©Photo by Nick Fewings on Unsplash
An saol plaisteach, tá sé millteach!
An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 17/12/2020
Ní gach cineál plaistigh atá le díspeagadh, ach tá plaisteach aon úsáide ag déanamh go leor damáiste dár gcomhshaol. Seo an dóigh ar féidir leat cuidiú chun dul i ngleic leis an bhfadhb phráinneach sin chun ár bpláinéad a chaomhnú.
Tá plaisteach i ngach áit: ó éadaí go ríomhairí agus fearais tí. Tá sé le fáil i rudaí nach mbeifí ag súil leo, i mbia mar shampla. An raibh a fhios agat go n-úsáidtear é chun málaí tae a shéalú, nó go mbíonn sé le fáil i gcáis? Ach gan phlaisteach, ní bheadh fón cliste agat ach oiread!
Tá an-tóir ar phlaisteach toisc go bhfuil sé ilfheidhmeach, ilúsáide, agus saor le táirgeadh. D’ainneoin dá bhféadfaí talamh slán a dhéanamh go saonta, níl gach cineál plaistigh go holc: Úsáidtear é chun críoch leighis, le haghaidh modhanna iompair, agus sa chuid is mó de na fearais tí atá againn, rudaí nach bhféadfaí a úsáid murach é.
Is féidir ar a laghad 7 gcineál plaisteach a shainaithint trí chóras a cuireadh chun feidhme in 1988 chun an athchúrsáil a éascú. Seans go bhfeicfí an téarma ‘bithphlaisteach’, fiú, rud a d’fhéadfadh daoine a chur ar míthreoir. Go bunúsach, ciallaíonn an téarma sin nach as foinse iontaise a thagann sé. Cé gur féidir ábhair phlandabhunaithe amhail gránphlúr agus prátaí a úsáid chun plaisteach a chruthú, i ndáiríre is as ola, gás nádúrtha agus gual a thagann 99% de. Ar an drochuair, ní bhíonn níos lú truaillithe ag baint leis na ‘bithphlaistigh’ toisc nach mbíonn siad ag bith-dhíghrádú san fharraige ach oiread.
Sin an fáth a ndeirtear go mairfidh an dramhaíl phlaisteach go deo, agus tar éis a dianscaoilte, go mbíonn an plaisteach fós ann ina bhlúiríní atá chomh beag bídeach sin nach féidir iad a fheiceáil leis an tsúil féin. Tá micreaphlaistigh le fáil i ngach áit agus tá siad tocsaineach do gach speiceas, daoine daonna san áireamh. Níl aon chleas draíochta ann chun go n-imeodh plaisteach as radharc; tá teorainn leis an athchúrsáil agus lena chois sin, is féidir léi damáiste a dhéanamh do phobail eile atá i bhfad uainne, go fiú. Is amhlaidh an cás nuair a dhéanann tíortha saibhre a ndramhaíl phlaisteach a sheoladh i bhfad ar shiúl mar go gcuireann sé sin acmhainní nádúrtha áitiúla agus an tsláinte áitiúil i mbaol. Anuas air sin, cuireann an straitéis sin leis an truailliú trí lorg an iompair.
Is é sin an fáth gurb é an beart is práinní is féidir linn a dhéanamh chun an dramhaíl phlaisteach a laghdú ná dul i ngleic lenár dtomhaltas plaistigh aon úsáide. Is eol don Aontas an damáiste a dhéanann plaisteach aon úsáide dár bpláinéad agus d’éist sé le hábhair imní na saoránach. Is é sin an fáth ar rith Parlaimint na hEorpa dlí nua in 2019 lena gcuirtear cosc ar earraí plaisteacha aon úsáide. Faoi 2021, mar shampla, beidh toirmeasc ar sceanra, baitíní cadáis, soip agus corraitheoirí plaisteacha aon úsáide.
Anois tá sé in am agatsa do ról a imirt! Níl bhíonn sé chomh héasca sin ár nósanna laethúla a athrú agus plaisteach aon úsáide a sheachaint i gcónaí, ach tá roinnt leideanna anseo thíos chun go mbeidh sé níos fusa duit:
1. Fill ar na bunrudaí: Tamall ó shin ní bhíodh plaisteach i ngach áit, agus fós féin, bhíodh ár seantuismitheoirí agus go háirithe ár sin-seantuismitheoirí in ann a saol a chaitheamh agus spraoi a bheith acu! Théidís go dtí an margadh lena málaí cadáis féin, bhíodh picnicí acu le sceanra in-athúsáidte, agus rudaí eile nach iad. Cén fáth nach nglacfá féin páirt i dtreocht sin na seanré?
2. Bíodh spraoi ann: Tabhair do dhúshlán féin agus dúshlán do chairde bhur dtomhaltas plaisteach aon úsáide a laghdú. D’fhéadfá agus do chairde na plaistigh aon úsáide ar fad a úsáideann sibh ar feadh seachtaine a bhailiú i bpróca agus féachaint cé aige a mbeidh an próca is lú líonadh. Cuideoidh sé sin freisin chun tú a chur ar an eolas faoin méid a ídíonn tú, agus cuirfidh an méid sin iontas ort!
3. Bí fiosrach agus aimsigh roghanna malartacha: Tá sé go breá más fearr leat an líomanáid fhionnuar sin a ól trí shop sa samhradh, ach cad chuige nach n-úsáidfeá sop atá déanta as bambú? Nó as cruach, as páipéar, as gloine? Is féidir leat soip atá déanta as pasta a úsáid go fiú! - Ár leithscéal le bia na hIodáile as sin.
4. Déan rudaí uathúla: Beir leat do threalamh ‘éiceamharthanais’ féin i ngach áit! Mála siopadóireachta, muga caife, sceanra déanta as bambú nó miotail agus buidéal uisce...fiú ar an eitleán! Mothaíonn go leor daoine go bhfuil iallach orthu uisce buidéalaithe a cheannach agus iad ag taisteal, toisc go síleann siad nach mbeidh cead acu dul tríd an tslándáil san aerfort. Ach is é lomchlár na fírinne go mbeidh tú in ann dul ar bord má tá an buidéal folamh.
5. Bí cruthaitheach: Bí ag foghlaim leat agus ag féachaint leat roghanna malartacha nua ar tháirgí plaisteacha aon úsáide. Mar shampla, seachas úsáid a bhaint as scannán cumhdaithe chun do ceapaire a chlúdach, d’fhéadfá do chlúdach féin a dhéanamh as céir bheach. Nach plean maith é sin le haghaidh tráthnóna deas Domhnaigh sa bhaile?
Cuimhnigh go bhfuil tú á dhéanamh sin toisc go bhfuil aird agat ar an gcomhshaol. Má dhéanann tú do dhícheall, is céim mhór í sin agus is cinnte go gcuidíonn sé chun difríocht a dhéanamh dár bpláinéad.
Ar mhaith leat dul níos faide?
Cén fáth nach nglacfá páirt i bhfeachtais agus i gcomhghuaillíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil sé d’aidhm acu an dramhaíl phlaisteach a laghdú ar fud an domhain?