Skip to main content
© Photo by Hermes Rivera on Unsplash © Photo by Hermes Rivera on Unsplash

Is ar do phláta a thosaíonn an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 22/06/2021

Bíonn go leor deiseanna agat gach lá chun roghanna a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe don chomhshaol, do na feirmeoirí agus dár sláinte. Cén dóigh, do bharúil? Smaoinigh ar dtús ar a bhfuil tú ag cur ar do phláta.

Sheol an tAontas Eorpach an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ i mí na Bealtaine 2020, rud a chuir sé i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip mar go bhfuil sé d’aidhm aici córais bhia a dhéanamh cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá dlúthbhaint aici freisin le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus is iad seo a leanas roinnt de na príomhchuspóirí:

  • Deimhin a dhéanamh de tháirgeadh bia inbhuanaithe agus an lorg aeráide a laghdú
  • A chinntiú go mbeidh bia sláintiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe ar fáil do na saoránaigh
  • An comhshaol a chosaint agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú
  • Borradh a chur faoi thoradh cóir eacnamaíoch sa bhiashlabhra agus an fheirmeoireacht orgánach a mhéadú

Leis an straitéis sin cuideofar chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad ilchríoch aeráidneodrach ar domhan faoi 2050, agus beidh sí ar thús cadhnaíochta i dtaca le córais bhia inbhuanaithe ar fud an domhain.

An tionchar a bhíonn ag an mbia a itheann tú ar an gcomhshaol

De ghnáth, bíonn bealach fada le taisteal ag an mbia, ón áit a dtáirgtear é nó a bhfástar é go dtí go dtéann sé isteach i do chistin, agus ciallaíonn sé sin go bhfágann sé lorg carbóin ollmhór. 

Is searbh an deoch le hól é go gcuirtear thart ar 20% den bhia a tháirgtear amú, nuair a úsáideadh an oiread sin acmhainní fuinnimh chun é a tháirgeadh, agus go bhfuil daoine ann a bhíonn ag fulaingt leis an ocras ag an am céanna. 

Is sláintiúla dúinne agus don phláinéad níos lú taistil a dhéanamh agus níos mó glasraí a ithe go laethúil. Go deimhin, chun 1 kg de phróitéin plandabhunaithe a tháirgeadh (sicphiseánaigh nó lintilí, mar shampla), úsáidtear 10 n-uaire níos lú uisce agus suas le 18 n-uaire níos lú den limistéar talún chuige sin, i gcomparáid leis an méid is gá a úsáid chun 1 kg de mhairteoil a fháil.

Tá méadú ag teacht ar an murtall freisin agus is drochscéala ceart é sin ó tharla go meastar gur aistí bia míshláintiúla ba chúis le 950,000 bás (sin duine amháin as gach cúigear) san Aontas in 2017. Is é sin an fáth a bhfuil práinn le córais bhia níos inbhuanaithe agus níos sláintiúla freisin.

Conas tús a chur leis

Tá tábhacht ag baint le gach rogha ionas go mbeidh go leor cumhachta agat chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • Táirgí séasúracha a cheannach: bíonn blas níos fearr orthu, bíonn praghas níos saoire orthu, agus is bealach an-éasca é sin chun go mbeidh níos mó éagsúlachta ann maidir leis na torthaí agus na léagúim a itheann tú. Nach mbíonn an píosa fionnuar sin de mhealbhacán uisce i gcónaí ina chuid de na cuimhní cinn atá agat ar laethanta an tsamhraidh? Tá cúis mhaith leis sin, agus tá sé aisteach go leor gur féidir an toradh sin a fháil i mí na Nollag, mar shampla. Tá go leor féilirí ar fáil is féidir a úsáid chun go mbeidh a fhios agat cad atá i dtráth i rith na bliana. 
  • Dá chóngaraí dúinn é, is amhlaidh is fearr é! Féach leat cén áit ar fásadh an bia a itheann tú agus roghnaigh, nuair is féidir, táirgí a bhfuil níos lú taistil déanta acu. Cuideoidh sé sin chun laghdú a dhéanamh ar lorg carbóin na dtáirgí agus d’aiste bia féin.
  • Triail a bhaint as roghanna malartacha plandabhunaithe agus sult a bhaint as oidis nua a fhoghlaim. D’ainmnigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an bhliain 2021 mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTorthaí agus na nGlasraí (IYFV), mar sin is féidir leat d’oidis nua a chomhroinnt trí na haischlibeanna #IYFV2021 agus #FruitsVegYear a úsáid chun níos mó daoine a mhealladh anall chuig an taobh sláintiúil inbhuanaithe! 
  • Pacáistí bia beir leat aon úsáide a sheachaint agus coimeádáin in-athúsáidte a úsáid. An féidir leat an truailliú a shamhlú mar thoradh ar níos mó ná 2,000 milliún coimeádán bia beir leat atá á n-úsáid in aghaidh na bliana san Aontas Eorpach féin amháin? Féach leat an damáiste atá á dhéanamh ar ár bpláinéad trínár n-alt Life in plastic, not fantastic [An saol plaisteach, tá sé millteach] a léamh.

Tar éis an tsaoil, is ceart smaoineamh air mar chás a théann chun tairbhe do chách: téann aistí bia níos sláintiúla chun tairbhe dúinn ar fad, tugtar aire don domhan, don lá inniu agus don todhchaí, agus cuirtear borradh faoin téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe áit a bhfuil sé ag teastáil uainn go léir.