© Steven Lelham - Unsplash
Bog thart i rith Sheachtain na Gluaiseachta: #NowWeMove!
An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 10/07/2024
Cuireann spórt agus gníomhaíocht choirp feabhas ar do cháilíocht saoil – bíonn tú níos láidre dá mbarr agus bíonn níos mó fuinnimh agat. Cabhraíonn siad leat brú a choinneáil faoi smacht agus oíche bhreá chodlata a bheith agat. Tosaigh ag bogadh i rith Sheachtain na Gluaiseachta!
Is imeacht bliantúil a bhíonn ar siúl ar fud na hEorpa i mí na Bealtaine í Seachtain na Gluaiseachta, nuair a chuirtear chun cinn na buntáistí a bhaineann le bheith rannpháirteach go rialta i spórt agus i ngníomhaíocht choirp. Ardán oscailte í an tSeachtain d’aon duine ar spéis leis daoine a chur ag gluaiseacht chun a ghníomhaíocht nó imeacht a thaispeáint don phobal. Mar gheall air sin, bíonn deis ag ceithre mhilliún rannpháirtí páirt a ghlacadh sna gníomhaíochtaí a eagraítear i rith na Seachtaine gach bliain!
Tá Seachtain na Gluaiseachta agus an feachtas NowWeMOVE á gcomhordú ag Cumann Idirnáisiúnta an Spóirt agus an Chultúir i gcomhar leis an gCónaidhm Eorpach Rothaithe agus faigheann siad tacaíocht airgeadais ón Aontas Eorpach.
Cad a tharlaíonn?
I rith na seachtaine, eagraíonn eagraíochtaí agus cathracha a bhíonn rannpháirteach ar fud na hEorpa imeachtaí chun saoránaigh a spreagadh le teacht le chéile agus páirt a ghlacadh i spórt nó i ngníomhaíochtaí fisiciúla eile. Tá sé d'aidhm ag an tseachtain go mbeadh spraoi ag an bpobal áitiúil agus iad i mbun gníomhaíochta le chéile.
Bíonn na mílte imeachtaí ar siúl ag an am céanna i bhféile seachtaine spóirt agus gníomhaíochta fisiciúla ina mbíonn imeachtaí oscailte nó imeachtaí “chun triail a bhaint as” ag clubanna áitiúla, siúlóidí, rásaí spraíúla, turais ar rothair, imeachtaí spóirt sráide agus spóirt scoile. Dá mba mhaith leat triail a bhaint as gníomhaíocht nua, bualadh le cairde nua nó stíl mhaireachtála níos sláintiúla a ghlacadh, tapaigh an deis seo!
Bí Páirteach i Seachtain na Gluaiseachta
Tá fáilte roimh gach duine ar fud na hEorpa a bheith páirteach i Seachtain na Gluaiseachta. Má tá tú i do bhall de chlub spóirt nó scoil, an mbeadh spéis agat gníomhaíocht a eagrú i rith na Seachtaine?
Tá tacaíocht ag an tSeachtain ó fheachtas ina gcuirtear spórt agus gníomhaíocht choirp chun cinn #NowWeMove. Tá sé mar fhís aige “100 milliún Eorpach eile a bheith gníomhach i spórt agus i ngníomhaíocht fhisiciúil faoi 2020”. Mura féidir leat páirt a ghlacadh sna himeachtaí, d’fhéadfá a bheith páirteach ar líne agus/nó páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eile, amhail an Lá Saor ó Ardaitheoirí a bhíonn ar bun an 29 Aibreán gach bliain.