Skip to main content
Submitted by Elisavet KOZAKOU on
Draw lines
Yes
Color
#006400
Cities/Points
Name
Białystok
Country
an Pholainn
Population
300000
Why visit?

Is léir cén fáth a bhfuil an leasainm ‘scamhóga glasa na Polainne’ ag Białystok: tá aon trian den chathair curtha i leataobh don nádúr, idir pháirceanna, chearnóga agus fhoraoisí, agus oibríonn an chuid sin den chathair go maith taobh leis an bhforbairt uirbeach a chuirtear chun cinn le Bauhaus Eorpach Nua (NEB).

Is dul chun cinn mór é an chéad ‘pháirc póca’ sa chathair. Sa pháirc seo atá deartha do dhaoine de gach aois agus atá beag bídeach ach fáilteach, tá binsí tiomnaithe do dhaoine aosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, luascáin do leanaí, soilsiú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, agus racaí rothair.

A bhuí lena ghaire atá Białystok do theorainneacha na Polainne leis an Liotuáin, leis an Rúis, leis an mBealarúis agus leis an Úcráin, mheall an chathair go leor imirceach thar na blianta, rud a chothaigh a spiorad oscailteachta. In éineacht leis an daonra Giúdach is mó a théann siar go dtí na 1900idí, tá pobal beag Moslamach Tatar ann anois le hionad Ioslamach agus teach urnaí.

Le haghaidh tráthnóna sofaisticiúil, is é Opera i Filharmonia Podlaska [Áras Ceoldrámaíochta agus Ceolfhoireann Fhiolarmónach Podlaska] an institiúid chultúrtha is mó agus is nua-aimseartha sa chathair. Agus lena struchtúr gloine, a stíl nádúrtha taobh istigh agus a radhairc lánléargais ón díon atá clúdaithe le plandaí, is cinnte gur fiú cuairt a thabhairt air.

Image
Białystok
Coordinates
53.1277077,23.0860266
Tags with icon
Rich in green spaces
Name
Kaunas
Country
an Liotuáin
Population
700000
Why visit?

Is í Kaunas an dara cathair is mó sa Liotuáin, áit a dtagann aibhneacha Nemunas agus Neris le chéile, agus cuimsíonn sí spiorad na saoirse smaointeoireachta. Ní haon ionadh go bhfuil sráid sa chathair darb ainm Ascaill na Saoirse (Laisves Aleja sa Liotuáinis), atá ar cheann de na sráideanna is faide san Eoraip ag 1.6 km.

Mar chuid d’Fhéile Bauhaus Eorpach Nua (NEB), d’óstáil an chathair nua-aimseartha seo imeacht ar an imeall maidir le ról an dearaidh in eacnamaíocht chiorclach. Is sa chathair seo a cuireadh an uirlis mapála digití Genius Loci ar bun freisin, uirlis a dhear agus a chruthaigh saoránaigh chun forbairt uirbeach cheantar Šančiai a chosaint agus monatóireacht a dhéanamh uirthi. Le chéile, cruthaíonn na léarscáileanna dálaí chun saoránacht chomhchoiteann a neartú agus a chumasú.

Mar chuid de Kaunas 2022, Príomhchathair Chultúir na hEorpa, tá an chathair ag iompú de réir a chéile ina ‘stáitse mór amháin don Eoraip’, ina bhfuil na céadta imeachtaí éagsúla laistigh agus lasmuigh á n-óstáil.

Agus tú ann, d’fhéadfá cuairt a thabhairt ar long NEMUNO7, ionad suaitheanta de chuid Phríomhchathair Chultúir na hEorpa a léiríonn luachanna Bauhaus Eorpach Nua. Athraíodh an seanbhád tochailteora seo ina spás cultúrtha chun machnamh a spreagadh ar an ról atá ag an uisce sa dúlra.

Is gnéithe lárnacha iad an cuimsiú agus an inrochtaineacht i roinnt spotaí timpeall na cathrach. Mar shampla, cuireann Pálás Stairiúil an Uachtaráin treoracha inrochtana ar fáil i sé theanga, teanga chomharthaíochta agus braille san áireamh. Agus más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi stair na cathrach, déanann an fhéile ‘Citytelling Festival’ ceiliúradh ar ‘chuimhne il-eitneach Kaunas’. Is féile í a thugann músaemeolaithe, drámadóirí, staraithe, scéalaithe agus gníomhaithe áitiúla le chéile.

Image
Kaunas
Coordinates
54.8900536,23.8572242
Tags with icon
European Capital of Culture
NEB Projects
Name
Ríge
Country
an Laitvia
Population
605000
Why visit?

An raibh a fhios agat gur i Ríge atá an dlús is mó d’ailtireacht Art Nouveau ar domhan? Tapaigh an deis chun dul amú ar shráideanna na cathrach agus tú ag siúl timpeall agus ag féachaint suas ag a foirgnimh áille a bhfuil luachanna agus cuspóirí ailtireachta Bauhaus Eorpach Nua (NEB) mar chuid díobh.

Tá ionaid éagsúla lonnaithe i bpríomhchathair na Laitvia atá bunaithe ar cholúin na hinrochtaineachta agus na hinbhuanaitheachta. Mar shampla, is í Mežaparks – áit a dtagann caitheamh aimsire, cultúr agus an dúlra le chéile – an pháirc is suntasaí sa chathair; tá tithe, dumhcha, foraoisí agus loch ann.

An bhfuil fonn ort dul ag taiscéalaíocht i roinnt suíomhanna a mheascann an ailtireacht leis an dúlra? Mar sin bí cinnte cuairt a thabhairt ar phálás cultúrtha Ziemeļblāzma atá suite i lár páirce mór. Nó d’fhéadfá Ardán Banna Ceoil Mežaparks a sheiceáil amach. Tógadh é ar dtús sna 1950idí agus athchóiríodh le déanaí é. Is réimse áineasa ilchuspóireach é an píosa suntasach ailtireachta seo, agus ní amháin go gcuimsíonn sé spásanna glasa, ach tá sé timpeallaithe ag foraois freisin.

Músaem Eitneagrafach na Laitvia Faoin Aer ar cheann de na músaeim lasmuigh is sine agus is mó san Eoraip. Tá na 118 bhfoirgneamh stairiúla atá ann caomhnaithe go cúramach agus suite le hais foraoise péine ollmhór, rud a fhágann go mothaíonn cuairteoirí saor agus iad ag siúl thart ann.

Image
Ríge
Coordinates
56.9718664,23.9889925
Tags with icon
Rich in green spaces
Name
Taillinn
Country
an Eastóin
Population
426538
Why visit?

Mar Phríomhchathair Ghlas na hEorpa 2023, léiríonn Taillinn spiorad an ‘avant-garde’ uirbigh, na saoirse, agus na haire don chomhshaol. Sin croí Bauhaus Eorpach Nua (NEB). Comhtháthaíonn Mórbhealach na bPailneoirí an dúlra sa tírdhreach uirbeach trí chonair atá cosúil le móinéir idir ceantair na cathrach a athchruthú. Mar gheall ar an meascán de stair mheánaoiseach Thaillinn agus an tionchar iar-Shóivéadach ar a hailtireacht, tá spiorad solúbthachta agus síoraíochta le brath i bpríomhchathair na hEastóine.

Tá tírdhreacha iontach éagsúil sa chathair chósta Bhaltach seo, go minic in éineacht le spásanna inbhuanaithe agus cuimsitheacha, cosúil le Músaem Ealaíne Kumu. Agus é suite le taobh spás fairsing oscailte Pháirc Kadriorg, is léiriú é an foirgneamh feidhmiúil nua-aimseartha fuinneamhéifeachtúil seo ar thraidisiúin tógála na hEastóine. Agus is fiú cuairt a thabhairt ar ionad cultúrtha Chathair Chruthaitheach Telliskivi, áit a dtagann pobail chruthaitheacha le chéile chun cultúr cuimsitheach a chomhroinnt. Ceantar tionsclaíoch a bhí ann roimhe seo, ach rinneadh ionad de ina mbíonn gach cineál imeachta ar siúl: gheobhaidh tú taispeántais agus ceolchoirmeacha, margaí míolta agus féilte, búitící agus bistroanna ann.

Image
Taillin
Coordinates
59.4717925,24.5981608
Tags with icon
Urban renewal
Sustainable initiatives
NEB Projects
Name
Laoch-chathair NEB: Heilsincí
Country
an Fhionlainn
Population
650000
Why visit?

Tá príomhchathair na Fionlainne mar chuid de Laoch-chathracha Bauhaus Eorpach Nua (NEB) agus, in 2021, d’óstáil sí plé dearaidh bunaithe ar chroíphrionsabail an tionscnaimh: cathracha a dhearadh ar bhealach inbhuanaithe cuimsitheach.

Ag croílár na cathrach tá Lárleabharlann Oodi, áit spreagúil atá déanta as gloine, cruach agus adhmad i meascán de dhearadh traidisiúnta agus nuálach. Dearadh an leabharlann le bheith inrochtana do dhuine ar bith, agus cuireann spiorad cuimsitheach na leabharlainne ar chumas na saoránach uile teacht ar eolas, pobail faoi mhíbhuntáiste agus daoine óga san áireamh.

Téama coitianta i Heilsincí is ea an athghiniúint uirbeach. Is é an Cable Factory, a tógadh ar dtús le haghaidh tionscail sna 1950idí, an t-ionad cultúrtha is mó san Fhionlainn anois, le cúig heicteár de chlubanna spóirt, scoileanna ealaíne, músaeim, dánlanna agus go leor eile.

An bhfuil tú ag iarraidh éalú ó thorann na cathrach? Má tá, is é an Séipéal Kamppi an áit is fearr duitse. Is é an ‘Séipéal Tost’ adhmaid seo an áit is fearr chun d’intinn a ghlanadh, agus taitneamh a bhaint as an suaimhneas.

Image
Heilsincí
Coordinates
60.109263,24.4445027
Tags with icon
Urban renewal
NEB Projects