Skip to main content
Europe, as seen from a globe © calvinhanson - Unsplash

Ní gá dul ar an eitleán i gcónaí

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 13/11/2023

 Toisc go bhfuil go leor tíortha as an Eoraip gar don bhaile, beidh tú in ann do cheann scríbe a shroicheadh ar bhealaí difriúla: tá an traein, an bus agus an bád farantóireachta i measc roinnt de na roghanna le taisteal ar fud na hEorpa agus an Eoraip a fheiceáil.

Rothar
 

Téigh ag rothaíocht ar fud na hEorpa, ar aistear breá nach ndéanfaidh dochar don chomhshaol. Tá beagnach 90 000 km de bhealaí rothaíochta ann chun an Eoraip a fheiceáil. Tosaigh ag pleanáil do thurais agus déan amach cé mhéad lá a theastóidh uait chun an bealach EuroVelo atá roghnaithe agat a thaisteal ar do rothar.

Traein

Suigh siar agus lig do scíth agus an tuath ag dul tharat! Is bealach aoibhinn é taisteal ar thraein le dul ó chathair go cathair, i ngrúpaí beaga agus móra. Is é an modh iompair is glaise agus is glaine é freisin!
Nuair a bhíonn tú ag déanamh áirithinte roimh ré trí acmhainní ar nós InterRail, Rail Europe, Eurail, OmioRegioJet féadfaidh tú cúrsa taistil den scoth a chruthú. Bíonn an rogha ann taisteal d’oíche, mar sin beidh tú in ann do scíth a ligean freisin sula sroicheann tú do chéad cheann scríbe eile. Cuimhnigh go gcaithfidh tú smaoineamh ar dhaoine eile a bheidh ag taisteal má bhíonn tú ag taisteal thar oíche nó i ngrúpaí móra, b’fhéidir nach mbeadh fonn damhsa ar gach duine!

Bus

Tá cuid de na buntáistí céanna leis an mbus agus atá leis an traein, cuir i gcás an deis sult a bhaint as na radhairc agus taisteal i rith na hoíche. Cé go mbíonn sé níos moille in áiteanna, b’fhéidir nach mbeadh aon rogha eile agat chun dul chomh fada le suíomh iargúlta. Féadfaidh tú Omio, BusbudComparabus a úsáid mar shampla chun na táillí is saoire a fháil. 

Carr

Is cuma carr agat nó uait, féadfaidh tú carr a roghnú fós mar do mhodh taistil timpeall na hEorpa. Féadfaidh tú uirlis chomparáide a úsáid, ar nós RentalCars, KayakAuto Europe. Féadfaidh tú carr a roinnt le daoine eile freisin le Road Sharing. Fágfaidh na roghanna sin go mbeidh do thuras níos solúbtha, níos sóisialta agus beagán níos glaise! Tá Blablacar ann freisin, a nascann tiománaithe a mbíonn suíocháin folmha acu le daoine a bhíonn ar thóir síbe timpeall na hEorpa. 

Is cuma cé acu rogha is fearr leat, déan cinnte de go seiceálann tú na sonraí árachais (agus na praghsanna!), agus tabhair cóip de d’áirithint leat i gcónaí. Blocálann formhór na gcuideachtaí carranna an méid saincheadúnais ar do Visa/MasterCard mar éarlais, déan cinnte de go bhfuil an acmhainn sin ar do chárta creidmheasa, mar mura bhfuil beidh ort árachas breise a íoc.

Bád farantóireachta

B’fhéidir nár smaoinigh tú air roimhe seo, ach d’fhéadfadh an bád farantóireachta thar oíche a bheith ar an rogha is fearr duit uaireanta, go háirithe má tá tú timpeall na Meánmhara nó i gCríoch Lochlann. Féach mar shampla Ferrylines.comAferry.com agus pioc an bealach is fearr a oirfidh duit!

Is cuma cén modh iompair a roghnaíonn tú do do thuras, déan cinnte de go mbeidh do chearta mar phaisinéir ar eolas agat, íoslódáil an aip ar Chearta Paisinéirí ar d’fhón cliste agus as go brách leat!