Skip to main content

Straitéis AE i leith na hÓige

D'fhorbair an tAontas Straitéis AE i leith na hÓige agus is mian leis daoine óga a spreagadh chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus chun páirt a ghlacadh sa daonlathas agus sa tsochaí. Is maith linn go n-inseoidh daoine óga dúinn na rudaí atá tábhachtach dóibh trí pháirt a ghlacadh in Idirphlé Óige an Aontais.

Foghlaim Fhrithpháirteach agus Grúpaí Saineolaithe

Tá an fhoghlaim fhrithpháirteach idir na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach agus páirtithe leasmhara ábhartha an-oiriúnach chun beartas óige a chur chun cinn maidir le príomhréimsí agus réimsí trasearnála araon.

Chomh maith le Grúpaí Saineolaithe, ar féidir leo treoir bheartais agus uirlisí praiticiúla a fhorbairt agus dea-chleachtais a chomhroinnt, cuirtear bealaí nua foghlama frithpháirtí ar fáil freisin le Straitéis Óige an Aontais 2019-2027, cuir i gcás gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus piarchomhairleoireacht, anailís agus staidéir. Ar an gcaoi sin, déantar obair leantach ar thosaíochtaí Straitéis Óige an Aontais agus trí Phleananna Oibre ar feadh 3 bliana.

Faoi Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Óige 2019-2021, cuireadh na gníomhaíochtaí seo a leanas i bhfeidhm:


Find out more

maidir leis an obair a rinne grúpaí saineolaithe roimhe seo: