Tá Strasbourg ar cheann de na cathracha is fabhraí do rothair sa Fhrainc agus ar an gcúigiú cathair is fabhraí do rothair san Eoraip, agus tá 600 km de lánaí rothar ar fud an cheantair uirbigh. Má thugann sin spreagadh duit turas a dhéanamh, tá sé éasca trí scéim féinseirbhíse roinnte rothar Strasbourg, scéim ag a bhfuil 6 000 rothar ar fáil 24/7. Tá Parlaimint na hEorpa lonnaithe ann freisin (atá ar oscailt chun cuairt saor in aisce a thabhairt uirthi sé lá sa tseachtain) mar aon le hArdeaglais Notre-Dame agus La Maison des Ponts Couverts. Tá lár na cathrach liostaithe ag UNESCO freisin.
Is áit iontach í cathair Lucsamburg le dul timpeall ar rothar mar tá bealaí rothaíochta idir 5km agus 13 km ar fad inti. Aimseoidh tú na bealaí sin in Kirchberg, ag an Stáisiún Traenach agus sa Seanbhaile, agus ag gleann na habhann Alzette freisin. B'fhéidir gurb é an tírdhreach atá foirfe don rothaíocht an fáth a ndéanann Lucsamburg bun thar a acmhainn maidir le réaltaí rothaíochta. Má ta dúil agat sa dúlra, is furasta éalú ón gcathair ar rothar agus dul ag fámaireacht ar cheann de na 600 km de bhealaí rothaíochta nó na 700 km de chonairí rothar sléibhe sa tír. Is furasta freisin siúl timpeall Lucsamburg ach tá sé éasca do dhaoine faoi mhíchumas freisin, rud ar tugadh aitheantas dó in 2022 nuair a bronnadh an chéad duais do Lucsamburg sna Gradaim don Chathair is Inrochtana.
Ón uair a thagann tú isteach i stáisiún lárnach galánta Antuairp, beidh tú faoi dhraíocht ag ailtireacht iontach na cathrach. Idir na seoda art nouveau saoithiúla agus an ailtireacht nua-aimseartha ar nós Port House arna dhearadh ag an ailtire cáiliúil Zaha Hadid, tá an chathair lán d’fhoirgnimh spéisiúla is féidir a fheiceáil agus tú ag spaisteoireacht timpeall uirthi. In Antuairp tá níos mó ná 500 km de chonairí rothaíochta atá sábháilte agus compordach freisin agus, leis an líonra rotharbhealaí uimhrithe cliste agus pleanálaí bealaigh na cathrach, tá sé an-éasca dul timpeall uirthi, fiú do chuairteoirí. Is féidir leat rothar a phiocadh suas mar chuid den scéim cathrach, ag a bhfuil beagnach 300 stáisiún agus 4 200 rothar. Is furasta a fheiceáil cén fáth a bhfuil sí rangaithe mar an ceathrú cathair rothaíochta is fearr ar domhan.
Tá clú agus cáil ar na hÍsiltírigh as an dúil atá acu sa rothaíocht agus nuair a thabharfaidh tú cuairt ar Utrecht, is furasta a fheiceáil cén fáth a bhfuil an lámh in uachtar ag an rothar. Tá 420 km de raonta rothar sa chathair seo atá ar an tríú cathair rothaíochta is fearr ar domhan agus déantar infheistíochtaí i gcónaí sa bhonneagar chun an rothaíocht a dhéanamh níos tarraingtí fós. Is áit álainn shuaimhneach í lár stairiúil Utrecht le dul ag spaisteoireacht ann, idir na limistéir do choisithe amháin, na sráideanna meánaoiseacha agus na canálacha pictiúrtha. Agus tú ann, tapaigh an deis blaiseadh a fháil den chóras canála 2-leibhéal in Utrecht - rud ar leith atá ann. Ceannaithe a d’úsáid an leibhéal níos ísle ar dtús chun earraí a dhíluchtú go díreach isteach i siléir ach anois, tar éis tréimhse i léig, tá sé lán le caiféanna cúláilte, siopaí agus bialanna.
Tá suaimhneas agus nasc láidir leis an dúlra le brath in Hamburg mar gheall ar Locha Alster, abhainn na hEilbe agus na páirceanna éagsúla ar nós Altonaer Volkspark, Öjendorfer Park, Wasserpark Dove-Elbe agus Harburger Stadtpark. Is léir mar sin cén fáth gurbh í Hamburg Príomhchathair Ghlas na hEorpa í in 2011. Chomh maith le bheith glas, is cathair chothrom í atá oiriúnach don rothaíocht ar cheann de na raonta rothar éagsúla atá inti, nó fiú más ag dul tríd an gcathair ar an rotharbhealaí EuroVelo 3 atá tú. Mura bhfuil rothar de do chuid féin agat, faigh ceann de na rothair chathrach ar iasacht ar phraghas réasúnta. In 2023 fuair Hamburg moladh speisialta as timpeallacht thógtha sna Gradaim don Chathair is Inrochtana.
Tabhair cuairt ar phríomhchathair na Danmhairge agus feicfidh tú an fáth a bhfuil clú agus cáil uirthi mar cheann de na cathracha is fearr ar domhan don rothaíocht a bhuí le droichid nuálacha do rothair, na 546 km de raonta rothar, na hollbhealaí rothaíochta agus an tiomantas chun feabhas a chur i gcónaí ar an saol do na 150 000 duine a bhíonn ag rothaíocht chun na hoibre nó chun institiúidí oideachais gach lá. Agus tú ann, is féidir leat a fháil amach cén fáth a n-ainmnítear muintir Chóbanhávan go rialta i measc na ndaoine is sona ar domhan. D’fhéadfadh sé go mbaineann sé le bheith gar don uisce agus an bhaint atá aige sin le folláine fhisiciúil agus mheabhrach dhearfach, nó le dúil na nDanmhargach in hygge – is é sin atmaisféar teolaí a chruthú agus am a chaitheamh le do mhuintir. B’fhéidir gurb é a bheith ina gcónaí i bPríomhchathair Ghlas na hEorpa 2014, leis na páirceanna agus spásanna glasa éagsúla atá inti, an rud is cúis le sonas na ndaoine? Is féidir leat do mhachnamh a dhéanamh air sin agus tú i do shuí i gcaifé teolaí ag ithe weinerbrød - sin taosrán ime calógach a bhfuil clú agus cáil air sa tír. B’fhéidir gurb iad sin cúis a sonais?