
Deireadh a chur leis an athrú aeráide: cad atá an tAontas Eorpach a dhéanamh?
An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 01/10/2020
Tá sé de dhualgas orainn go léir deireadh a chur leis an athrú aeráide. Cad atá ar siúl ag an Aontas Eorpach chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin? Cad faoi eagraíochtaí idirnáisiúnta?
Tá athrú tagtha ar an aeráid mar gheall ar an athrú ó bhonn a tháinig ar ár bpatrúin aimsire, rud a tharla de bharr ardú a tháinig ar mheánteocht an Domhain. Tá tionchair i bhfad agus i ngearr cheana féin ag na hathruithe atáthar a fheiceáil ar aeráid an Domhain ar éiceachórais, ar an ngeilleagar agus ar shláinte agus ar fholláine an duine san Eoraip. Táthar ag taifead na dteochtaí is airde riamh arís agus arís eile, mar aon le leibhéil na farraige agus muiroighear laghdaithe san Artach.
Cad atá an tAontas Eorpach a dhéanamh?
Tá an tAontas Eorpach ag troid i gcoinne an athraithe aeráide le beartais uaillmhianacha sa bhaile agus trí dhlúthchomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta. Is é an tAontas an grúpa is mó ar domhan a chuireann le maoiniú idirnáisiúnta i gcoinne an athraithe aeráide freisin.
Ghlac an tAontas Eorpach le straitéis fhadtéarmach le go mbeadh an Eoraip neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, straitéis ina bhfuil spriocanna le haghaidh 2020, 2030 agus 2050 agus lena ndéantar monatóireacht ar dhul chun cinn. Tháinig laghdú 23% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach idir 1990 agus 2018, agus tháinig fás 61% ar an ngeilleagar le linn na tréimhse céanna.
Chuir an Coimisiún Eorpach an t-athrú aeráide ar bharr a chláir oibre pholaitiúil leis an gComhaontú Glas don Eoraip, a d’eisigh an tUachtarán Ursula von der Leyen i mí na Nollag 2019. Tá sé mar phríomhsprioc ag an gComhaontú Glas don Eoraip go mbeadh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. I measc na bpríomhbheart, tá idir astaíochtaí a ghearradh go mór, infheistiú a dhéanamh i dtaighde agus nuálaíocht cheannródaíoch, agus chomhshaol nádúrtha na hEorpa a chaomhnú.
Is iomaí dlí agus tionscnamh de chuid an Aontais Eorpaigh atá i bhfeidhm chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus tabhairt faoin aistear i dtreo na neodrachta aeráide. D’fhorbair an tAontas Eorpach acmhainní oideolaíocha ar nós “Ár bpláinéad, Ár dtodhchaí” agus cuireann sé maoiniú ar fáil d’eagraíochtaí óige agus do dhaoine óga (féach na hailt eile sa rannán seo).
Cad faoi eagraíochtaí idirnáisiúnta?
Tá eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós na Náisiún Aontaithe ag stiúradh na n-iarrachtaí chun réitigh dhomhanda a aimsiú.
In 1992, ghlac tíortha le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC), lena socraítear an creat uile le haghaidh gníomhaíochtaí domhanda maidir leis an athrú aeráide. Tá beagnach gach tír ar domhan ina bPáirtithe freisin i gComhaontú Pháras, 2015, a bhfuil sé mar aidhm aige téamh domhanda a choinneáil go mór faoi bhun 2°C agus iarracht a dhéanamh chun í a theorannú go 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch. Anuas air sin, tá sé d'aidhm ag an gComhaontú freisin neartú a dhéanamh ar chumas na dtíortha déileáil le tionchair an athraithe aeráide agus tacú lena n-iarrachtaí. Pléitear na comhaontuithe idirnáisiúnta sin ag Comhdhálacha bliantúla na bPáirtithe.
In 2015, ghlac Ballstáit na Náisiún Aontaithe Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, ina dtugtar treoirphlean comhroinnte i gcomhair síochána agus rachmais do dhaoine agus don phláinéad. Tá na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe ina ndlúthchuid den Chlár Oibre sin agus is glao práinneach iad ar gach tír gníomh a dhéanamh. Bíonn comhshaol folláin fíorthábhachtach i dtaobh cuid mhór de na Spriocanna a bhaint amach, agus beartaítear le Sprioc 13 “Gníomh práinneach a ghlacadh chun an t-athrú aeráide agus a thionchair a chomhrac”.
Chomh maith leis an ngníomh polaitiúil sin, reáchtálann eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe cúpla feachtas inar féidir leat páirt a ghlacadh mar shaoránach, cuir i gcás:
- #WorldEnvironmentDay: feachtas bliantúil chun feasacht agus gníomhaíocht dhomhanda a spreagadh lenár gcomhshaol a chosaint.
- #BreatheLife: feachtas lena spreagtar cathracha agus daoine aonair chun ár sláinte agus ár bpláinéad a chosaint ar éifeachtaí an truaillithe aeir, ar feachtas é a reáchtáiltear i gcomhpháirtíocht leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Banc Domhanda agus Comhghuaillíocht Aeráide agus Aer Glan.
- #CleanSeas: feachtas lena n-éilítear gníomhaíocht chun dul i ngleic le truailliú plaisteach na farraige
Ní hamháin go bhfuil sé de fhreagracht orainn dul i ngleic leis an athrú aeráide, is deis atá ann freisin agus, ar ndóigh, tá gach duine againn in ann beart a dhéanamh! Féach ailt eile sa rannán seo le heolas a fháil faoin méid atá daoine óga eile a dhéanamh chun ár bpláinéad a thabhairt slán agus an méid a d’fhéadfá féin a dhéanamh.