Téann fréamhacha na chéad Chathracha Cliste sa tSeirbia ar ais go dtí an stair ársa, ó tharla gur ag teorainn neamhoifigiúil idir an tOirthear agus an tIarthar atá sí ó bhí aimsir Impireacht na Róimhe ann! Is in Naissus ársa a rugadh an t-impire Constantin (AD 272-337) agus is féidir dul ann go fóill ag láthair seandálaíochta Mediana. Chuir na hOtamánaigh an chathair faoi chois ansin, agus d’fhág siad an daingean tiarnúil ann a bhfuil mosc ón 16ú haois istigh ann go fóill, agus Túr na mBlaoscanna, ar radharc dhuairc é a tógadh chun fainic a chur ar na daoine gan tabhairt faoi éirí amach. Scíth le ligean agat? Téigh ar shiúlóid ar Chaolsráid dhoirneogach ghleoite na nGaibhne Stáin! Tá caiféanna agus bialanna iontacha anois ann in áit na ngaibhne stáin ó cheathrú na gceardaithe ba dhéanaí a mhair, mar a rabhthas ag tabhairt faoi cheird an ghabha stáin go dtí an bhliain 1990. Agus tapaigh an deis béile a chaitheamh in kafana, gnáth-thábhairne Balcánach, ina gcuirtear bia blasta agus siamsaíocht bheo ar fáil. Ní spéis stairiúil an t-aon chineál spéise atá le sonrú i gcathair Niš, áfach! Tá tionscadal idir lámha cheana chun bonneagar cathrach cliste a chur i bhfeidhm, agus úsáideann an chathair na sonraí chun trácht a bhainistiú, monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an aeir, agus caillteanas san eangach leictreachais a laghdú.
Tá sé dochreidte go bhfuil cuma nua-aimseartha atá ar an gcathair seo anois de thoradh crith talún ollmhór a scrios cuid mhaith den chathair in 1963. Mar sin féin, is ann go fóill do roinnt lonnaíochtaí Neoiliteacha i Scóipé laistigh den seandaingean óna bhfuil radharc amach ar lár nua-aimseartha na cathrach! Téigh ar shiúlóid i measc na siopaí ceardaíochta traidisiúnta sa seanbhasár spéisiúil, ceann de na margaí is mó dá bhfuil ann sna Balcáin. Ón áit sin, bí cinnte dul chomh fada leis an Droichead Cloiche, ceann de phríomhshiombailí na cathrach, a tógadh sa 15ú haois ar bhunsraith Rómhánach. Ó thaobh na siamsaíochta oíche de, tá sásamh le baint as an raon leathanach beár agus clubanna i Scóipé. Agus más mian leat níos mó a fheiceáil, íoslódáil an aip ‘My Skopje’ agus léigh leat faoi imeachtaí áitiúla agus an nuacht is déanaí, gan ach cuid den ábhar a lua. Tá an aip ina cuid thábhachtach den chéim dheireanach de thionscadal Cathrach Cliste Scóipé, darb aidhm saol níos fearr a chinntiú tríd an ardteicneolaíocht nuálach, timpeallacht níos sláintiúla, seirbhísí níos fearr, agus cumarsáid níos fearr leis na saoránaigh ina measc. Tá an Mhacadóin Thuaidh tar éis gealltanas láidir a thabhairt don ghlúin óg chomh maith. Tá an tír ag infheistiú MKD 150 milliún (isteach agus amach le €2,500,000) chun athoiliúint dhigiteach a chur ar fáil a bhuí le rannpháirtíocht ó Fhóram Digiteach ina bhfuil ionadaithe TFC ó ollscoileanna, na comhlachais tráchtála, saineolaithe TFC agus ionadaithe ón rialtas.
An é iógart an t-aon rud atá ar eolas agat faoin mBulgáir? Más é, tabhair leat spúnóg i do mhála droma agus ar aghaidh leat go Sóifia! Tá neart rudaí suimiúla i bpríomhchathair na Bulgáire le feiceáil, le triail agus le hithe! Agus tú i Sóifia, molaimid turas bia saor in aisce a dhéanamh leis an gcuideachta Balkan bites. Agus tú ag fánaíocht sa chathair álainn seo, déanfaidh tú stop ag 5 shiopa agus bhialann éagsúla chun foghlaim faoi shainiúlacht bia na Bulgáire. Agus más fearr leat eolas a chur ar an gcathair i d’aonar, íoslódáil léarscáil idirghníomhach Shóifia! Tá príomhchathair na Bulgáire ag obair léi chun bheith ina cathair chliste. Ghlac Sóifia páirt sa tionscnamh Dúshlán Cathracha Digiteacha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun Ionad Barr Feabhais Mórshonraí nua a chruthú. Shuiteáil an phríomhchathair 22 phointe rochtana ardchaighdeáin gan sreang freisin, agus cuireann siad Wi-Fi 100 Mb/s ar fáil saor in aisce.
An suim leat ailtireacht na nOtamánach? Caithfidh tú cuairt a thabhairt ar Edirne, mar sin! Rinneadh príomhchathair impireacht na nOtamánach di in 1363 agus is ann atá Mosc Selimiye, atá ina Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO ó bhí 2011 ann. Uaidh sin is féidir leat siúl go dtí Basár Ali Pasha, an margadh traidisiúnta faoi chlúdach a bhfuil breis agus 130 díoltóir ann. Féach leat na meyve sabunu – sópa ar a bhfuil cruth torthaí agus atá fíor-réalaíoch – ar i ngeall orthu a bhfuil clú agus cáil ar Edirne sa Tuirc. I mí an Mheithimh nó i mí Iúil, féadfaidh daoine a bhfuil dúil acu sna himeachtaí cultúrtha sult a bhaint as Kırkpınar, féile iomrascála ola, ar imeacht trí lá é atá dírithe ar spórt a théann siar go dtí an 14ú haois. Tá Edirne ag déanamh dul chun cinn mar chathair chliste ó thaobh na soghluaisteachta cliste de, a bhuí le teacht isteach na gCóras Iompair Cliste.
Is seoid ilghnéitheach é Iostanbúl i measc na gcathracha is mó ar domhan agus tá rian roinnt cultúr le sonrú ann. Is féidir leat do thuras a thosú trí chuairt a thabhairt ar an ardeaglais Hagia Sophia, rud nár cheart a chailleadh, an gnóthachtáil ailtireachta is mó san Impireacht Bhiosántach. Ón áit sin, tá go leor roghanna agat! Ar thaobh amháin, tá an Mosc Gorm pictiúrtha ann nach bhfuil ach cúpla céim ar shiúl. Ar an taobh eile, is féidir leat dul chuig Pálás Topkapi ina bhfuil maisiúcháin iontacha le feiceáil: léiriú iontach den ealaín Ioslamach. Chomh maith leis na hiontais ealaíonta a thugann léargas ar stair éachtach na cathrach, tá Iostanbúl ag réiteach a bhealaigh féin i dtreo na todhchaí freisin. Chuir an chathair tús le clár digitithe fadréimseach a dhíríonn ar ocht réimse, ina measc sin an tsoghluaisteacht, an comhshaol agus an rialachas, agus í ag brath ar chuspóirí straitéiseacha chun caighdeán na beatha a fheabhsú.