Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Buntáistí a bhaineann le dul isteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach

Is mór an gaisce ag daoine óga bheith páirteach i dtionscadal de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Beidh sé mar bhuntáiste agat agus tú ag déanamh iarratas ar phost nó ag cur isteach ar chúrsa tríú leibhéal amach anseo. D'fhéadfadh sé go dtabharfaidh an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach deis nua duit a bheith páirteach i ngníomhaíocht fhiúntach, agus go mbeadh sin ina chuidiú duit agus fostaíocht á lorg agat.

Tar éis duit páirt a ghlacadh i dtionscadal, beidh tú i dteideal teastais ar deimhniú é go raibh tú rannpháirteach sa tionscadal. Féadfaidh tú an teastas sin a úsáid nuair a bheidh iarratas á dhéanamh agat ar phost nó ar chúrsa tríú leibhéal.

Ní hamháin go mbeidh an taithí a gheobhaidh tú sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach ina cúnamh duit i dtaobh do ghairmréime amach anseo, ach beidh go leor buntáistí eile ann freisin, ag brath ar an gcineál tionscadail a mbíonn tú bainteach leis. Braithfidh sé freisin ar cibé an ball den ghné oibre deonaí nó den ghné saothair den Chór thú.

Má chinneann tú obair dheonach a dhéanamh, ní bhfaighidh tú tuarastal, ach mar sin féin beidh tú i dteideal costais taistil, costais lóistín agus costais chothaithe mar aon le cumhdach árachais fad is atá tú i mbun an tionscadail. Cuirfear an oiliúint chuí ort sula dtosaíonn tú, agus tar éis duit teacht ar an láthair.

I gcás daoine atá ag déanamh printíseachta nó tréimhse oiliúna, beidh conradh fostaíochta ann i roinnt tíortha, a dhéanfar i gcomhréir le rialacháin náisiúnta na tíre óstaí. Cuirfear liúntas cothaithe ar fáil.

I gcás daoine a earcaítear le haghaidh socrúchán poist, beidh conradh foirmiúil saothair ann i gcónaí agus íocfar an tuarastal i gcomhréir leis na dlíthe, na rialacháin agus na comhaontuithe comhchoiteanna áitiúla.