Skip to main content
© European Union © European Union

Cuir tionscadail óige ar bun le cabhrú chun do phobal a fheabhsú

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 13/09/2021

An bhfuil tú ag smaoineamh faoi thionscadal óige a thosú, a bheidh dírithe ar dhaoine óga agus á reáchtáil acu freisin, ach níl a fhios agat cén áit ar cheart duit tosú? Tá an treoir seo curtha i dtoll a chéile againn le cabhrú leat a bheith eagraithe, is cuma cá bhfuil tú ar do thuras tionscadail.

Teacht aníos le smaoineamh le haghaidh tionscadail: seo cúig phríomhghné le dul i ngleic leo.

1. Leag amach aidhm shoiléir

Bíonn sé scanrúil i dtosach teacht aníos le smaoineamh le haghaidh tionscadail ach má ghlacann tú d’am chun machnamh a dhéanamh ar an rud ar mian leat tacú leis nó a athrú, tiocfaidh tú aníos le haidhm do thionscadail. Is ionann an aidhm agus rún foriomlán do thionscadail, an rud ar mian leat tionchar a imirt air agus na torthaí is mian leat a fheiceáil ag an deireadh. Is é sin an rud a threoróidh do thionscadal agus a thabharfaidh fís agus treo duit. 

2. Cuspóirí cliste

Nuair a bheidh an aidhm agat, caithfidh tú tosú ag smaoineamh faoi do chuspóirí. Is féidir breathnú orthu mar na céimeanna is gá duit a thógáil agus na rudaí a chaithfidh tú a chur i gcrích chun d’aidhm a bhaint amach. Ná dearmad spriocanna S.M.A.R.T a leagan síos ionas go mbeidh sé éasca measúnú a dhéanamh ar do chuspóirí. Mar shampla, más é an aidhm atá agat idirphlé a chruthú idir daoine óga agus cinnteoirí, d’fhéadfadh sé a bheith mar chuspóir agat 2,000 duine óg a chur ar an eolas faoin gcaoi ar féidir leo tograí a chur in iúl do chinnteoirí, tús a chur le hidirphlé chun comhlacht comhairliúcháin buan a bhunú, etc. 

3. Spriocghrúpaí ar leith

Cé hiad na spriocghrúpaí ba mhaith leat a bheith páirteach ann? Daoine óga i gcoitinne, daoine óga ó réigiún ar leith nó ó ghrúpa ar leith? Cén aois atá siad, cé na rudaí a bhfuil spéis acu iontu, cé na nósanna atá acu? Bí sonrach nuair atá do spriocghrúpa á bheachtú agat chun go mbeidh sé níos éasca na gníomhaíochtaí agus na bealaí a shainiú a n-úsáidfear chun dul i dteagmháil leo. 

4. Gníomhaíochtaí ábhartha 

Seo an dóigh a rachaidh tú i mbun an tionscadail. Cad iad na gníomhaíochtaí is mian leat a dhéanamh chun do chuspóirí a bhaint amach? Má bhaineann do thionscadal le hidirphlé a chruthú idir d’údarás réigiúnach agus daoine óga, d’fhéadfaí cruinnithe a eagrú leis an réigiún ionas go dtiocfaidís ar bord, feachtas cumarsáide a reáchtáil chun daoine óga a chur ar an eolas agus teagmháil a dhéanamh leo, etc.

Ná déan dearmad gníomhaíochtaí ar leith a bhaineann le cumarsáid a chur leis mar chuid de do phlean cumarsáide. Leis sin freagrófar ceisteanna ar nós:

  • Cad é do theachtaireacht agus cad é sprioc do chumarsáide?
  • Cé na daoine is mian leat a shroicheadh agus cén chaoi a mbeidh a fhios agat má éiríonn leat?
  • Cad iad na bealaí a rachaidh tú i dteagmháil leo? 

Déan cinnte d’íomhánna agus do théacs a mheasúnú agus bíodh sé inléite, sothuigthe agus mealltach don spriocghrúpa. 

5. Déan faireachán agus meastóireacht ar do thorthaí

Níor cheart gur ag an deireadh amháin a dhéanfaí an mheastóireacht ach ba cheart í a chomhtháthú ag céimeanna éagsúla den tionscadal. Trí mheastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn, beidh tú in ann rioscaí féideartha a shainaithint agus do mhodhanna agus gníomhaíochtaí a chur in oiriúint le bheith cinnte de go mbainfidh tú amach aidhm do thionscadail. Ag an deireadh ar fad, bí cinnte go ndéanann tú meastóireacht agus go mbailíonn tú aiseolas uathu siúd a ghlac páirt i do thionscadal nó a raibh teagmháil agat leo lena linn. Ní hamháin go gcabhróidh sé sin leat tuiscint a fháil ar na bealaí a bhféadfaí an tionscadal a fheabhsú ach gheobhaidh tú ceachtanna freisin le haghaidh tionscadal sa todhchaí. 

Ar thóir inspioráide?

Tá uirlisí ann chun tacú leat machnamh a dhéanamh ar conas do ghníomhaíochtaí tionscadail a chur chun feidhme, conas gníomhaíochtaí níos cuimsithí agus níos rannpháirtí a cheapadh agus conas dul i ngleic le rioscaí féideartha feadh an bhealaigh. 

  • Cabhraíonn an feidhmchlár gréasáin Q-App leat tionscadail d’ardchaighdeán a fhorbairt; treoraítear thú trí na céimeanna éagsúla de phleanáil an tionscadail agus tacaítear leat agus le d’fhoireann machnamh a dhéanamh faoi conas caighdeán do thionscadail a fheabhsú. Féadfaidh tú triail a bhaint as an treoir “16 chéim i dtreo tionscadal foirfe!" (16 steps to a perfect project!) agus breathnú cá bhfuil tú faoi láthair.

Dá mba mhaith leat roinnt inspioráide a fháil féadfaidh tú dul i dtreo na mbunachar sonraí seo a leanas; ceadaíonn a bhformhór duit cuardach a dhéanamh le heochairfhocail agus aimseoidh tú na rudaí a forbraíodh i do thír cheana.

Maoiniú a lorg

Tá go leor acmhainní is féidir leat a úsáid ón leibhéal áitiúil go dtí an leibhéal Eorpach chun cabhrú leat do thionscadal a reáchtáil. Bí cinnte go dtéann tú i gcomhairle le d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha, tabhair cuairt ar a suíomh gréasáin nó fiafraigh de do chomhairle óige náisiúnta faoi dheontais chun tacú le do thionscadal. 

Seo liosta de chláir an Aontais a d'fhéadfadh tacú leat chun an tionscadal a mhaoiniú:

  • Má theastaíonn uait imeacht oiliúna nó malartú óige a chruthú – seiceáil Príomhghníomhaíocht 1 de chuid Erasmus+ a thacaíonn le taisteal agus malartú idir daoine óga.
  • Má tá gné chomhairliúcháin nó idirphlé ag baint le do thionscadal a thacaíonn le beartais i do phobal, féach ar thacaíocht Phríomhghníomhaíocht 3 de chuid Erasmus+ i gcomhair athbhreithniú beartais. 
  • B’fhéidir go bhfuil tionscadal áitiúil á eagrú agat le gné shóisialta, mar sin is é an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (Tionscadail Dlúthpháirtíochta) an tagairt is fearr duit. Cuirtear maoiniú ar fáil sa chlár sin do thionscnaimh áitiúla a bhfuil gné shóisialta leo agus tacaíonn sé freisin le heagraíochtaí ar mian leo oibrithe deonacha a óstáil dá dtionscadail.
  • Cuireann Cumann Mac Léinn agus Alumni Erasmus+ deontais tionscadail níos lú ar fáil do thionscadail ar fud na hEorpa a oibríonn ar mhaithe leis an idirnáisiúnú, leis an bhfoghlaim idirchultúrtha agus le soghluaisteacht daoine óga. 

Is féidir leat maoiniú príobháideach a lorg freisin. Tá roinnt suíomhanna ar ar féidir leat do shluachistiú féin a chur ar bun agus iarraidh ar dhaoine aonair agus gnólachtaí cabhrú chun do thionscadal a mhaoiniú. I measc na samplaí Eorpacha tá whydonate.eu agus Ulule ach go minic bíonn leathanaigh sluachistithe náisiúnta ann le cabhrú leat sluachistiú a dhéanamh i do phobal. 

Rogha eile is ea urraíocht a iarraidh ar eagraíochtaí agus gnólachtaí i do réigiún arbh fhéidir gur spéis leo do smaoineamh a mhaoiniú nó an spriocghrúpa atá ag do thionscadal a shroicheadh freisin.

Tá súil againn go dtreoróidh na leideanna sin thú chun do thionscadal a chruthú. Ná bíodh drogall ort labhairt le do phointe Eurodesk áitiúil, do chomhairle óige náisiúnta nó do ghníomhaireacht náisiúnta chun tuilleadh tacaíochta a fháil saor in aisce.