
Tréimhsí oiliúna le Comhairle an Aontais Eorpaigh
An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 15/02/2023
Gach bliain, tairgeann Ardrúnaíocht na Comhairle ceithre chineál tréimhse oiliúna: tréimhsí oiliúna ar pá, tréimhsí oiliúna gan phá, tréimhsí oiliúna do mhic léinn de chuid scoileanna riaracháin náisiúnta agus cláir speisialta d’oiliúnaithe faoi mhíchumas.
I do cháil mar oiliúnaí le Comhairle an Aontais Eorpaigh, beidh deis agat:
- taithí a fháil ar obair na hArdrúnaíochta;
- eolas a fháil ar an Aontas Eorpach agus léargas a fháil ar phróisis agus beartais institiúidí an Aontais;
- páirt a ghlacadh i ngnó laethúil na Comhairle;
- a bheith ag obair i dtimpeallacht ilchultúrtha, ilteangach agus il-eitneach.
Tá breis faisnéise faoi na ceithre chineál tréimhsí oiliúna le fáil ag na naisc chomhfhreagracha thíos:
- Tréimhsí oiliúna ar pá
- Tréimhsí oiliúna éigeantacha gan phá
- Tréimhsí oiliúna do mhic léinn de chuid scoileanna riaracháin náisiúnta
- Clár gníomhaíochtaí dearfacha le haghaidh oiliúnaithe faoi mhíchumas (ar pá)
Beidh na hoiliúnaithe fostaithe i roinn ar leith agus beidh siad ag obair mar bhaill den fhoireann lena sannfar iad. Mar chuid dá gcúraimí, d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu freastal ar chruinnithe, miontuairiscí a dhréachtú, obair ullmhúcháin a dhéanamh nó tabhairt faoi thaighde ar ábhar ar leith.
Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?
Critéir incháilitheachta:
- ní mór duit a bheith i do shaoránach de chuid an Aontais nó a bheith i do shaoránach ó thír is iarrthóir a bhfuil caibidlíocht aontachais leis an Aontas tugtha i gcrích aici.
- ba cheart eolas an-mhaith a bheith agat ar dhá theanga oifigiúla ar a laghad den Aontas. Ó tharla gurb iad an Béarla agus an Fhraincis a úsáidtear go forleathan le haghaidh na cumarsáide in Ardrúnaíocht na Comhairle, tá eolas maith ar cheann den dá theanga sin ag teastáil.
Bíonn cáilíochtaí ag tromlach na n-iarrthóirí sa dlí, san eolaíocht pholaitiúil, sa chaidreamh idirnáisiúnta, i léann an Aontais Eorpaigh nó san eacnamaíocht ach is féidir cáilíocht a bheith agat i réimse eile freisin ar ndóigh, mar shampla: an t-aistriúchán, acmhainní daonna, an chumarsáid, léann an oideachais, na heolaíochtaí ríomhaireachta, an dearadh grafach, na hilmheáin, teicneolaíocht na talmhaíochta, an innealtóireacht bhithcheimiceach, an tsláinte agus an tsábháilteacht bia, an bhainistíocht fuinnimh, an comhshaol, an innealtóireacht aeraspáis.
Más rud é go bhfuil aon chineál oiliúna (ar pá nó gan phá) nó fostaíochta faighte agat ar feadh breis agus sé seachtaine in institiúid, comhlacht, gníomhaireacht nó oifig de chuid an Aontais Eorpaigh, níl tú i dteideal iarratas a dhéanamh.
An amlíne
Bíonn dhá thréimhse éagsúla ag baint leis na tréimhsí oiliúna agus maireann gach ceann acu cúig mhí:
- an 1 Feabhra go dtí an 30 Meitheamh (an chéad tréimhse)
- an 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Eanáir (an dara tréimhse)
Cathain is féidir iarratas a dhéanamh
Chun teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe faoi na poist éagsúla agus faoi na spriocdhátaí faoinar gá iarratas a chur isteach, iarrtar ort suíomh gréasáin oifigiúil Chomhairle an Aontais Eorpaigh a sheiceáil go rialta.