Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Ráthófar an tsábháilteacht agus an tslándáil faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil ar thrí leibhéal ionas nach ndéanfar aon dochar do na hoibrithe deonacha i gcás ar bith: is iad na trí leibhéal sin Rialachán an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, na bearta cáilíochta lenar chláraigh na heagraíochtaí, agus ullmhúchán críochnúil na n-oibrithe deonacha le haghaidh a n-imscartha. 

  • Mar a fhoráiltear sa Rialachán, ní féidir aon imscaradh a dhéanamh i dtíortha ina bhfuil coinbhleachtaí armtha leanúnacha ar siúl. 
  • Maidir leis na heagraíochtaí, cé go bhfuil an Lipéad Cáilíochta níos simplí ná an creidiúnú faoi Thionscnamh an Aontais maidir le Saorálaithe Cabhrach a bhí ann roimhe seo, tá forálacha an-dian ann maidir le cumas sábháilteacht agus slándáil oibrithe deonacha a bhainistiú, agus ní dheonófar é ach do na heagraíochtaí sin a mheastar a bheith in ann dearbhuithe áititheacha a thabhairt ina leith sin. 
  • Ina theannta sin, i gcás na n-oibrithe deonacha, is ar ardcháilíocht atá an oiliúint shonrach don Chór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, agus béim láidir ar shábháilteacht agus ar shlándáil ann chun a chur ar a gcumas do na hoibrithe deonacha freagairt i gcásanna contúirteacha neamhghnácha agus a bheith sábháilte. 
     
An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach
Weight
141