Skip to main content
Submitted by Beatriz RODRIG… on
Draw lines
Yes
Color
#192FAE
Cities/Points
Name
Strasbourg
Icon on Map
Country
an Fhrainc
Population
401000
Why visit?

Is minic a smaoinítear ar Strasbourg mar an nasc idir cultúr na Fraince agus na Gearmáine, agus is suíomh oidhreachta UNESCO é lár chathair Strasbourg ar fad. Bhí an chathair ar cheann de na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais de Phríomhchathair Ghlas na hEorpa 2021, agus tá sí ar thús cadhnaíochta ó thaobh an t-athrú aeráide a chomhrac de agus cáilíocht an aeir a fheabhsú de. In 2012 sheol Strasbourg ‘An uile dhuine aontaithe ar son níos mó bithéagsúlachta’, cairt a chosnaíonn foraoisí, páirceanna agus fiadhúlra na cathrach trí ghnáthóga a chruthú do speicis amhail beacha, úsáid lotnaidicídí ar bharra a dhíspreagadh agus díonta glasa a shuiteáil ar fhoirgnimh. Ina theannta sin, más spéis leat a bheith in dhá thír éagsúla san am céanna, is é Strasbourg an áit le cuairt a thabhairt air. Téigh chuig an droichead i nGairdín an Dá Chladach – ansin is féidir cos amháin a chur sa Fhrainc agus cos eile sa Ghearmáin!

Image
Strasbourg
Coordinates
48.5689692,7.6061945
Tags with icon
Improving air quality
Wonderful for wildlife
Name
Cathair Lucsamburg
Icon on Map
Country
Lucsamburg
Population
115000
Why visit?

Is í Cathair Lucsamburg an tseoid is luacmhaire ag Lucsamburg – an t-aon Ard-Diúcacht ar domhan. Is spás glas atá sa tríú cuid den chathair, idir pháirceanna agus ghairdíní, agus is fearr an chathair a fheiceáil de shiúl na gcos nó ar rothar. Agus altáin aibhneacha Pétrusse agus Alzette le feiceáil ann, is áit ghlas í Cathair Lucsamburg nár cheart a chailleadh. Tá an t-iompar poiblí ar fad sa tír saor in aisce, mar sin b’fhiú an leas is fearr a bhaint as trí bhus a fháil ó Gare Centrale go Loch Echternach álainn. Tóg leabhar agus roinnt sneaiceanna leat le haghaidh picnic agus laistigh de uair an chloig beidh tú ag ithe lóin ar bhruacha an locha!

Image
Lucsamburg
Coordinates
49.6075757,6.0534696
Tags with icon
Plenty of parks
Green ways of getting around
Name
Lováin
Icon on Map
Country
an Bheilg
Population
100000
Why visit?

Is buaiteoir Ghradam na Duilleoige Glaise Eorpaí in 2018 í Lováin, cathair ollscoile stairiúil atá 25km soir ó phríomhchathair na Beilge, an Bhruiséil. Tá sprioc uaillmhianach astaíochtaí leagtha síos ag an gcathair a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2030, agus rinne sí an t-iompar timpeall na cathrach níos glaise trí chriosanna saor ó ghluaisteáin a thabhairt isteach agus tríd an líonra rothaíochta a fheabhsú. Tá gairdín luibheolaíoch Lováin ann ó bhí 1738 ann agus is áit fhoirfe é chun grianghraif a thógáil de phlandaí trópaiceacha iontacha a bheadh an-oiriúnach d’Instragram. Mura féidir leat cuairt a thabhairt ar Lováin, is féidir leat cuairt dhigiteach a thabhairt ar na gairdíní!

Image
Lováin
Coordinates
50.8841123,4.622967
Tags with icon
Green ways of getting around
Bicycle-friendly
Name
Essen
Icon on Map
Country
an Ghearmáin
Population
583000
Why visit?

Tá cathair Essen ar cheann de sheoda ceilte na Gearmáine agus tá gealltanais tugtha aici an t-athrú aeráide a chomhrac, limistéir ghlasa a thabhairt isteach agus cáilíocht an aeir áitiúil a fheabhsú. Le 40 bliain anuas, tá Essen tar éis é féin a athrú ó phobal dírithe ar mhianadóireacht guail agus ar tháirgeadh cruach go cathair ghlas atá feasach ar an gcomhshaol. Tugadh aitheantas don chlaochlú sin in 2017, nuair a ainmníodh é mar Phríomhchathair Ghlas na hEorpa. Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi stair thionsclaíoch na cathrach agus faoin aistriú atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, bí cinnte cuairt a thabhairt ar Mhúsaem Ruhr. Agus é lonnaithe i mianach guail nach bhfuil in úsáid a thuilleadh, is píosa staire cultúrtha é an músaem ina n-insítear scéal Ghleann Ruhr.

Image
Essen
Coordinates
51.4407917,6.851212
Tags with icon
European Green Capital
Climate Neutral 2030
Name
Nijmegen
Icon on Map
Country
an Ísiltír
Population
172000
Why visit?

Agus é neadaithe ar bhruach abhainn Waal, bronnadh an teideal Príomhchathair Ghlas na hEorpa ar Nijmegen in 2018 agus ba é láthair an chéad chruinnithe de DiscoverEU in 2019. Is cathair í a d’fhás ó lonnaíocht Rómhánach, agus is áit mhór cultúir agus comhshaoil araon í sa lá atá inniu ann. Is é is aidhm dó a bheith ‘aeráid-díonach’ faoi 2050 agus tá an aidhm sin á baint amach aige le tacaíocht ó dhaoine áitiúla, ó ghnólachtaí agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha. D’oibrigh cathair Nijmegen le heagraíochtaí neamhrialtasacha comhshaoil freisin chun páirc muileann gaoithe a chruthú, rud a thugann cumhacht do 10% den chathair anois. Chun spléachadh a fháil ar stair Nijmegen, déan cinnte Páirc Valkhof a fheiceáil; ceantar lán áilleachta nádúrtha, áit a bhfuil fothracha Rómhánacha le feiceáil freisin agus séipéal atá ann le beagnach 1,000 bliain.

Image
Nijmegen
Coordinates
51.8428383,5.7507311
Tags with icon
European Green Capital
Powered by renewables
Bicycle-friendly
Name
Hamburg
Icon on Map
Country
an Ghearmáin
Population
1810000
Why visit?

Is cathair í Hamburg na Gearmáine a bhfuil neart le déanamh agus le feiceáil inti – ba mhór ab fhiú duit cuairt a thabhairt uirthi agus tú ar do thuras DiscoverEU. An raibh a fhios agat go bhfuil níos mó droichead inti ná mar atá in aon chathair Eorpach eile? Tabhair dúshlán do chairde oiread agus is féidir acu a aimsiú agus tabhair pointí breise don té atá in ann teacht ar an droichead is sine sa chathair – téann sé siar go 1633! Ainmníodh í mar Príomhchathair Ghlas na hEorpa in 2011 agus tá bearta déanta ag cathair thuaisceartach Hamburg, mar shampla foinsí fuinnimh in-athnuaite a thabhairt isteach agus cosc a chur ar bhuidéil phlaisteacha agus cupáin caife indiúscartha in oifigí poiblí. Tá pleananna ann chun fáil réidh le carranna i lár na cathrach faoi 2034 chun nach mbeidh ach daoine ar rothar nó daoine de shiúl na gcos in ann teacht isteach ann.

Image
Hamburg
Coordinates
53.5581189,9.5981896
Tags with icon
European Green Capital
Powered by renewables
Plenty of parks
Name
Cóbanhávan
Icon on Map
Country
an Danmhairg
Population
559000
Why visit?

Is fiú d’aon taistealaí DiscoverEU cuairt a thabhairt ar Chóbanhávan. Cibé acu is ag tógáil grianghraf den dealbh ‘The Little Mermaid’ nó ag tabhairt cuairt ar mhargadh chun Smørrebrød a bhlaiseadh den chéad uair, tá neart le feiceáil agus le déanamh sa chathair seo de chuid na Danmhairge. Bronnadh an teideal Príomhchathair Ghlas na hEorpa uirthi in 2014, agus tá an chathair tiomanta freisin an saol a dhéanamh níos glaise do chách. Tá sé mar aidhm aici a bheith ar an gcéad chathair atá neodrach ó thaobh carbóin de ar domhan faoi 2025 agus d’éirigh léi suas le 50% dá cónaitheoirí a spreagadh chun rothaíocht go dtí a n-áit oibre nó oideachais. Ná caill an deis Torvehallerne a fheiceáil – margadh buan faoi dhíon ina mbíonn táirgí áitiúla úra le fáil. Is féidir leat triail a bhaint ansin as roinnt de bhia speisialta na Danmhairge agus labhairt le siopadóirí eile faoin tábhacht a bhaineann le bia inbhuanaithe, a fhaightear go háitiúil, a ithe.

Image
Cóbanhávan
Coordinates
55.6712398,12.5114239
Tags with icon
European Green Capital
Powered by renewables
Marine metropolis
Climate Neutral 2030
Name
Malmö
Icon on Map
Country
an tSualainn
Population
328000
Why visit?

Is cathair í Malmö a d’athraigh ó bheith ina fásach tionsclaíoch go ceann de na cathracha is glaise sa tSualainn. Ba as an loingseoireacht agus tionscal trom a bhí iomrá uirthi roimhe seo, ach chabhraigh rialtas na Sualainne leis an gcathair éirí níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol. Chun tuiscint a chur ar stair thionsclaíoch na cathrach – agus í a chur i gcomparáid lena huaillmhian sa lá atá inniu ann i dtaca le bheith neamhdhíobhálach don chomhshaol – tabhair cuairt ar Mhúsaem Malmö. Lonnaithe in áit a raibh caisleán lá den saol, is bailiúchán músaem é an coimpléasc i ndáiríre, áit a dtugtar léargas úsáideach ar thraidisiúin na cathrach san am a chuaigh thart, ar an timpeallacht nádúrtha agus ar thraidisiúin mhuirí. Tá 177 mbus ag an gcathair, iad ar fad á gcumhachtú le meascán de ghás comhbhrúite agus bithghás, rud a chiallaíonn ní hamháin gur eispéireas suimiúil é an chathair a fheiceáil, ach gur ceann glas é freisin! Tóg bus uimhir a 5 go Fullriggaren chun cuairt a thabhairt ar Scaniaparken – páirc chiúin ina bhfuil radhairc iontacha ar Dhroichead cáiliúil Øresund idir an tSualainn agus an Danmhairg.

Image
Malmö
Coordinates
56.4311481,13.1224467
Tags with icon
Marine metropolis
Green ways of getting around
Climate Neutral 2030
Name
Osló
Icon on Map
Country
an Iorua
Population
634293
Why visit?

In 2019, aithníodh Osló as an obair a bhí déanta aici chun an chathair a dhéanamh níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus as tiomantas na cathrach todhchaí inbhuanaithe a thógáil trína hainmniú mar Phríomhchathair Ghlas na hEorpa.

Agus tú ann, tabhair cuairt ar Pháirc Frogner le dul ag siúl, picnic a bheith agat, bheith ag breathnú ar na daoine thart ort nó taitneamh a bhaint as an bpáirc dealbhóireachta. An bhfuil tuilleadh spásanna glasa uait? Buail isteach chuig Páirc an Pháláis (Slottsparken), a bhfuil 54 acra ann, nó chuig an ngairdín luibheolaíoch ag Tøyen. Tá sé éasca teacht ar an dúlra lasmuigh den chathair freisin. Is féidir an meitreo a thógáil go loch Sognsvann, áit ar féidir leat siúl, rith, snámh nó picnic a bheith agat. 

Image
Osló
Coordinates
59.8937521,10.6203126
Tags with icon
Climate Neutral 2030
European Green Capital
Bicycle-friendly
Green ways of getting around