Skip to main content
© European Union © European Union

An Gradam do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa agus Gradam na Duilleoige Glaise Eorpaí

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 23/03/2023

Tá fuinneamh glas, an siúl nó an rothaíocht agus an fheirmeoireacht uirbeach ag éirí níos faiseanta ar fud na hEorpa. Le gach aon ní a dhéanaimid, ní mór dúinn a bheith níos feasaí, ní mór dár gcleachtas a bheith níos fearr don chomhshaol agus do na saoránaigh agus, thar rud ar bith eile, ní mór dóibh a bheith níos inbhuanaithe.

Tugtar tosaíocht do shaincheisteanna glasa ar chlár oibre na hEorpa freisin agus is é an Comhaontú Glas don Eoraip a leagann síos an creat foriomlán.

Tá an chuid is mó dínn inár gcónaí i gcathracha agus i ngeall air sin, is iomaí dúshlán comhshaoil atá romhainn, cuir i gcás truailliú an aeir nó an uisce, leibhéil arda torainn nó caillteanas na bithéagsúlachta. Is é sin an fáth ar sheol an Coimisiún Eorpach an Gradam do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa agus Gradam na Duilleoige Glaise Eorpaí siar in 2008. Tá sé d'aidhm ag na gradaim sin réitigh iontacha a chur chun cinn agus a léiriú go bhfuil cathracha glasa inbhuanaithe ann cheana féin agus gur féidir le cathracha eile an rud céanna a dhéanamh!

Gach bliain, roghnaíonn an Coimisiún Eorpach buaiteoirí na ngradam agus ansin déantar ‘ambasadóirí na gcathracha glasa’ díobh (ar fud an domhain). Oibríonn an Coimisiún i gcomhar leis na saoránaigh freisin chun go mbainfidh na cathracha an stádas sin amach. Sa deireadh thiar thall, is éard atá uainn go mbeidh daoine níos feasaí maidir leis an difear a d'fhéadfadh a gcinntí laethúla a dhéanamh.

Féadfaidh cathracha i mBallstáit an Aontais, i dTíortha is Iarrthóirí den Aontas, san Eilvéis, san Íoslainn, san Iorua, agus i Lichtinstéin cur isteach ar an dá ghradam.

Príomhchathair Ghlas na hEorpa

Bronntar an Gradam do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa gach bliain ar chathair Eorpach ina bhfuil cónaí ar bhreis agus 100,000 duine agus a léirigh gur ceannródaí í i réimse na hinbhuanaitheachta comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíche. I gcás tíortha nach bhfuil cathair ina bhfuil cónaí ar bhreis agus 100,000 duine aici, is féidir leis an gcathair is mó iarratas a chur isteach.

Is é an phríomhtheachtaireacht go bhfuil an ceart ag muintir na hEorpa a bheith ina gcónaí i gceantair uirbeacha shláintiúla agus dá bhrí sin, ba cheart do bhailte agus do chathracha gach iarracht a dhéanamh cáilíocht saoil na saoránach a fheabhsú agus an tionchar atá acu ar an gcomhshaol domhanda a laghdú. Is léiriú soiléir é an mana, “Cathracha glasa – oiriúnach don saol”, ar an teachtaireacht sin.

In 2020 bronnadh an teideal iomráiteach ar Liospóin na Portaingéile. Tá sé d'aidhm ag an gcathair a bheith go huile is go hiomlán neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050 agus tá sé i gceist aici 100,000 crann a chur le linn na bliana. Faigh tuilleadh eolais maidir le tionscnaimh agus clár comhshaoil Liospóin agus conas páirt a ghlacadh ann anseo.

An bhfuil tú fiosrach faoi ghradaim 2021? Faigh amach cé hiad na cathracha atá ainmnithe.

Gradam na Duilleoige Glaise Eorpaí

Na cathracha sin nach bhfuil mór go leor le bheith san iomaíocht don Ghradam do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa, is féidir leo cur isteach ar Ghradam na Duilleoige Glaise Eorpaí.
Tá an Gradam oscailte do bhailte agus do chathracha ina bhfuil cónaí ar 20,000 go 100,000 duine chun aitheantas a thabhairt dá n-iarrachtaí i dtreo bainistiú agus torthaí comhshaoil níos fearr agus chun na hiarrachtaí sin a chur chun cinn. Gheobhaidh an chathair bhuach deontas chun tacú lena gníomhaíochtaí le linn na bliana agus í mar chathair na Duilleoige Glaise Eorpaí.
Ba iad Lappeenranta (an Fhionlainn), Luimneach (Éire) agus Mechelen (an Bheilg) buaiteoirí chomórtas 2020 na Duilleoige Glaise Eorpaí.

Ní bealach éasca é an bealach glas…

Is mór an onóir é d'aon chathair an teideal ‘cathair ghlas’ a bheith aici, ach níl sé chomh héasca céanna an teideal sin a ghnóthú. Tá an próiseas roghnúcháin an-dian agus ní mór do chathracha na rudaí uile ar baineadh amach go dtí seo a léiriú mar aon leis na rudaí atá beartaithe acu a dhéanamh le cinntiú go leanfaidh an chathair ar aghaidh de bheith ina cathair glas. Ní leor caint ar son na cainte... le measúnú a dhéanamh ar chathair, agus chun í a chur san iomaíocht don teideal, ní mór di go leor eolais, fíricí agus figiúirí a chur isteach i 12 réimse comhshaoil éagsúla (cuir i gcás bainistiú dramhaíola agus uisce, cáilíocht an aeir, an bhithéagsúlacht, an t-athrú aeráide agus feidhmíocht fuinnimh). I mbeagán focal, caithfidh cathracha a léiriú go bhfuil uaillmhianta fadtéarmacha acu a rachaidh chun tairbhe daoine, an phláinéid agus an gheilleagair.

Féach na cathracha ar bronnadh an gradam orthu cheana!

An bhfuil an mianach ceart ag do chathair chun an Gradam do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa nó Gradam na Duilleoige Glaise Eorpaí a thabhairt léi amach anseo?

Coinnigh siúl ar shuíomh gréasáin comórtas an Coimisiúin Eorpaigh le feiceáil cén uair a bheidh an chéad ghlao eile ann nó d'fhéadfá freisin ceist ar chur ar do mhéara!