Skip to main content
Volunteers from Tratwa Associacion in Wroclaw in Poland are doing amazing work by producing protective helmets and masks for Wrocław hospitals. ©TRATWA Volunteers from Tratwa Associacion in Wroclaw in Poland are doing amazing work by producing protective helmets and masks for Wrocław hospitals. ©TRATWA

Tá rannpháirtithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ag cuidiú chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 03/06/2020

Is le gníomhartha beaga cineáltais agus comhbhá a scaiptear dóchas. Tá rannpháirtithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh réidh chun cúnamh a thabhairt más féidir le linn ráig COVID-19.

Bíodh siad ag déanamh siopadóireacht bhia do dhaoine scothaosta, ag fuáil masc nó ag cruthú ábhair oideachais ar líne do pháistí, tá na daoine óga seo spreagtha agus tiomanta chun dúshláin a thabhairt chucu féin agus tacú le daoine atá i lúb an ghátair.

Sa Chróit, tá oibrithe deonacha ó The Circles – An Lárionad Oideachais, Comhairleoireachta agus Oibre Carthanachta ag cuidiú le daoine aosta. D'ainneoin na srianta atá orthu, cuir i gcás easpa iompair phoiblí, tá oibrithe deonacha ag seachadadh earraí grósaera, cógas agus earraí riachtanacha eile orthu siúd atá i lúb an ghátair, rud a chuidíonn chun an baol ionfhabhtaithe a laghdú do na daoine is leochailí sa tsochaí. I Szczecin na Polainne, réitíonn oibrithe deonacha ón eagraíocht Caritas 500 pacáiste bia do sheanóirí gach lá. Oibrithe deonacha atá ag obair leis an bhfondúireacht CampoSfera atá lonnaithe i sráidbhaile beag i Świętokrzyskie, cúige i ndeisceart na Polainne, thosaigh siad ag cur seirbhís siopadóireachta ar fáil. 

Tá oibrithe deonacha ón eagraíocht Nevo Parudimos sa Rómáin gnóthach ag fuáil chun maisc chosanta a dhéanamh. Deonaíonn siad na maisc do dhaoine nach bhfuil in acmhainn iad a cheannach i Resita. Nuair a thosaigh siad amach, cheannaigh siad lón cadáis agus banda leaistigh chun 5,000 masc a dhéanamh agus sheol siad feachtas chun meaisíní fuála a bhailiú ó mhuintir na háite. Tá obair iontach ar bun ag oibrithe deonacha ó Tratwa Associacion i Wrocław na Polainne, iad ag déanamh clogaid chosanta agus masc d'ospidéil atá suite i Wrocław.

Tá a dtionscadal dlúthpháirtíochta féin, darb ainm Fresh Table, forbartha ag daoine óga san Ísiltír. Leis an tionscadal, dírítear ar bhia sláintiúil a chur ar fáil ar phraghas inacmhainne. Tá béilí á gcur ar fáil acu in Breda agus i Rotterdam agus le linn ghéarchéim COVID-19, tháinig méadú as cuimse ar an éileamh ar líne.

Tá níos mó éilimh ná riamh ar ghníomhaíochtaí ar líne. San Fhionlainn, daoine óga ó thionscadal dlúthpháirtíochta faoi stiúir na n-óg darb ainm Y-line, éascaíonn siad comhráite idir daoine a bhfuil cumha orthu agus daoine atá oilte sa phiarthacaíocht. Oibrithe deonacha leis an eagraíocht ACTOR sa Rómáin, tá gníomhaíochtaí oideachais ar líne á bhforbairt acu do pháistí idir trí bliana d'aois agus dhá bhliain déag d'aois.

Ar mhaith leat tuilleadh scéalta a léamh ó rannpháirtithe? Cliceáil anseo.

An bhfuil tusa spreagtha chun cúnamh a thabhairt freisin? Tacaíonn an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach le tionscadail a fhorbraíonn eagraíochtaí nó daoine óga. Eagraíochtaí ar mian leo difear a dhéanamh, féadfaidh siad moltaí a chur isteach le haghaidh tionscadail oibre deonaí, tionscadail fostaíochta nó tionscadail oiliúna suas go dtí an 7 Bealtaine. Is féidir le daoine óga a dtionscadal dlúthpháirtíochta féin a fhorbairt agus suas le €500 a fháil in aghaidh na míosa chun tacú lena ngníomhaíochtaí áitiúla faoi stiúir na n-óg. Féadfaidh tú tuilleadh eolais a fháil agus léamh faoin bpróiseas iarratais anseo. Cuirfear tús leis na tionscadail ón 1 Lúnasa 2020. Ná seas i leataobh, glac páirt in #EUSolidarity!