Skip to main content
Submitted by Beatriz RODRIG… on
Draw lines
Yes
Color
#9832ED
Cities/Points
Name
Réicivíc
Country
an Íoslainn
Population
122583
Why visit?

De réir Thuarascáil 2023 ar Shonas na nDaoine i dTíortha an Domhain Mhóir, is iad na hÍoslannaigh an tríú daonra is sona ar domhan. Faigh amach cén fáth a ndéanann muintearas láidir idir na daoine, a háilleacht nádúrtha agus grá don litríocht ceann de na tíortha is sona ar domhan den Íoslainn. Agus tú ann, tabhair cuairt ar cheann de na háiteanna áineasa uisce ar nós Linn Snámha Sundhöll Reykjavík, áit ar féidir leat taitneamh a bhaint as an seomra allais nó an folcadán gaile leis na hÍoslannaigh, i gceann dá ngníomhaíochtaí náisiúnta, nó ar Heiðmörk – anaclann dúlra ar imeall Réicivíce – chun taitneamh a bhaint as an spás poiblí glas atá breac le sainchomharthaí tíre spéisiúla i measc an tírdhreacha álainn.

Image
Réicivíc - an Íoslainn
Coordinates
64.1334071,22.0083214
Tags with icon
Happy City
Spots to Swim
Name
Réicivíc
Country
an Íoslainn
Population
122853
Why visit?

De réir Thuarascáil 2023 ar Shonas na nDaoine i dTíortha an Domhain Mhóir, is iad na hÍoslannaigh an tríú daonra is sona ar domhan. Faigh amach cén fáth a ndéanann muintearas láidir idir na daoine, a háilleacht nádúrtha agus grá don litríocht ceann de na tíortha is sona ar domhan den Íoslainn. Agus tú ann, tabhair cuairt ar cheann de na háiteanna áineasa uisce ar nósLinn Snámha Sundhöll Reykjavík, áit ar féidir leat taitneamh a bhaint as an seomra allais nó an folcadán gaile leis na hÍoslannaigh, i gceann dá ngníomhaíochtaí náisiúnta, nó ar Heiðmörk – anaclann dúlra ar imeall Réicivíce – chun taitneamh a bhaint as an spás poiblí oscailte glas atá breac le sainchomharthaí tíre spéisiúla i measc an tírdhreacha álainn.

Image
Réicivíc - an Íoslainn
Coordinates
64.1333973,-22.017247
Tags with icon
Happy City
Spots to Swim
Name
Osló
Country
an Iorua
Population
634293
Why visit?

Caith roinnt ama in Osló agus faigh amach cén fáth a bhfuil an Iorua rangaithe go minic ar cheann de na tíortha is sona ar domhan. Ní haon iontas é go bhfuil Osló ar cheann de na príomhchathracha is glaise san Eoraip, ná gur bhuaigh sí an Gradam do Phríomhchathair Ghlas na hEorpa in 2019, mar tá an chathair breac le spásanna glasa agus ní bhíonn tú riamh ró-fhada ón dúlra, ar nós fhorais Nordmarka nach bhfuil ach 20 nóiméad ón gcathair féin agus atá inrochtana ar an iompar poiblí. Is eol go ndéanann spásanna glasa maitheas don mheabhairshláinte. Anuas air sin, tá sé fíor-éasca siúl timpeall na cathrach nó dul timpeall uirthi ar an rothar agus is eol go gcuireann sé feabhas ar ár ngiúmar a bheith gníomhach mar sin. Más mian leat do chuid aclaíochta a dhéanamh agus radhairc dheasa i do thimpeall, téigh ag spaisteoireacht i bPáirc Dealbh Vigeland, áit ar féidir leat taitneamh a bhaint as níos mó ná 200 dealbh amuigh faoin aer, agus tá sé saor in aisce agus ar oscailte ó cheann ceann na bliana.

Image
Osló - an Iorua
Coordinates
59.8937521,10.6203103
Tags with icon
European Green Capital
Bikeable City
Walkable City
Plenty of Nature
Happy City
Former Olympic City
Name
Malmö
Country
an tSualainn
Population
344166
Why visit?

Agus tú ag siúl nó ag rothaíocht timpeall ar Malmö, gach seans go bhfaighfeá amach go gcuireann sé feabhas ar do ghiúmar a bheith ag gluaiseacht. Nó b’fhéidir gurbh fhearr leat ropadh gaoithe a bhrath ó Chaolas Øresund nó radharc deas ar an uisce fiú? Agus tú in Malmö, bí cinnte cuairt a thabhairt ar Mhúsaem na Nua-Ealaíne (tá cead isteach saor in aisce do dhaoine faoi bhun 19 mbliana d’aois) nó ar Malmö Konsthall (saorchead isteach), áit ar féidir leat tú féin a thumadh sa chruthaitheacht chun an nasc idir an ealaín agus an sonas a aimsiú. Ainmníodh Malmö mar an chathair is sona sa tSualainn in 2016 agus mar sin de bí ag faire amach do rudaí a thugann misneach do na daoine a bhfuil cónaí orthu ann agus tú ag siúl timpeall na cathrach. 

Image
Malmö - an tSualainn
Coordinates
55.570058,12.8511647
Tags with icon
Bikeable City
Walkable City
Happy City
Access City Award Winner
European Green Capital Finalist
Name
Aalborg
Country
an Danmhairg
Population
211684
Image
Aalborg - an Danmhairg
Coordinates
57.025446,9.3169813
Tags with icon
Happy City
Walkable City