Skip to main content
Submitted by Roxanne VAN DE… on
Draw lines
Yes
Color
#0000ff
Cities/Points
Name
Bonn
Country
an Ghearmáin
Population
330000
Why visit?

Ba é Bonn príomhchathair Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine go dtí 1990. Tá a stair doiciméadaithe go maith sa Haus der Geschichte (Teach Stair Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine), ceann de na músaeim Gearmánacha is mó éilimh air.
Cuirtear béim ar thábhacht chultúrtha Bonn lena stádas mar bhaile an chumadóra cháiliúil Ghearmánaigh Ludwig van Beethoven. Tá an bailiúchán Beethoven is mó ar domhan sa chathair, le scóir agus uirlisí bunaidh ar taispeáint sa teach inar rugadh é. 

Image
Bonn
Coordinates
50.7035976,6.9737783
Tags with icon
Historic Architecture
Plenty of Nature
UNESCO World Heritage List
Name
Strasbourg
Country
an Fhrainc
Population
401000
Why visit?

Is cathair í Strasbourg atá saibhir ó thaobh an chultúir de, agus d’athraigh sí a náisiúntacht ceithre huaire laistigh de 75 bliana, idir 1870 agus 1945. Suíomh oidhreachta UNESCO is ea lár na cathrach, áit a bhfuil caidreamh le feiceáil idir tionchair na Fraince agus na Gearmáine araon. Sa cheantar Eorpach, ar bronnadh an Lipéad Oidhreachta Eorpach air in 2015 a bhuí lena ról i lánpháirtiú agus daonlathas na hEorpa, tá roinnt sárthaispeántas den ailtireacht chomhaimseartha, Parlaimint na hEorpa ina measc. 
Nuair a bheidh tú in Strasbourg, téigh chuig an droichead i nGairdín an Dá Chladach – ansin is féidir seasamh le cos amháin sa Fhrainc agus cos eile sa Ghearmáin.
 

Image
Strasbourg
Coordinates
48.5691668,7.6920398
Tags with icon
European Heritage Label
UNESCO World Heritage List
Historic Architecture
Rich in Music
Name
Schengen
Country
Lucsamburg
Population
4900
Why visit?

Sráidbhaile beag in oirdheisceart Lucsamburg is ea Schengen atá suite ag triantán teorann na Gearmáine, na Fraince agus Lucsamburg. Is anseo a síníodh Comhaontú Schengen, rud a chuir deireadh le seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha idir formhór thíortha an Aontais. Ina theannta sin, tá an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin, ar Stáit nach Ballstáit den Aontas iad, tar éis dul isteach i Limistéar Schengen.
Ní mór cuairt a thabhairt ar Mhúsaem na hEorpa nuair a bheidh tú in Schengen – anseo is féidir leat foghlaim faoin gcaoi ar fhorbair an Eoraip i dtreo mór-roinn níos aontaithe le saoránacht choiteann. Tá cáil ar an sráidbhaile freisin mar gheall ar an iliomad fíonlann agus fíonghort atá le fáil ann. Téigh ag spaisteoireacht feadh abhainn Moselle, agus go leor fíonghort ar an dá thaobh di, agus beidh tráthnóna ciúin suaimhneach agat. Bronnadh an lipéad Oidhreachta Eorpach ar shráidbhaile Schengen in 2017.
 

Image
Schengen
Coordinates
49.4991305,6.2918057
Tags with icon
European Heritage Label
Plenty of Nature
UNESCO World Heritage List
Name
Esch-sur-Alzette
Country
Lucsamburg
Population
35000
Why visit?

Tá Esch-sur-Alzette suite i ndeisceart Lucsamburg agus tá sí ar an dara cathair is mó sa tír i ndiaidh na príomhchathrach. Bhí cur amach ag an saol mór ar an mbaile mar bhaile mianadóireachta tionsclaíoch ach anois, tá sé tagtha chun bheith ina theophointe cultúrtha ann féin, rud atá léirithe sa chaoi gur bronnadh an teideal Príomhchathair Chultúir na hEorpa 2022 air. An rud is mó a rinneadh chun claochlú a dhéanamh ar an mbaile ná seanfhoirgnimh a athshamhlú - tá Ollscoil Lucsamburg agus Rockhal, an t-ionad ceoil is mó i Lucsamburg anois suite in Blast Furnace Belval.

Image
Esch-sur-Alzette
Coordinates
49.489239,5.938406
Tags with icon
European Capital of Culture
Plenty of Nature
Walkable City
Name
Tournai
Country
an Bheilg
Population
69000
Why visit?

Ba í Tournai céad phríomhchathair na Fraince agus tá sí ar cheann de na cathracha is sine sa Bheilg, os cionn 2,000 bliain d’aois. Is Láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO í Ardeaglais Notre Dame ar a bhfuil cúig thúr, struchtúr maorga nach féidir a chailleadh – agus mar sin is é an cloigtheach sin, an cloigtheach is sine sa Bheilg.
An mbíonn tú faoi gheasa ag an stair? Foghlaim faoi stíleanna maireachtála mhuintir na háite sna 23 sheomra taispeántais in Maison Tournaisienne – Musée de Folklore. Nó tabhair cuairt ar Mhúsaem Taipéise Tournai lena bhailiúchán de 250 sárshaothar taipéise – téann cuid acu siar go dtí an 15ú haois!

Image
Tournai
Coordinates
50.6207142,3.3404644
Tags with icon
UNESCO World Heritage List
Walkable City
Name
Maastricht
Country
an Ísiltír
Population
121000
Why visit?

Is cathair í Maastricht atá sáite i dtraidisiún na hEorpa agus is siombail í de lánpháirtiú na hEorpa; ba anseo a tháinig na 12 Bhallstát den Aontas, mar a bhí ag an am, ar chomhaontú in 1992 maidir leis an aontas airgeadaíochta as ar eascair tabhairt isteach an euro. Áiríodh freisin i gConradh Maastricht, a bhfuil Lipéad Oidhreachta Eorpach aige féin, forálacha chun inniúlachtaí an Aontais a leathnú chuig an gcultúr agus chuig an gcomhshaol, i measc nithe eile.
Is cathair lán le margaí í Maastricht. Bíonn an príomhmhargadh oscailte gach Céadaoin agus Aoine, agus ar laethanta eile, tiocfaidh tú ar mhargadh éisc, margadh na míolta agus margadh orgánach timpeall na cathrach. Bain triail as slisne vlaai Limburg, toirtín torthaí croíúil atá traidisiúnta don réigiún.

Image
Maastricht
Coordinates
50.8578842,5.630867
Tags with icon
European Heritage Label
Notable Museums
Plenty of Nature
Name
Leiden
Country
an Ísiltír
Population
125000
Why visit?

Is i Liden atá an ollscoil is sine san Ísiltír lonnaithe, agus tugtar ‘Cathair na bhFionnachtana’ uirthi toisc gur rinneadh go leor d’fhionnachtana ceannródaíocha an domhain ansin. Níl i dTeoiric na hOllphléisce, Bealach na Bó Finne nó forsheoltacht ach cúpla ceann de na fionnachtana sin.
Nuair a bheidh tú in Leiden, tabhair cuairt ar Ionad Bithéagsúlachta Naturalis – ar ar bronnadh an gradam Músaem Eorpach na Bliana 2021 as a bhailiúchán láidir de thaispeántais nádúrtha. Rud eile nár cheart a chailleadh ná turas níos mó ná 100 dán, i dteangacha éagsúla, a mhaisíonn ballaí seachtracha an fhoirgnimh.
 

Image
Leiden
Coordinates
52.1517843,4.4466504
Tags with icon
Historic Architecture
Notable Museums
Walkable City