Skip to main content
© Brian Yurasits - Unsplash © Brian Yurasits - Unsplash

Déan obair dheonach ar fud an domhain mhóir!

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 14/11/2022

An ag smaoineamh ar chuidiú a thabhairt lasmuigh den Eoraip atá tú? An ag smaoineamh ar chabhair dhaonnúil atá tú? An breá leat daoine agus a bheith ag foghlaim faoi chultúir nua? Seo a leanas roinnt de na deiseanna idirnáisiúnta atá ann chun obair dheonach a dhéanamh ar fud an domhain.

Cuireann tú aithne ar dhaoine, ar chultúir agus ar scileanna nua nuair a bhíonn tú i mbun obair dheonach agus ag cabhrú le daoine eile. Féadfaidh deiseanna gairme eascairt freisin as an taithí idirnáisiúnta a fhaightear nuair a bhítear ag obair go deonach thar lear, deiseanna a thabharfaidh ar fud na cruinne thú!

Tacú le pobail leochaileacha trí Obair Dheonach an Aontais Eorpaigh i réimse na Cabhrach Daonnúla

Tá oibrithe deonacha de dhíth i dtionscadail ghníomhaíochta na hOibre Deonaí um Chabhair Dhaonnúil faoin gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach chun dul isteach sna foirne agus sna hoibríochtaí ar an láthair. 

Sa bhreis ar an ullmhacht do thubaistí agus fóirithint i gcás tubaistí, clúdaítear réimse leathan saincheisteanna sna tionscadail. Ar mhaith leat roinnt samplaí? Comhionannas inscne a chur chun cinn, mná agus leanaí a chosaint, dídeanaithe agus daoine easáitithe ina dtír féin a chosaint, imircigh gan doiciméid a chosaint, éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú, an tslándáil bia a fheabhsú...

Má tá tú idir 18 agus 35 bliana d’aois agus má tá tú sásta rannpháirt a ghlacadh ann, caith súil ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, áit ar féidir leat do phróifíl a chlárú agus do spéis a léiriú.   Is féidir le gach duine iarratas a dhéanamh, mar sin ní bheidh do chúlra sonrach ná aon deacrachtaí ná riachtanais speisialta a d’fhéadfadh a bheith agat ina mbac ar do rannpháirtíocht. Má roghnaítear thú, beidh tú in ann páirt a ghlacadh i dtionscadail a mhairfidh idir 2 mhí agus 12 mhí (má théann tú i d’aonar) nó idir 2 sheachtain agus 2 mhí (má théann tú mar bhall d’fhoireann ina bhfuil cúigear ar a laghad). 

Déanfaidh an Coimisiún Eorpach deimhin de go n-urramóidh eagraíochtaí roghnaithe (a sheolann agus a óstálann oibrithe deonacha óga de chuid an Aontais Eorpaigh) roinnt coinníollacha, an méid seo a leanas san áireamh:

  • cloí le prionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais, chomh maith le prionsabal na neamhdhíobhála; 
  • nósanna imeachta láidre a bheith acu chun slándáil agus sábháilteacht na n-oibrithe deonacha a chinntiú i gcónaí, pleananna aslonnaithe i gcásanna géarchall ina measc;
  • acmhainní cuí a bheith acu lena chinntiú gur féidir le hoibrithe deonacha taitneamh a bhaint as eispéireas foghlama a bhuí le meantóireacht chuí

Conas is féidir iarratas a dhéanamh? Téigh chuig Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus léirigh do spéis!  

Chomh maith le deiseanna oibre deonaí an Aontais, is féidir leat difríocht a dhéanamh leis na Náisiúin Aontaithe

Sheol na Náisiúin Aontaithe clár sonrach oibre deonaí do dhaoine óga, Ógshaorálaithe na Náisiún Aontaithe. Is daoine óga idir 18 agus 29 mbliana d’aois iad na hoibrithe deonacha a bhfuil fonn orthu a bheith ag gabháil do thionscnaimh forbartha agus síochána ar fud na cruinne; d’fhéadfá oibriú le cearta an duine, oiriúnú don athrú aeráide, cúram sláinte príomhúil, bainistiú tubaistí, cothú na síochána, rannpháirtíocht leis an óige nó go leor réimsí eile.

Mar Ógshaorálaí leis na Náisiúin Aontaithe, beidh tú ag cuidiú chun síocháin agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn i do thír féin nó i dtír eile ar fud na cruinne. Féadfaidh tú oibriú go díreach i ngníomhaireacht de chuid na Náisiún Aontaithe nó féadfar thú a shannadh do cheann dá heagraíochtaí comhpháirtíochta, d’ollscoil nó don rialtas. Maireann formhór na sannachán idir 6 agus 24 mhí. Faigheann na hoibrithe deonacha liúntas maireachtála bunúsach. Má bhíonn tú i mbun obair dheonach i do cheantar féin, íocann an óstghníomhaireacht costais iompair agus costais bhunúsacha eile. Fógraítear na sannacháin ar shuíomh gréasáin na Náisiún Aontaithe faoi ‘Special Calls for Volunteers’, agus ar Facebook, Twitter agus LinkedIn chomh maith. 

Má tá tú 25 bliana d’aois nó níos sine agus cúpla bliain taithí oibre agat i réimse saineolais ar leith, b’fhéidir gur mhaith leat clárú le Linn Tallainne Domhanda UNV. D’fhéadfadh sé go mbeadh spéis agat freisin san obair dheonach ar líne le Seirbhís Oibre Deonaí UNV ar líne.

Tuilleadh smaointe…

Is líonra idirnáisiúnta é an Coiste Comhordúcháin um Sheirbhís Shaorálach Idirnáisiúnta atá i gceannas ar an tseirbhís shaorálach idirnáisiúnta a chomhordú ar fud an domhain. Ní earcaíonn an líonra saorálaithe ach gheobhaidh tú teagmhálaí na n-eagraíochtaí saorálaithe i do thír chónaithe nó i dtír chomharsanachta.

Ina theannta sin, is féidir leat féachaint ar shuíomh na Seirbhíse Sibhialta Idirnáisiúnta (SCI), ar eagraíocht í atá tiomanta don obair dheonach ar son na síochána ó 1920 i leith. Cruthaíonn eagraíochtaí SCI deiseanna oibre deonaí gearrthéarmacha agus fadtéarmacha ar ardchaighdeán ar fud an domhain atá oscailte do gach aoisghrúpa. Is féidir le hoibrithe deonacha rannpháirt a ghlacadh i dtionscadail ina dtír féin nó thar lear. 

Féadfaidh tú súil a chaitheamh freisin ar Chomhghuaillíocht Eagraíochtaí na Seirbhíse Deonaí Eorpaí. Reáchtálann a balleagraíochtaí tionscadail dheonacha idirnáisiúnta ina dtír féin agus malartaíonn siad oibrithe deonacha lena chéile. Leanann siad Cairt Cháilíochta na Comhghuaillíochta ina gcuirtear béim ar bhreisluach na hoibre deonaí, an ghné oideachasúil a bhaineann léi, agus ar chaighdeáin cháilíochta atá comhaontaithe ag na baill a leanúint.