© www.istockphoto.com / 1077668798 / im a photographer and an artist
Faigh inspioráid ó chosantóirí chearta an duine
An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 27/08/2021
Le Duaiseanna agus Comhaltachtaí Sakharov, seasann Parlaimint na hEorpa leis na daoine a chuireann iad féin i mbaol ar son chearta an duine. A bhuí leis an tacaíocht sin, tá difear á dhéanamh ag daoine óga do dhála féin ar fud an domhain.
Leis an ngradam seo, tugtar ómós do ghníomhaíocht mhisniúil lena gcuirtear chun cinn agus lena gcosnaítear cearta an duine, saoirsí bunúsacha, an smacht reachta agus an daonlathas, agus tugtar moladh don obair sin trí bhíthin comhaltachta agus airgead duaise. Conas a oibríonn siad?
Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta a ainmníodh as buaiteoir Dhuais Síochána Nobel Andrei Sakharov, bronntar í ar dhaoine, ar ghrúpaí nó ar eagraíochtaí a thiomnaíonn a saol do chur chun cinn agus do chosaint chearta an duine trí mhodhanna síochánta.
Is féidir le haon duine a bheith ina iarrthóir. Gach bliain, ainmníonn Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (FPEanna) buaiteoirí féideartha, agus is iad na coistí parlaiminteacha um ghnóthaí eachtracha agus forbairt a laghdaíonn an liosta síos go triúr iarrthóirí.
Is é uachtarán na Parlaiminte maille le ceannairí ghrúpaí polaitiúla na Parlaiminte a roghnaíonn an buaiteoir gach bliain, agus bronntar gradam €50,000 ar an mbuaiteoir sin chomh maith le rochtain láithreach ar líonra FPEanna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha.
In 2016, leag buaiteoirí na mblianta roimhe sin béim ar an tacaíocht pholaitiúil ríthábhachtach is féidir leis an Aontas a thabhairt do chosantóirí chearta an duine ar fud an domhain. Thug an Pharlaimint an méid sin faoi deara agus bhunaigh sí clár Chomhaltacht Sakharov do chosantóirí chearta an duine as tíortha lasmuigh den Aontas.
Is féidir le cosantóirí chearta an duine iarratas díreach a dhéanamh ar cheann de na 14 chomhaltacht bhliantúla a bhronnann grúpa FPEanna a bhíonn ag plé le tacaíocht don daonlathas ar fud an domhain. Faigheann na buaiteoirí coicís dianoiliúna sa Bhruiséil agus ag an gCampas Domhanda um Chearta an Duine sa Veinéis maille leis an deis bualadh le polaiteoirí agus daoine údarásacha eile ar féidir leo athrú dearfach a chur chun cinn.
Ní sin deireadh leis an tacaíocht atá ar fáil. Is féidir le buaiteoirí Dhuais agus Chomhaltacht Sakharov dul i dteagmháil le Parlaimint na hEorpa agus le Toscaireachtaí áitiúla de chuid an Aontais ina dtír féin chun a gcuid oibre a chur ar aghaidh.
Ar mhaith leat fáil amach faoi na daoine a fhaigheann na gradaim sin agus féachaint arbh fhéidir leat aithris a dhéanamh orthu? Léigh leat.
The Restorers – buaiteoirí Dhuais Sakharov 2019
Tá ciorrú ball giniúna ban (FGM) déanta ar bhreis agus 200 milliún cailín agus bean a mhaireann sa lá atá inniu ann, rud a chiallaíonn gur baineadh roinnt de na baill sheachtracha ghiniúna díobh, nó gur baineadh iad uile díobh, ar chúiseanna neamhliachta. Is faoi bhun 15 bliana d'aois a bhí an chuid is mó acu nuair a tharla sé dóibh.
Chinn cúigear déagóirí teic-eolacha as an gCéinia – Ivy Akinyi, Macrine Onyango, Synthia Otieno, Purity Ouma agus Stacy Owino – ar aip a fhorbairt, le tacaíocht óna meantóir Dorcas Adhiambo Owinoh, chun comhrac i gcoinne chleachtas FGM.
Cailíní atá i mbaol FGM nó cailíní a ndearnadh FGM orthu, is féidir leo an aip i-Cut a úsáid chun cabhair leighis agus dhlíthiúil a iarraidh ach cnaipe a bhrú. Chomh maith leis sin, roinneann an aip eolas ar FGM agus is féidir tabhartais a bhailiú léi chun obair bhreise a chistiú.
Go dtí seo, bhí an fhoireann, ar mná ar fad atá inti, ag díriú ar sheirbhísí agus pobail sa chuid thiar thuaidh den Chéinia.
Beidh athrú ag teacht air sin.
‘De thoradh na duaise, tá a fhios ag eagraíochtaí eile a throideann in aghaidh ciorrú ban faoinár gcuid oibre’, a deir Dorcas. ‘Mar gheall air sin, bhíomar ag lorg bealaí eile arbh fhéidir linn feabhas a chur ar ár gcuid gníomhaíochais.’
Tá pleananna móra ag The Restorers. Déanann FGM dochar do mhná agus do chailíní ar fud an domhain. Tá The Restorers ag iarraidh a dtacaíocht tharrthála a chur ar fáil do níos mó pobal, do níos mó áiteanna sa Chéinia agus do thíortha eile fiú.
Is mó is féidir a bhaint amach le haip shimplí.
Asma Kaouech – Comhalta Sakharov 2017
Is bean 27 mbliana d’aois ón Túinéis í a chomhbhunaigh agus a stiúrann an eagraíocht óige ‘Fanni Raghman Anni’, ainm a chiallaíonn ‘mo chuid ealaíne de m’ainneoin féin’. Baineann an eagraíocht leas as bealaí éagsúla cur in iúl, cuir i gcás ealaín graifítí nó drámaíocht sráide, chun cearta an duine a chur chun cinn sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh.
Dírítear an obair sin ar dhaoine óga agus grúpaí leochaileacha agus is bealach éasca inrochtana é chun an radacú a chosc. Tugtar deis do dhaoine imeallaithe iad féin a chur in iúl agus scaiptear teachtaireachtaí caoinfhulaingthe ar na sráideanna.
Bhí taithí ag Asma mar chosantóir chearta an duine sular bhunaigh sí an eagraíocht le linn na réabhlóide sa Túinéis in 2011. Baineann sí leas as a taithí féin chun oiliúint a chur ar chosantóirí eile.
Domhan atá níos cothroime, níos córa agus níos inbhuanaithe is ea an sprioc atá aici fós. ‘Creidim go bhfuil gach duine a thagann ar an saol saor agus cothrom ó thaobh dínite agus ceart de’, ar sise.
Deir Asma freisin: ‘Is glao í an Chomhaltacht dom chun troid ar son chearta an duine agus mé ag mothú sábháilte san am céanna go bhfuilim mar chuid de líonra tacaíochta níos fairsinge.’
Tá neart oibre fós le déanamh, dar le Asma. Luann sí an éagobhsaíocht pholaitiúil agus slándála reatha, an t-athrú aeráide, agus an phaindéim dhomhanda, rudaí a chruthaíonn dúshláin nua.
‘Ról chosantóirí chearta an duine .... is mó gá leis anois ná riamh’, a deir Asma.
Lorent Saleh – Duais Sakharov 2017
Chuir Lorent tús lena ghníomhaíochas go luath ina shaol nuair a bhí sé i gceannas na n-agóidí mac léinn ar son an daonlathais agus chearta an duine ina thír dhúchais, Veiniséala. Tar éis dó a bheith gafa roinnt uaireanta ar chúiseanna doiléire, ‘eolas bréagach a scaipeadh’ mar shampla, theith sé go dtí an Cholóim.
In 2014, díbríodh Lorent ar ais chuig Veiniséala, agus an uair sin cuireadh ina leith go ndeachaigh sé faoi oiliúint pharaimíleata agus go raibh sé ag ullmhú ionsaithe in aghaidh na tíre, cé nár cúisíodh go hoifigiúil riamh é.
Chaith sé na ceithre bliana ina dhiaidh sin i bpríosún agus chaith sé breis agus leath dá théarma príosúnachta i gceannáras sheirbhís faisnéise Veiniséala, SEBIN. Nuair a bhí sé i ngéibheann, rinneadh cineál céasta air ar a dtugtar ‘céasadh bán’. Bhí sé i ngéibheann incommunicado, ina aonair agus é faoi fhaireachas leanúnach i gcillín beag bídeach a raibh solas bán ar lasadh ann gan stad.
Ach bhí léas dóchais ann. Mar chuid de Fhreasúra Daonlathach Veiniséala, bronnadh Duais Sakharov ar Lorent in 2017 in éineacht le gníomhaithe eile ar son an daonlathais agus príosúnaigh pholaitiúla. Scaoileadh ar deireadh é in 2018 agus chuaigh sé ar deoraíocht go dtí Maidrid na Spáinne.
‘Dhearbhaigh Duais Sakharov na héilimh a bhí á ndéanamh agam ar feadh tamall fada,’ a deir Lorent. ‘Ba léiriú tacaíochta é do chomhrac a mhair ar feadh tamall fada agus do líon mór daoine atá faoi chois.’
Tá an fear seo, atá 32 bhliain d’aois, ag leanúint den obair ar son na saoirse agus an daonlathais i Veiniséala maille leis an bhfeachtas ar son gníomhaíocht idirnáisiúnta in aghaidh an chineáil drochíde a fuair sé.
‘Tá rún agam leanúint den obair chun fáil réidh leis an gcéasadh agus le híde atá cruálach, mídhaonna nó táireach, rud a bhfuil neart daoine ar fud an domhain fós thíos leis sa lá atá inniu ann.’