Skip to main content
Submitted by Stefanos AGATH… on
Draw lines
Yes
Color
#ff00ff
Cities/Points
Name
Turku
Country
an Fhionlainn
Population
193000
Why visit?

Idir 1927 agus 1933, is in Turku a tháinig gluaiseacht Fheidhmiúlach na hailtireachta chun tosaigh. Is é Alvar Aalto príomhfhigiúr na gluaiseachta sin, agus dhear sé 3 fhoirgneamh in Turku a mheastar a bheith ina bpríomhshamplaí den stíl sin: an Maalaistentalo, an Turun Sanomat, agus an Seurahuone. Thug Turku gealltanas chun a chinntiú go bhféadfadh gach duine taitneamh a bhaint as an gcathair, agus mar thoradh air sin, ainmníodh í sa dara háit i nGradam 2021 don Chathair is Inrochtana.
Tugtar príomhchathair bhia na Fionlainne ar Turku freisin mar gheall ar a chultúr beoga bialainne agus a mhargadh éisc a bhfuil cáil stairiúil air. 
 

Image
Bád ar loch in Turku
Coordinates
60.4321284,22.0841285
Tags with icon
European Capital of Culture
Rich in Music
Great for Performance Arts
Exciting Culinary Options
Name
Heilsincí
Country
an Fhionlainn
Population
654000
Why visit?

Is seoid é Heilsincí do dhíograiseoirí ailtireachta. Tá ceann de na bailiúcháin is mó d’fhoirgnimh Art Nouveau i dtuaisceart na hEorpa le fáil sa chathair, in éineacht le raon leathan stíleanna ailtireachta, cuir i gcás Nua-Aoiseach agus Feidhmiúlach. I measc na suíomhanna nach mór a fheiceáil, tá Eaglais Temppeliaukio lena struchtúr faoi thalamh a tochlaíodh go díreach ó charraig sholadach agus Cearnóg an tSeanaid lena bailiúchán de 4 fhoirgneamh Nuachlasaiceacha a dhear an ailtire Gearmánach Carl Ludvig Engel. Tá sé éasca do chách an chathair a thaiscéaladh, rud a léirítear lena stádas sa dara háit i nGradam 2022 don Chathair is Inrochtana.
Ar chósta Heilsincí tá Daingean Farraige Suomenlinna, Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO ar sampla iontach é d’ailtireacht mhíleata na hEorpa. Trasna an uisce uaidh sin tá Músaem Seurasaari Faoin Aer lena dtugtar spléachadh ar shaol traidisiúnta na Fionlainne.
 

Image
Pictiúr de Heilsincí
Coordinates
60.11021,24.7385094
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Rich in Music
Notable Museums
Exciting Culinary Options
Name
Tartu
Country
an Eastóin
Population
95000
Why visit?

Is é Tartu an dara cathair is mó san Eastóin agus tá cáil uirthi i ngeall ar an atmaisféar Boihéimeach atá le fáil inti, sin agus toisc gur príomhspreagthóir í de dhul chun cinn eolaíoch na hEastóine. An ailtireacht, go háirithe sa Seanbhaile atá cosanta ó thaobh na hoidhreachta de, dearadh í go príomha i stíl chlasaiceach. In 2015 bronnadh an Lipéad Oidhreachta Eorpach ar Ensemble Stairiúil Ollscoil Tartu as a ailtireacht iontach ón 19ú haois a léiríonn an traidisiún Eorpach san oideachas. Beidh an teideal Príomhchathair Chultúir na hEorpa ag an gcathair in 2024, agus i ngeall ar a cuid iarrachtaí teacht ar réitigh phraiticiúla do chónaitheoirí agus do chuairteoirí a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta agus inrochtaineachta acu, bronnadh an dara háit uirthi i nGradaim don Chathair is Inrochtana 2020. Ná caill an Aparaaditehas (an Mhonarcha Giuirléidí), ionad seanmhonarcha a athraíodh ina mhol cultúrtha in 2014, ná Ard-Mhúsaem na hEastóine.   

Image
Pictiúr de Tartu
Coordinates
58.3749923,26.6975258
Tags with icon
European Capital of Culture
European Heritage Label
Rich in Music
Walkable City
Name
Valga
Country
an Eastóin
Population
15000
Why visit?

Is baile é Valga i ndeisceart na hEastóine, ar an teorainn leis an Laitvia. Tógadh Halla an Bhaile na cathrach idir 1864 agus 1866, agus tá sé ar cheann de na samplaí is suntasaí d’ailtireacht adhmaid an Chlasaiceachais Dhéanaigh san Eastóin. Agus tú anseo, tabhair cuairt ar Mhúsaem Valga; is in 1911 a tógadh é agus is sampla é de Art Nouveau déanach. Tá aghaidh iontach an fhoirgnimh cosanta faoi chaomhnú na hoidhreachta.
Ó bharr Chnoc Väike Munamägi is féidir leat an chearnóg lárnach a fheiceáil atá comhroinnte idir Valga na hEastóine agus Valka na Laitvia – a leath di i gceachtar den dá thír.
 

Image
Pictiúr de Valga
Coordinates
57.7799577,26.0369598
Tags with icon
Historic Architecture
Plenty of Nature
Walkable City
Name
Ríge
Country
an Laitvia
Population
621000
Why visit?

Tá bailiúchán de thart ar 800 foirgneamh Art Nouveau le fáil i Ríge, rud a chiallaíonn gurb í an chathair leis an líon is airde ailtireachta Art Nouveau ar domhan. Is díol spéise ar leith é an lár stairiúil, ar Suíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO é ó 1997, sin agus An Triúr Deartháireacha, an t-ionad tithíochta is sine i Ríge. Is sampla maith é de chaomhnú stairiúil na Laitvia, fealsúnacht a thosaigh sa Laitvia le linn na tréimhse idirchogaidh. Sa lá atá inniu ann, tá An Triúr Deartháireacha chomh suntasach ó thaobh an chultúir de sa chathair gur bronnadh Lipéad Oidhreachta Eorpach orthu. 
Agus má bhíonn ocras ort... Téigh chuig an Margadh Lárnach, atá ar cheann de na margaí is mó san Eoraip, agus bain triail as roinnt sólaistí áitiúla amhail éisc dheataithe. Sa seanbhaile, tabhair cuairt ar dhealbhóireacht ait Cheoltóirí Bhaile Bremen de 4 ainmhí, í bunaithe ar an síscéal mór le rá leis na Deartháireacha Grimm.
 

Image
Pictiúr de Ríge
Coordinates
56.971333,23.8421021
Tags with icon
European Capital of Culture
European Heritage Label
UNESCO World Heritage List
Rich in Music
Notable Museums
Great for Performance Arts
Name
Daugavpils
Country
an Laitvia
Population
82000
Why visit?

Tá tírdhreach ailtireachta Daugavpils éagsúil mar gheall ar a fhlúirse foirgneamh brící dearga, agus is é príomhailtire na cathrach, Willem Neumann, a dhear go leor acu. Ar Chnoc na hEaglaise, tiocfaidh tú ar 4 shéipéal taobh le taobh, agus seasann gach ceann díobh do na 4 phríomhchreideamh reiligiúnacha i réigiún Latgale na Laitvia. I dteannta a chéile, is ensemble ailtireachta mórthaibhseach iad.

Ionad Ealaíne Mark Rothko lonnaithe in armlann stairiúil Daugavpils Fortress, agus is é an t-aon mhúsaem in Oirthear na hEorpa ina bhfuil saothair bhunaidh an phéintéara le fáil.

Image
Pictiúr de Daugavpils
Coordinates
55.8959189,26.4671762
Tags with icon
Historic Architecture
Plenty of Nature
Walkable City
Name
Kaunas
Country
an Liotuáin
Population
289000
Why visit?

Tá Kaunas saibhir ó thaobh an chultúir de agus bhuaigh sé an Lipéad Oidhreachta Eorpach in 2014 i ngeall ar na 44 fhoirgneamh a léiríonn ailtireacht idirchogaidh na háite idir 1919 agus 1940. Tá Gradaim Oidhreachta na hEorpa bainte amach aige freisin as an obair athbhunaithe a rinneadh ar Cabinet na nIar-Airí, sin agus an teideal Cathair Dearaidh UNESCO 2017. Bhí Kaunas ar cheann de thrí Phríomhchathair Chultúir na hEorpa 2022 freisin.
Go stairiúil, bhí an chathair ar cheann de lárionaid oidhreachta na nGiúdach san Eoraip agus ba Ghiúdaigh iad suas le 40% de dhaonra na cathrach in 1908. Sa lá atá inniu ann, is féidir an oidhreacht sin a fheiceáil i Sionagóg Kaunas, i Músaem Cathrach Kaunas agus i Músaem Stair na nGiúdach agus i Músaem Vila Gaon maidir le Stair na nGiúdach.
Má tá músaem de chineál ar leith á lorg agat, tá tú san áit cheart. Tabhair cuairt ar Mhúsaem an Diabhail, áit a bhfuil níos mó ná 2,000 íomhá den diabhal ó gach cearn den domhan. 
 

Image
Pictiúr de Kaunas
Coordinates
54.8900536,23.8572242
Tags with icon
European Capital of Culture
European Heritage Label
Notable Museums
Great for Performance Arts
Name
Klaipėda
Country
an Liotuáin
Population
149000
Why visit?

Ní bhíonn cuairt ar Klaipėda leadránach riamh, le himeachtaí bliantúla mar Cheoil Klaipėda an Earraigh, Féile Snagcheoil Chaisleán Klaipėda agus Féile Idirnáisiúnta na hAmharclannaíochta Sráide. I ngeall ar an stair Ghearmánach atá aici, tá stíl ailtireachta ar leith aici agus is iad foirgnimh le creat adhmaid saintréith na stíle sin.
Is cathair cois cósta í Klaipėda agus is í an t-aon chalafort mór sa Liotuáin í. Chun an t-atmaisféar muirí a shú isteach, bain triail as roinnt Kepta Duona, arán dubh friochta Baltach, ar bord long Meridianas.
 

Image
Pictiúr de Klaipėda
Coordinates
55.7054542,21.0178111
Tags with icon
Rich in Music
Notable Museums
Great for Performance Arts