© Photo by Nick Morrison on Unsplash
Bí slán ar líne!
An nuashonrú is déanaí an An Luan, 30/08/2021
Caithimid go leor ama ar an idirlíon ar ár bhfóin, ár dtáibléid agus ár ríomhairí glúine na laethanta seo chun nascadh leis na meáin shóisialta, dul i dteagmháil lenár gcairde, féachaint ar scannáin, éisteacht le ceol agus chun staidéar nó obair a dhéanamh. Ach cé chomh sábháilte is a bhímid ar líne?
Tá sé de cheart ag daoine óga sult a bhaint as an tréimhse a chaitheann siad ar líne. Gach bliain, i mí Feabhra, eagraíonn an tAontas Eorpach feachtas Lá Sábháilteachta an Idirlín chun feasacht a ardú ar an gcaoi a bhfuil iarrachtaí gach duine le chéile in ann difear a dhéanamh chun idirlíon níos fearr a chruthú don todhchaí (#SaferInternet4EU). Is é an rud is tábhachtaí ná a bheith ar an eolas faoi na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith os do chomhair agus tú ag brabhsáil ar líne agus fios a bheith agat faoi cad is féidir leat a dhéanamh faoi.
Príobháideachas
Níl aon phríobháideachas ag aon rud a fhoilsíonn tú ar líne. Is rud contúirteach é dá bhrí sin eolas pearsanta a chur ar bhlaganna, i do phróifíl nó ar fhóraim phlé agus d’fhéadfadh mí-úsáid eascairt as. Seachain freisin aon rud a rá nó a dhéanamh ar an idirlíon nach ndéanfá sa ghnáthshaol agus smaoinigh ar cé a bheidh ag breathnú ar an rud a phostálann tú ar líne (strainséirí? cairde? cairde le cairde?). Déan cinnte de go socróidh tú do shocruithe príobháideachais.
Go deimhin, cé go bhfuil sé níos éasca an fhaisnéis phearsanta a roinn tú a scriosadh go buan mar gheall ar dhlíthe an Aontais Eorpaigh a ritheadh le déanaí (ar chuala tú faoi RGCS? seiceáil ár n-alt faoi do chearta ar líne), bíonn sé an-chasta uaireanta í a fháil ar ais nó í a scriosadh. Dá thapa a dhéanann tú rud éigin is amhlaidh is fearr é, mar dá fhaide a bhíonn inneachar ar líne, is amhlaidh is mó is féidir é a roinnt. Más mian leat an méid eolais atá agat ar shlándáil an idirlín a mheas, tabhair faoi thráth na gceist ar Cibearshlándáil ar líne. Tógfaidh sé deich nóiméad ar a mhéad agus is cinnte go bhfoghlaimeoidh tú rud éigin a rachaidh chun tairbhe duit!
Is sampla maith de rioscaí príobháideachais í an ghnéastéacsáil (íomhánna digiteacha, físeáin, teachtaireachtaí téacs nó ríomhphoist gháirsiúla, a sheoltar ar an bhfón póca de ghnáth). Cé go bhféadfadh sé nach mbeadh aon dochar ag baint leis agus go bhfuil muinín agat as an duine a bhfuil tú ag seoladh teachtaireachtaí chuige nó chuici, cad a tharlóidh má roinnfear nó má thiocfar ar an íomhá nó an físeán?
Mealltóireacht ar líne
Tarlaíonn mealltóireacht nuair a théann duine fásta i dteagmháil leat ar líne, trí úsáid a bhaint as próifílí bréagacha a thugann le fios gur duine óg nó duine mór le rá é. D’fhéadfadh roinnt cúiseanna a bheith ag an duine sin chun bob a bhualadh ort agus mí-úsáid a bhaint as do chuid soineantachta: chun dúshaothrú a dhéanamh ort agus roinnt airgid a dhéanamh as an bpictiúr a d’fhéadfá a roinnt dá phléisiúr gnéasach féin (d’fhéadfadh roinnt de na pictiúir críochnú ar ghréasán dorcha péidifileach), nó chun dúmhál a dhéanamh ort. Is coir é sin. Tugtar comhéigean agus sracadh gnéasach ar líne air.
Cuirfidh an té a bheidh do do mhealladh aithne ort roimh ré agus beidh muinín agat as. Níl sé éasca a dhéanamh amach an é go bhfuil duine ag iarraidh thú a mhealladh nó nach bhfuil. Déan cinnte de nach seolann tú íomhánna ná físeáin díot féin gan aon éadaí ort chuig fóraim ar líne ná ar na meáin shóisialta mura bhfuil aithne phearsana agat ar an té a gheobhaidh na híomhánna nó na físeáin sin. Má cheapann tú go bhfuil duine éigin ag iarraidh thú a mhealladh ar líne, déan cinnte de go gcuirfidh tú deireadh leis an gcomhrá, go lorgóidh tú cúnamh agus go dtabharfaidh tú tuairisc ar an duine.
Fuathchaint
Baineann fuathchaint le tuairim dhiúltach ghinearálta a chur in iúl faoi ghrúpa áirithe nó faoi dhuine atá sa ghrúpa sin. Is cineál ciníochais agus idirdhealaithe é atá coitianta ar fud na hEorpa agus tá sé á threisiú tríd an idirlíon agus na meáin shóisialta. Is í an tseineafóibe an chúis is coitianta a thuairiscítear fuathchaint, ina dhiaidh sin tá an claonadh gnéis agus fuath do Mhoslamaigh (Cód iompair maidir le fuathchaint a stopadh ar líne). Bíonn an tAontas Eorpach ag obair le soláthraithe ar líne le cinnte a dhéanamh de gur féidir le híospartaigh tuairisc a thabhairt ar fhuathchaint.
Sheol Comhairle na hEorpa feachtas “No Hate Speech Campaign” chun feasacht a ardú ar an tábhacht atá le fuathchaint a cháineadh. Is gairm chun gnímh é an feachtas sin, agus gheobhaidh daoine óga acmhainní chun beart a dhéanamh agus teagmhálaithe náisiúnta chun tuairisc a thabhairt ar fhuathchaint ar shuíomh gréasáin an fheachtais.
Cibearbhulaíocht
Is nós nó gnás í an chibearbhulaíocht a tharlaíonn ar líne nuair a dhéanann duine óg (nó grúpa) bagairt ar dhuine eile, nó nuair a náiríonn nó nuair a ghortaíonn siad duine eile. Is féidir leis tarlú ag am agus in áit ar bith, is féidir leis an té atá i mbun na bulaíochta ar líne a bheith ag déanamh rudaí gan a ainm a chur leis agus go minic bíonn níos mó finnéithe ar líne ná mar a tharlaíonn i gcás bulaíochta san fhíorshaol. Ar an gcéad Déardaoin i mí na Samhna, eagraíonn UNESCO agus a chuid Ballstát an Lá Idirnáisiúnta i gcoinne an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil Lena nÁirítear an Chibearbhulaíocht, ag aithint gur sárú ar chearta oideachais, sláinte agus folláine leanaí agus ógánach é foréigean a bhaineann leis an scoil, is cuma cén cineál foréigin é.
Is iomaí rud is féidir leatsa a dhéanamh chun deireadh a chur leis ar líne agus as líne, ar scoil nó áit éigin eile i do phobal. An chéad rud is ceart a dhéanamh ná an fód a sheasamh ar son daoine eile má fheiceann tú bulaíocht á déanamh. Déan cinnte de go mbeidh tú airdeallach agus seas suas! Má d’fhulaing tú féin bulaíocht, ná bíodh faitíos ort labhairt le duine éigin, do chairde, do theaghlach, do mhúinteoir, seirbhís speisialta nó aon duine fásta as a bhfuil muinín agat (féach baill an Líonra Eorpaigh Frithbhulaíochta nó an comhlacht comhionannais náisiúnta i do thír chónaithe). Lorg cúnamh, níl tú i d’aonar agus cuimhnigh i gcónaí gur mór an náire é an bulaí, ní thusa!
Bréagnuacht
Tá bréagnuacht i ngach áit ar an ngréasán, is é sin nuacht mhíchruinn nó nuacht mhíthreorach a sheoltar go feasach sna meáin chun dul i bhfeidhm ar thuairimí. Ionas go mbeifear in ann bréagnuacht a aithint, caithfidh tú a bheith in ann an fhaisnéis a shainaithint.
Tá prionsabail bhunúsacha ann chun bailíocht na faisnéise a sheiceáil: cé a scríobh an nuacht agus cén cuspóir atá aige? Ar postáladh an nuacht ar shuíomh iontaofa? Ar foilsíodh í ar fhoinsí eile ar féidir brath orthu? Tá sé riachtanach do scileanna smaointeoireachta criticiúla a neartú chun idirdhealú a dhéanamh idir foinsí faisnéise iontaofa agus eolas míchruinn. Riail thábhachtach amháin: má tá an scéal ródhona nó rómhaith le bheith fíor, seans maith nach bhfuil sé fíor!
Léigh tuilleadh faoin ábhar san alt eile seo ar Thairseach Eorpach na hÓige.
An bhfuil tú ag iarraidh tuairisc a thabhairt ar mhí-úsáid?
Tá sásraí tuairiscithe náisiúnta leagtha síos ag formhór thíortha na hEorpa agus cuireann siad tacaíocht ar fáil d’íospartaigh na cibearbhulaíochta, na fuathchainte agus na fuathchoireachta, tacaíocht a chuireann údaráis náisiúnta agus eagraíochtaí neamhrialtasacha ar fáil. Féach an liosta a chuir Comhairle na hEorpa ar fáil.
Laistigh den Aontas Eorpach, cuireann Ins@fe, cuid de líonra na nIonad d’Idirlíon Níos Sábháilte, liosta ar fáil de línte cabhrach a bhailíonn eolas, agus a thugann comhairle agus cabhair do dhaoine óga faoin gcaoi le dul i ngleic le hinneachar díobhálach, teagmháil dhíobhálach ar nós mealltóireachta, agus iompar díobhálach ar nós cibearbhulaíochta nó gnéastéacsála. Féadfaidh tú tuairisc a thabhairt nó labhairt go díreach le línte cabhrach an líonra.
Tairgeann tairseach an Aontais Eorpaigh um Idirlíon Níos Fearr do Leanaí acmhainní agus leideanna chun thú féin a chosaint nuair a théann tú ar an idirlíon. Tá rannán ann atá tiomnaithe do dhaoine óga, “BIK Youth”, inar féidir leat teacht ar acmhainní áisiúla agus a bheith rannpháirteach trí dheis cainte a fháil.
An saineolaí cibearshlándála óg thú?
Is é an Dúshlán Eorpach Cibearshlándála an t-imeacht bliantúil Eorpach a thugann scoth na tallainne le chéile ó gach cearn den Eoraip le bheith ag súgradh agus dul san iomaíocht i gcúrsaí cibearshlándála. Beidh imeacht 2020 ar siúl sa Vín ón 3-7 Samhain 2020.
Buailfidh pearsana móra cumasacha ón gcibearshaol as gach tír rannpháirteach le chéile sa Vín chun líonrú agus comhoibriú agus chun dul san iomaíocht lena chéile. Tabharfar dúshlán do na hiomaitheoirí tascanna a bhaineann le slándáil a réiteach ó fhearainn amhail slándáil an ghréasáin, slándáil shoghluaiste, cripteaphuzail, ais-innealtóireacht agus fóiréinsic, agus pointí a bhailiú lena linn as iad a réiteach.
Faigh amach conas a bheith páirteach ar shuíomh gréasáin an imeachta.