Photo by David Menidrey on Unsplash
Bealaí iontacha agus traidisiúin scáfara san Eoraip
An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 22/10/2025
An bhfuil tú réidh le roinnt de thraidisiúin scáfara na hEorpa a fhiosrú?
Páistí na 90idí, seans gur bhain an scannán "Nightmare Before Christmas" le Tim Burton scanradh mór astu. Is fíor freisin, i dtaca le scannán ar nós "Coco", ina ndéantar ceiliúradh ar an tsaoire Mheicsiceach, Dia de los Muertos, gurb é an tógáil croí agus an tocht a chuireann sé ar dhuine ar na saolta seo (táim ag caint libhse, a dhaoine fásta!).
Ach, má tá scéalta mistéireacha scanrúla uait, níl ort ach iad a iarraidh. Bíonn an deis ann i gcónaí drithlíní fuachta a chur le droim duine, go háirithe timpeall na hEorpa ag an am seo den bhliain.
Mar sin, soiprigh thú féin, faigh cupán tae (nó píosa de thoirtín puimcín) agus pleanáil an chéad turas scanrúil eile san Eoraip duit féin!
An tús (is dóigh)
An raibh a fhios agat go dtagann Oíche Shamhna, ar a ndéantar ceiliúradh mór sa lá atá inniu ann, ón deasghnáth Cheilteach Samhain a tharla ag deireadh an fhómhair? An t-am sin, thosaítí an bhliain nua ar an 1 Samhain. Ar an oíche roimhe, ghabhadh na daoine, arbh fheirmeoirí iad den chuid is mó, buíochas as an méid a bhain siad sa fhómhar agus réitídís don gheimhreadh.
Chreidtí go n-éiríodh an chaille a scarann an dá shaol – na beo agus na mairbh – níos tanaí agus níos tanaí ar an oíche sin, agus go mbíodh sé níos éasca mar sin do na spioraid teacht anonn i gcomhair cuairt ghairid.
Ar chuala tú finscéal Sheán na Gealaí? Scéal de chuid na hÉireann faoi chaimiléir ólta ar sháraigh a ae é agus ar chuir a cholainn féin chun báis é, tar éis dó an ceann is fearr a fháil ar an mBás cúpla uair. Fágadh an chuid eile faoi karma agus diúltaíodh Seán bocht a scaoileadh thar thairseach gheataí Ifrinn. Saol idir an dá dhomhan a bhí i ndán dó, ag siúl thart le haibhleog dhearg taobh istigh de thornapa a raibh an croí bainte as.
Is dóigh gur thosaigh sé sin traidisiún na linne seo de Sheán na Gealaí: puimcín snoite a gcuirtear solas taobh istigh de agus a lasann an tslí do na leanaí a théann ó dhoras go doras, ag caitheamh éide agus ag déanamh aithris ar na spioraid.
An bhfuil fonn ort: cá rachaidh tú?
Ag coinneáil leis an téama, níl sárú na Ríochta Aontaithe ann le haghaidh do shaoire i mí na Samhna. B’fhéidir gurb é seo do dheis chun cuairt a thabhairt ar Nessie, ollphéist Loch Nis, ainbheithíoch na nGarbhchríoch ar tháinig tóir uirthi sna 1930idí.
Agus tú sa Bhreatain, cuir faitíos ort féin trí bhreathnú ar dhoinsiúin Londan nó Dhún Éideann, nó an dá cheann más maith leat. Mura dtaitníonn sé leat a bheith faoi thalamh fan go dtí an 5 Samhain (“Remember Remember...”) agus más maith leat “V for Vendetta”, ní féidir leat cailleadh amach ar Lá Guy Fawkes. Lastar tinte cnámh agus tinte ealaíne i gcuimhne ar Chomhcheilg an Phúdair in 1605 nuair a rinne Fawkes, comhchealgaire Caitliceach, iarracht Tithe na Parlaiminte a phléascadh agus an Rí Protastúnach Séamas I a mharú, ach theip ar a phlean.
Má thrasnaíonn tú Muir nIocht chuig an mór-roinn is féidir leat cuairt a thabhairt ar Mhúsaem na Céastóireachta in Amstardam. Tabharfar deis duit ansin breathnú ar stair na hEorpa agus féachaint ar 40 uirlis phionóis agus chéastóireachta as tíortha éagsúla, i measc nithe eile.
Ós ag trácht ar uirlisí muid, an raibh a fhios agat, ar Lá na Naomh Uile, go gcuireadh roinnt Gearmánach sceana i bhfolach sna tithe? Cén fáth? Ionas nach ngortófaí na taibhsí agus na spioraid, ar dóchúil gur baill mharbha dá dteaghlaigh féin a bhí iontu, a d’fhéadfadh a bheith ag siúl timpeall an tí ar an lá sin. Agus cheap tusa nach raibh aon cholainn ag na gúil!
Is cosúil go bhféadfadh ocras agus/nó tart a bheith orthu freisin agus mar gheall air sin, cosúil leis an nós go bhfágann leanaí milseáin amuigh do Dhaidí na Nollag, cuireann muintir na hOstaire arán agus uisce ar fáil do spioraid a mbíonn ocras orthu.
Mar sin féin, b’fhéidir gurbh fhearr leatsa na hanamacha a shamhlú beagán níos ábhartha, mar chnámha a bhogann i gcruth cnámharlaigh, cuir i gcás. Sásóidh trí láthair éagsúla i dtrí thír Eorpacha d’fhiosracht, seo linn anoir.
Achar gairid ó Phrág, príomhchathair álainn Phoblacht na Seice, tá an baile Kutná Hora ina bhfuil beagán os cionn 20,000 cónaitheoir. Is ann atá Cnámhlann Sedlec, Séipéal Caitliceach Rómhánach a cruthaíodh in 1278 agus atá suite faoi Reilig Shéipéal na Naomh Uile. An bhfaca tú crann solais déanta de chnámha riamh? Agus ní cinn randamacha! Agus tú ag stánadh air, tugtar dúshlán duit os cionn 200 cineál éagsúil cnámh as colainn an duine a aimsiú. Tá idir 40,000 agus 70,000 cnámharlach sa Chnámhlann féin, os cionn trí oiread an daonra sa bhaile is cóngaraí.
Tar éis eitilt ghairid nó turas traenach fada chuig an Iodáil beidh tú in ann radharc eile cosúil leis sin a fheiceáil, i lár phríomhchathair eacnamaíoch na tíre, Milano. Má stopann tú go tapa ag meitreo San Babila, agus díreach taobh thiar den Duomo maorga, is féidir leat teacht ar thearmann beag agus an-aisteach: San Bernardino alle Ossa. Cnámha agus blaoscanna in ionad ballapháipéir, cnámha agus blaoscanna ar an tsíleáil, cnámha agus blaoscanna i ngach áit. Is cosúil, ag tús na Mílaoise deireanaí, nach raibh dóthain spáis do na cnámha a bhí ag teacht ón ospidéal in aice láimhe agus mar sin gur ghá dóibh a bheith beagán cruthaitheach.
Má théann tú siar níos faide, i gcathair Evora na Portaingéile, tiocfaidh tú ar chnámhlann bunaithe ar an gceann Iodálach, Séipéal Cnámh ón 16ú haois ina bhfáiltítear roimh chuairteoirí le hinscríbhinn mhealltach: “Nós ossos que aqui estamos, pelos vossos esperamos,” nó: “Táimidne, na cnámha, anseo ag fanacht le do chuidse.” Ar tháinig drithlíní eagla ort go fóill?
Rud le barr maise a chur ar an scéal: Caisleán Bran (nó Caisleán Dracula mar is fearr aithne air) sa Trasalváin . Ná fág ar lár ceann de na háiteanna atá nasctha leis an vaimpír cháiliúil agus críochnaigh do thuras le picnic scanrúil i bhForaois Hoia Baciu sa Rómáin ina bhfuil crainn áille chama a chuirfeadh cumha ort i ndiaidh na Coille Coiscthe ag Hogwarts.
Nuair a shroicheann tú í, bíodh féasta agat ar éadach boird traidisiúnta dearg agus bán, cúpla úll taifí, píosa de phuimcín agus roinnt “fave dei morti” mar a thugann na hIodálaigh orthu: “pónairí leathana na marbh”.
Anois tá scéalta agat, tá bia agat agus tá áiteanna agat le cuairt a thabhairt orthu. Beir leat d’éide; cuirfidh na seantraidisiúin Eorpacha faoi gheasa thú agus ná bíodh aon imní ort, úsáideann daoine seanbhraillín ina bhfuil dhá pholl go fóill!