Skip to main content

Ar chóir do na rannpháirtithe atá roghnaithe na ticéid taistil a chur in áirithe iad féin?

Níor chóir. Ná ceannaíodh na rannpháirtithe atá roghnaithe a dticéid taistil iad féin, toisc nach dtabharfar aisíocaíocht ar thicéid a cheannófar ar leithligh. Is é an conraitheoir seachtrach arna ainmniú ag an gCoimisiún Eorpach a dhéanfaidh ticéid taistil a chur in áirithe, a cheannach agus a sheachadadh do na rannpháirtithe atá roghnaithe.

An mbeidh an dara tréimhse iarratais ann sa bhliain 2018?

Tá an Coimisiún Eorpach ag fiosrú an féidir an dara tréimhse iarratais a eagrú i bhfómhar 2018.

An mbeidh cuóta ann de réir tíre?

Déanfar an roghnú de réir tíre i gcomhréir le líon na dticéad taistil a leithdháilfear ar gach tír. Is bunaithe ar sciar dhaonra an Bhallstáit i gcomparáid le daonra iomlán an Aontais Eorpaigh a leithdháilfear na ticéid taistil. I gcás ina mbeidh níos lú iarratasóirí as tíortha áirithe ná na cuótaí do na ticéid taistil a shocraítear, dáilfear na ticéid atá fágtha i measc na dtíortha ina bhfuil níos mó iarratasóirí ná an cuóta atá beartaithe. Tá an cuóta de réir tíre foilsithe mar Iarscríbhinn I faoi na rialacha mionsonraithe.

Conas a roghnófar na daoine óga?

Déanfar iarratasóirí a roghnú le huirlis chlárúcháin ar líne a bheidh ar fáil ar Thairseach Eorpach na hÓige. Beidh ar na hiarratasóirí sraith ceisteanna de 5 cheist agus ceist réitigh a fhreagairt a fhreagairt le go mbeidh an Coimisiún Eorpach in ann na hiarratasóirí a rangú má tharlaíonn sé go mbeidh an iomarca iarratas ann i gcomparáid leis an mbuiséad atá ar fáil. Is féidir na hiarratais a chur isteach le linn thréimhse iarratais dhá sheachtain i Meitheamh 2018. Beidh daoine óga a bhfuil riachtanais speisialta acu (e.g. beagluaineacht, lagamharc, srl.) i dteideal tacaíocht bhreise oiriúnach a fháil. Roghnófar thart ar 15,000 duine óg le linn thréimhse na n-iarratas i Meitheamh 2018.

An roghnófar gach duine sa ghrúpa?

Roghnófar. Déanfar iarratas mar ghrúpa a mheas mar aon iarratas amháin.

An féidir le rannpháirtí taisteal ina aonar nó le grúpa cairde?

Tá sé beartaithe faoin tionscadal gur féidir le rannpháirtithe taisteal ina n-aonar nó i ngrúpa de chúigear ar a mhéad. I gcás grúpa, ba chóir ceannaire a ainmniú thar ceann an ghrúpa. Is é ceannaire an ghrúpa a líonfaidh an fhoirm iarratais isteach. Gheobhaidh an ceannaire cód an tráth a sheolfar an t-iarratas isteach, agus ba chóir dó nó di an cód sin a thabhairt do na daoine eile sa ghrúpa le go mbeidh siad in ann clárú. Úsáidfidh na daoine eile sa ghrúpa an cód sin lena gcuid sonraí pearsanta a iontráil le linn an chláraithe ar líne.

An ar iarnród a bheidh na daoine óga ag taisteal i gcónaí?

Is ar iarnród a bheidh na rannpháirtithe ag taisteal, i bprionsabal. Bíonn éagsúlacht mhór sna radhairc a fheictear ó thraenacha san Eoraip – tírdhreach a bhíonn ag síorathrú, agus bailte agus dúichí áille á nochtadh ceann i ndiaidh a chéile. Is féidir leis sin cuidiú chun eolas a chur, agus tuiscint níos fearr a fháil, ar an Eoraip trí chéile.

Le deimhin a dhéanamh de gur féidir an oiread den mhór-roinn agus is féidir a thaisteal, áfach, beifear in ann córacha iompair malartacha a úsáid faoi DiscoverEU, busanna nó báid farantóireachta, mar shampla.

Ní cheadófar eitiltí ach ar bhonn eisceachtúil, i gcás na ndaoine óga sin atá ina gcónaí:

  • sna naoi réigiún is forimeallaí (i.e. Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, la Réunion, Mayotte, Saint-Martin, Maidéara, na hAsóir agus na hOileáin Chanáracha);
  • i dtíortha/réigiúin nach bhfuil teacht orthu leis na córacha iompair thuasluaite (gréasán iarnróid, báid farantóireachta agus busanna);
  • nuair is gá do na daoine óga taisteal ar feadh níos mó ná 18 uair an chloig ar talamh nó ar muir sula dtrasnóidh siad an teorainn sa tír imeachta.

Ní féidir eitilt ach ar an turas imeachta agus fillte amháin. I gcás gach turais eile, ní mór do na daoine óga taisteal ar iarnród nó le córacha malartacha eile (seachas carranna príobháideacha agus busanna cairte).

Cé mhéad lá a bhfuil cead ag rannpháirtithe a thaisteal?

Is féidir le daoine óga idir 1 lá, ar a laghad, agus 30 lá, ar a mhéad, a thaisteal. Is féidir leo cuairt a thabhairt ar idir 1 thír iasachta agus 4 thír iasachta (an 27 mBallstát den Aontas Eorpach amháin) agus ticéad fillte ar ais abhaile a eagrú. Ní mór tús a chur leis an turas idir an 9 Iúil 2018 agus an 30 Meán Fómhair 2018.

Cén fáth nach bhfuil an tionscnamh ar fáil ach do dhaoine óga atá 18 mbliana d'aois?

ELi 2018. aasta eelarve raames lepiti kokku, et Euroopa Parlamendi ettevalmistava tegevuse raames keskendutakse 18-aastaseks saavatele noortele, sest see iga tähistab täiskasvanuks ja täieõiguslikuks Euroopa kodanikuks saamist.

Subscribe to