20 bliain a bhunaithe á cheiliúradh ag an tSeirbhís Dheonach Eorpach!


Tugann an tSeirbhís Dheonach Eorpach deis do dhaoine óga obair dheonach a dhéanamh thar lear, deis chun a gcion féin a dhéanamh ar mhaithe le cúis atá gar dá gcroí - chun dlúthpháirtíocht a léiriú do dhídeanaithe agus lucht imirce, mar shampla, nó obair a dhéanamh ar chúrsaí timpeallachta, tacaíocht a thabhairt d'eagraíochtaí neamhrialtasacha, obair a dhéanamh le haghaidh imeachtaí cultúrtha nó ar chúiseanna éagsúla eile. Is féidir le duine ar bith idir 17 agus 30 bliain d'aois bheith páirteach ann agus tugtar tacaíocht do gach oibrí deonach chun costais taistil agus beatha a chumhdach, chomh maith le hairgead póca agus árachas.

Mar eagraíocht, is féidir leat teacht ar thacaíocht airgid chun tionscadal a reáchtáil trí oibrí deonach idirnáisiúnta a chur i mbun oibre ar do chuid gníomhaíochtaí féin. Lena ndíograis, a gcuid iarrachtaí agus a gcúlra, is féidir le hoibrithe deonacha de chuid na Seirbhíse a gcion a dhéanamh ar mhaithe leis an obair atá ar bun agat agus gné idirnáisiúnta fíorspreagúil a chur le timpeallacht d'eagraíochta féin.

Is dídeanaí óg í Mina atá ag cur fúithi sa Danmhairg anois. Labhraíonn sí faoi obair dheonach a dhéanamh sa Bhruiséil leis an tSeirbhís Dheonach Eorpach agus faoin gcaoi a n úsáideann sí a scéal féin chun tacaíocht a thabhairt do dhídeanaithe eile.

Download accompanying factsheet

Tugann cúig eagraíocht ón Ríocht Aontaithe, an Iodáil, an Rómáin agus an Laitvia eolas uathu faoi oibrithe deonacha ón tSeirbhís Dheonach Eorpach a óstáil, agus míníonn siad conas is féidir le heagraíochtaí eile an rud céanna a dhéanamh.

Stories from volunteers – make a difference with European Voluntary Service


In March 2007, Victor Serrato Martín boarded a flight from sunny Malaga and touched down in a snowy Czech Republic, unaware of how profound an effect EVS would have on his life. He grew close to the people he supported, and embraced the challenge of working amongst people with a high level of need.


Download accompanying factsheet

Stories from volunteers – European Voluntary Service leads to job


Taking part in a European Voluntary Service project changed the career path of Katarzyna Bialkowska. Now, ten years after her volunteering placement, she is head of a Polish organisation running intercultural and multilingual education programmes – and she credits it all to her EVS experience.


Download accompanying factsheet

Stories from volunteers – Fresh start with European Voluntary Service


Calum Barron came from a disadvantaged background but volunteering for a European Voluntary Service project made him feel there were more options open to him than before. Following his EVS projects, Calum went on to lead several projects in Wales and he now has an apprenticeship. He also volunteers in a homeless shelter.

Download accompanying factsheet

20 bliain den tSeirbhís Dheonach Eorpach (EVS20) a cheiliúradh i ngar duit féin

Is iomaí tír a bhfuil imeachtaí á reáchtáil acu chun 20 bliain den tSeirbhís Dheonach Eorpach a cheiliúradh. Chun teacht ar na himeachtaí is gaire duit, roghnaigh do thír féin thíos faoi seo agus brúigh "Seo linn".



Scaip an scéal!

Scaip an scéal faoi EVS20 - chun pacáiste d'ábhair bhrandála a íoslódáil, cliceáil anseo.