daoine óga idir 18 agus 28 mbliana d’aois le chéile ó Chomhairlí Náisiúnta na nÓg Bhallstáit an Aontais agus ó Fhóram Eorpach na nÓg. Agus roinnt eagraíochtaí óige agus daoine aonair á dtabhairt le chéile acu, bailíonn Comhairlí Náisiúnta na nÓg aiseolas ó dhaoine óga éagsúla agus bíonn ról lárnach acu maidir le beartais óige a mhúnlú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. I gcomhréir le tionscnaimh an Choimisiúin chun tíortha is iarrthóirí agus tíortha a d’fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ar aontachas leis an Aontas a ullmhú, féadfar cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí faoi stiúir na hóige ó na tíortha sin a bheith rannpháirteach mar bhreathnóirí.
Is í Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, a dhéanann cathaoirleacht ar chruinnithe Bhord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin.
- An chéad chruinniú – An 3 Nollaig 2025, an Bhruiséil
Ábhar: Na meáin shóisialta agus daoine óga
Tá doiciméid ábhartha Bhord na nÓg um Chomhairliú an Uachtaráin ar fáil ar Chlár ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin.