Skip to main content
Submitted by Ioannis KOURTIS on
Draw lines
Yes
Color
#f44336
Cities/Points
Name
Leipzig
Country
an Ghearmáin
Population
593000
Why visit?

Is crann taca cheol clasaiceach na Gearmáine é Leipzig, agus is sa chathair sin a rugadh agus a cuireadh oideachas ar Richard Wagner. D’oibrigh Bach anseo idir 1723 agus 1750 agus tugtar urraim dá oidhreacht le Comórtas Idirnáisiúnta Bach agus le Féile Cheoil Bachfest. Tá an ceol mar chuid d’anam agus d’fhéiniúlacht na cathrach, agus leis na céadta blianta tá ceoltóirí agus institiúidí ceoil á mealladh aici. Mar thoradh air sin, bronnadh an Lipéad Oidhreachta Eorpach ar naoi láithreán a mbaineann tábhacht cheoil leo ar fud na cathrach – ó eaglaisí go hinstitiúidí oideachais. Tugtar Láithreáin Oidhreachta Ceoil Leipzig ar na láithreáin sin le chéile, agus léiríonn siad tréimhsí éagsúla ó stair cheoil na cathrach, sin agus taispeánann siad an raon gníomhaíochtaí ceoil a bhí ar siúl sa chathair ón 13ú haois. Agus tú ar an mbaile, téigh ag spaisteoireacht trí Leipziger Notenspur (Bealach Ceoil), atá 5.3km ar fhad. Ar an aistear sin, feicfidh tú Músaem na nIonstraimí Ceoil agus an Crann Caife Arabach, an teach caife is sine sa Ghearmáin. Is sa chathair sin freisin a bhíonn Leipziger Improvisationsfestival für Alte Musik nó Féile Tobchumadóireachta Leipzig don Seancheol ar siúl. Dar leis an bhféile sin, is píosaí oidhreachta cultúrtha iad cleachtais tobchumadóireachta stairiúla agus bíonn meascán de cheolchoirmeacha, ceardlanna agus seisiúin jeamála mar chuid di. Ar a bharr sin, seans go gcuirfidh tú spéis i Melt!, Full Force agus Splash!, trí fhéile a bhíonn ar siúl ó thuaidh ag Ferropolis, ionad amuigh faoin aer. Is músaem beo é Ferropolis atá líon lán de stair thionsclaíoch shuntasach, agus tugann sé comhthéacs ar leith do cheolchoirmeacha agus d’imeachtaí.

Image
Leipzig
Coordinates
51.3419134,12.253553
Tags with icon
European Heritage Label
Notable Museums
Great for Performance Arts
Name
Hamburg
Country
an Ghearmáin
Population
1847000
Why visit?

Sa Ghearmáin, ‘Tairseach chuig an Domhan’ ar Hamburg, an dara cathair is mó sa tír. Bhí sé ar cheann de na cathracha a bhunaigh Líonra na gCathracha Ceoil, cumann idirnáisiúnta a thugann cathracha ceoil agus lucht déanta beartas le chéile. Is sa chathair sin a bunaíodh Hamburger Schule (Scoil Hamburg), gluaiseacht ceoil a réitigh an bealach do phopcheol i nGearmáinis. Is láithreáin Oidhreachta Domhanda UNESCO iad péire dá cheantair, Speicherstadt agus Kontorhaus. Agus tú ar an mbaile, bí cinnte cuairt a thabhairt ar cheantar Naomh Pauli, a bhfuil cáil air freisin mar gheall ar an iliomad clubanna ceoil atá le fáil ann. Is sna clubanna ceoil sin a chuir go leor ceoltóirí ar nós na Beatles tús lena ngairmréim. Féadfaidh tú aithne a chur freisin ar bhuaiteoirí Ghradaim ‘Bain Ceol as an Eoraip’ ag féile bhliantúil Reeperbahn. Ar deireadh, ná caill Elbphilharmonie, sainchomhartha nua Hamburg – halla ceolchoirme in iarstóras cuain. Is fiú a lua freisin Féile Cheoil Wacken faoin aer atá ar cheann de na féilte ceoil miotail throm is íocónaí ar domhan. Bíonn sí ar siúl gar do Hamburg.

Image
Hamburg
Coordinates
53.5586941,9.7877399
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Great for Performance Arts
Exciting Culinary Options
Name
Aarhus
Country
an Danmhairg
Population
355000
Why visit?

Bhí an ceol i gcónaí ina chuid thábhachtach de DNA cultúrtha Aarhus. Tá an chathair ina cuid de Líonra na gCathracha Ceoil agus bronnadh Príomhchathair Chultúir na hEorpa uirthi in 2017. Ó cheolchoirmeacha móra ag Musikhuset Aarhus go ceolchoirmeacha rac-cheoil ag VoxHall, tá rud éigin ann a oireann do gach blas ceoil. Tá os cionn 1,000 imeacht thar 10 lá mar chuid d’Fhéile Aarhus le healaíontóirí idirnáisiúnta agus áitiúla atá tarraingteach do dhaoine de gach aois, rud a fhágann go bhfuil sí ar cheann de na himeachtaí cultúrtha is mó i dTuaisceart na hEorpa. Is in Aarhus freisin a bhíonn Féile Snagcheoil Aarhus ar siúl, féile ocht lá leis na céadta ceolchoirmeacha ar fud na cathrach, agus tá go leor acu saor in aisce le freastal orthu. Chun blaiseadh den stair a fháil, tabhair cuairt ar Den Gamle By, músaem mór faoin aer atá cosúil le lúbra ina n-athchruthaítear saol na Danmhairge sa 18ú agus 19ú haois. Ní féidir cuairt a thabhairt ar Aarhus gan siúl ar Panorama Rainbow, siúlóid chiorclach 150 méadar atá suite ar bharr Mhúsaem Ealaíne ARoS.

Image
Aarhus
Coordinates
56.1781797,10.1119352
Tags with icon
European Capital of Culture
Great for Performance Arts
Exciting Culinary Options
Name
Roskilde
Country
an Danmhairg
Population
88000
Why visit?

Is cathair atá saibhir ó thaobh an chultúir de í Roskilde agus samhlaítear í agus a féile cheoil le chéile i gcónaí. Bíonn na príomhimeachtaí ceoil ar siúl thar thréimhse ceithre lá, ach gach seans go mbeidh tú in ann rochtain a fháil ar an ionad sula dtosaíonn an fhéile chun taitneamh a bhaint as an atmaisféar. Is í féile Roskilde an fhéile is mó sa réigiún Nordach agus tá sé chomh tábhachtach sin don chathair gur tógadh Musicon a bhuí léi, ar mol cultúrtha é atá lonnaithe in iar-mhonarcha coincréite. Anuas air sin, ní hí an chathair féin a reáchtálann an fhéile, ach Cumann Carthanachta Fhéile Roskilde, eagraíocht neamhbhrabúis a bhronn breis agus €55 mhilliún ar thionscadail dhaonnúla, chultúrtha agus neamhbhrabúis ar fud an domhain ó 1971 i leith. Agus tú i Roskilde, ná dearmad cuairt a thabhairt ar Ragnarock, músaem atá tiomnaithe do rac-cheol, do phopcheol agus do chultúr na hóige.

Image
Roskilde
Coordinates
55.6702573,11.9412243
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Notable Museums
Plenty of Nature
Walkable City
Name
Norrköping
Country
an tSualainn
Population
144000
Why visit?

Tá Norrköping suite taobh leis an Muir Bhailt ar chósta thoir na Sualainne, agus ba chathair thábhachtach í le linn na Réabhlóide Tionsclaíche. Is Cathair Cheoil UNESCO í ó 2017 agus tá saol saibhir ceoil aici a chuimsíonn seánraí ó chlasaiceach go leictreonach. Tá Ceolfhoireann Shiansach Norrköping ar cheann de na ceolfhoirne is cáiliúla i gCríoch Lochlann, le suas le 85 cheoltóir.

Déanann Norrköping a thionscail chultúrtha agus chruthaitheacha a chomhtháthú go gníomhach ina fhorbairt uirbeach. Tá sean-halla ceolchoirme Hörsalen á chlaochlú ina mhol ceoil do dhaoine óga agus tacaíonn tionscal an cheoil leis an bpobal imirceach le deiseanna fostaíochta.

Image
Norrköping
Coordinates
58.5867344,16.1142153
Tags with icon
Great for Performance Arts
Plenty of Nature
Walkable City
Name
Gothenburg
Country
an tSualainn
Population
564000
Why visit?

Is é Gothenburg an dara cathair is mó sa tSualainn. Bunaíodh í in 1621 mar mhol iascaireachta tráchtála agus tá sí ar cheann de chathracha bunaidh Líonra na gCathracha Ceoil. Tá traidisiún ceoil bríomhar aici agus is ann a rugadh go leor ceoltóirí móra le rá, Björn Ulvaeus de chuid ABBA agus an t-amhránaí-scríbhneoir José González ina measc. Léirítear traidisiúin cheoil na cathrach san fhéile Way Out West, imeacht trí lá le ceoltóirí agus grúpaí íocónacha ó hip-hop go rac malartach agus leictreonaic. In 2014 tugadh aitheantas d’iarrachtaí na cathrach iompar, tithíocht agus fostaíocht a dhéanamh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta nuair a bhuaigh sí Gradam an Aontais Eorpaigh don Chathair is Inrochtana an bhliain sin. Téigh ar shiúlóid feadh a canálacha agus cuir eolas ar Feskekôrka, an margadh éisc stairiúil a bhfuil cruth neamhghnách cosúil le séipéal air. Glac sos ansin agus bain sult as an nós Sualannach ‘fika’ in Haga, nuair a ghlactar sos chun caife a ól agus cácaí a ithe in éineacht le daoine eile. Pleanáladh an chomharsanacht spreagúil sin ar dtús mar an chéad bhruachbhaile in Gothenburg sa 17ú haois, agus anois is limistéar de lár na cathrach í nach féidir a chailliúint, lena sráideanna doirneogacha agus tithe adhmaid dea-chaomhnaithe ón 19ú haois.

Image
Gothenburg
Coordinates
57.715587795768656, 11.977601905165173
Tags with icon
Access City Award Winner
Notable Museums
Great for Performance Arts
Walkable City
Coordinates
59.9141547101957, 10.755441267407226
Name
Stavanger
Country
an Iorua
Population
145000
Why visit?

Ba é Stavanger Príomhchathair Chultúir na hEorpa in 2008, áit a ndéantar ceiliúradh roinnt uair sa bhliain ar an gceol le féilte snagcheoil, rac-cheoil, ceoil tíre agus go leor eile. Gach seans gurb í an ceann is cáiliúla Féile Ceoil Idirnáisiúnta Stavanger don Cheol Aireagail. Ag an bhféile sin, canann amhránaithe aonair a bhfuil cáil domhanda orthu in éineacht le hamhránaithe nua-aimsithe.

Chun blaiseadh den stair a fháil, tabhair cuairt ar Gamle Stavanger, ceantar beag stairiúil le níos mó ná 170 foirgneamh adhmaid ón 18ú agus ón 19ú haois a athchóiríodh go hálainn. An bhfuil an nádúr uait? Téigh ar thuras báid chun cur amach a fháil ar Lysefjord agus Carraig Pulpit, a ardaíonn 600m os do chionn.

Image
Stavanger
Coordinates
58.97870749788698, 5.736232033837797
Tags with icon
European Capital of Culture
Notable Museums
Plenty of Nature
Walkable City