Tá Liospóin ar na 100 cathair san Eoraip a gheall go mbeidh siad aeráidneodrach faoi 2030 mar chuid de Mhisean an Aontais maidir le Cathracha Aeráidneodracha Cliste. Mar Phríomhchathair Ghlas 2020 na hEorpa, tá an inbhuanaitheacht beo i Liospóin agus tábhacht mhór léi don chathair. Tá cáil ar phríomhchathair na Portaingéile mar gheall ar na cnoic phictiúrtha agus an bia cois cósta. Rinne sí a hastaíochtaí CO2 a laghdú faoina leath idir 2002 agus 2014, agus tá sí anois chun tosaigh maidir le hiompar poiblí, feithiclí leictreacha, tionscnaimh rothaíochta agus soláthar páirceanna agus gairdíní glasa. Ar mhaith leat radharcanna áille a fheiceáil den chathair? Téigh ar shiúlóid in Jardim do Torel.
Í suite i ngleann abhainn Pisuerga, is cathair í Vallodolid atá tiomanta don inbhuanaitheacht. Cuidíonn na limistéir coillearnaí uirbí chun astaíochtaí carbóin na cathrach a ionsú, agus tá beagnach 1,500 cosán rothaíochta sa chathair a chuidíonn le cónaitheoirí a mbealach a dhéanamh thart ar dhóigh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá cáil ar an gceantar máguaird as na caisleáin stairiúla, mar shampla Castillo de Simancas, mar sin cén fáth nach dtéann tú ar rothar ar cíos le cuairt a thabhairt ar cheann de na seoda ceilte Spáinneacha seo?
Í lonnaithe díreach uair an chloig ó Bilbao, bronnadh an teideal Príomhchathair Ghlas na hEorpa ar Vitoria-Gasteiz in 2012, agus is furasta a fheiceáil cén fáth. Tá ‘Fáinne Glas’ de shléibhte agus foraoisí thart ar an gcathair agus tá teacht ar spás glas laistigh de 300m ag an daonra iomlán. Is áit iontach í Páirc La Florida sa lár, gairdín lusanna ina bhfuil níos mó ná 90 speiceas crainn, chun do scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an atmaisféar áitiúil. Tá teach cultúir sa pháirc fiú, atá tiomnaithe don scríbhneoir Spáinneach José Ignacio de Aldecoa, agus leabharlann dá chuid féin ann.
Is í Zaragoza príomhchathair cheantar Aragón na Spáinne, agus tá cáil air i ngeall ar a stair Rómhánach, an chócaireacht ar leith, agus an ealaín uirbeach chumhachtach atá ann. Ach seachas an méid sin, tá gealltanas á thabhairt ag an gcathair don chomhshaol chomh maith. Páirc mhór is ea Parque del Agua ‘Luis Buñuel’ atá suite siar ó thuaidh ó lár na cathrach. Tógadh ar 140 acra de thalamh curaíochta neamhúsáidte í, agus is sampla iontach í an éiceapháirc phoiblí seo den athfhorbairt ghlas. Anois is féidir gníomhaíochtaí a dhéanamh sa pháirc amhail raftú bánuisce agus marcaíocht ar chapall. Más fearr leat luas níos moille, is féidir leat dul a rámhaíocht ar loch bádóireachta na páirce freisin.
Le haimsir ghalánta chósta na Meánmhara agus stair mheánaoiseach an-spéisiúil ann, is stad é Montpellier nár cheart a chailleadh ar do thuras DiscoverEU. Is ar an gcósta féin atá Murlaigh Palavas lonnaithe, sraith lochanna iontacha atá faoi chosaint an Aontais mar láithreáin Natura 2000. Ós rud é go mbíonn tonnta teasa as cuimse ann go minic sa limistéar, cuidíonn an chosaint leis an bhfiadhúlra a chaomhnú sna murlaigh. Suíomh Natura 2000 eile sa chathair is ea abhainn Lez, a shreabhann trí Parc du Domaine de Méric. Is sa pháirc atá iar-áit chónaithe an impriseanaí Fhrancaigh Bazille, mar sin cé acu atá tú ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoina shaol nó taitneamh a bhaint as siúlóid ar do sháimhín só cois na habhann, tá rud éigin ar fáil do gach duine sa pháirc.
Téann conair rothaíochta ViaRhôna 815km ar fad trí Lyon, rud a thugann deis do thaistealaithe DiscoverEU eolas a chur ar dheisceart na Fraince ar dhá roth ar bhealach inbhuanaithe. Leanann an rotharbhealach abhainn lúbach an Rhône trí ghleannta agus úlloird crann olóige ó Loch na Ginéive go Lyon agus, ar deireadh, go tránna Meánmhuirí na Fraince. Má tá tráthnóna saor agat, cén fáth nach n-úsáideann tú an bealach chun áilleacht an réigiúin a fheiceáil?
Is minic a smaoinítear ar Strasbourg mar an nasc idir cultúr na Fraince agus na Gearmáine, agus is suíomh oidhreachta UNESCO é lár chathair Strasbourg ar fad. Bhí an chathair ar cheann de na hiomaitheoirí sa bhabhta ceannais de Phríomhchathair Ghlas na hEorpa 2021, agus tá sí ar thús cadhnaíochta ó thaobh an t-athrú aeráide a chomhrac de agus cáilíocht an aeir a fheabhsú de. In 2012 sheol Strasbourg ‘An uile dhuine aontaithe ar son níos mó bithéagsúlachta’, cairt a chosnaíonn foraoisí, páirceanna agus fiadhúlra na cathrach trí ghnáthóga a chruthú do speicis amhail beacha, úsáid lotnaidicídí ar bharra a dhíspreagadh agus díonta glasa a shuiteáil ar fhoirgnimh. Ina theannta sin, más spéis leat a bheith in dhá thír éagsúla san am céanna, is é Strasbourg an áit le cuairt a thabhairt air. Téigh chuig an droichead i nGairdín an Dá Chladach – ansin is féidir cos amháin a chur sa Fhrainc agus cos eile sa Ghearmáin!
Í suite sna hAlpa pictiúrtha ar bhruach na Réine, tá radharcanna iontacha le fáil i Vadús ar shléibhte foraoiseacha agus beanna arda i mbeagnach gach treo a n-amharcann tú. I ngeall ar a laghad atá sí, tá sé éasca imeacht ón gcathair agus dul amach de shiúl na gcos nó ar rothar chun an dúlra a fheiceáil. Tá Lichtinstéin ag tabhairt aire dá flóra agus fána le 171 heicteár de thearmainn dúlra faoi chosaint ar fud na tíre. Má shocraíonn tú cuairt a thabhairt ar Vadús, beir leat do bhróga siúlóireachta le gur féidir leat an leas is fearr a bhaint as an tír bhúcólach seo.
Tá clú ar an gcathair Bhavárach Nürnberg i ngeall ar a caisleán maorga agus na sráideanna lúbacha inti, agus bhí sí sa bhabhta ceannais den Ghradam do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa in 2012 agus 2013. Tá criosanna glasa ar fud na cathrach a chuireann srian ar úsáid feithiclí truaillitheacha, rud a fhágann gur glaine agus gur folláine a bhíonn aer na cathrach. Tá tiomantas láidir ann freisin don gheilleagar ciorclach sa chathair, agus déantar 56% den dramhaíl chathrach a athchúrsáil. Tá an t-uafás siopaí neamhspleácha i lár na cathrach atá tiomanta táirgí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol nó táirgí orgánacha a dhíol. An té ar spéis leis an cheardaíocht thraidisiúnta lámhdhéanta, ba cheart dó siúl trí Chlós na gCeardaithe Meánaoise.