Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Na cineálacha tionscadail a reáchtáiltear faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Tugtar sa liosta seo na cineálacha tionscadail is féidir a reáchtáil faoi chuimsiú an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ní thugtar gach saghas tionscadail sa liosta, agus is féidir go leasófar an liosta de réir mar a thiocfaidh forbairt ar an gCór.

Cuimsiú

Réimse leathan é seo a chuimsíonn nithe ar nós obair a dhéanamh le daoine atá faoi mhíchumas nó le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu, an t-idirdhealú agus an éadulaingt a chomhrac, obair a dhéanamh le grúpaí mionlaigh ar nós na Romach, agus saincheisteanna a bhíonn i dtreis ó chultúr go chéile, ó reiligiún go chéile agus ó ghlúin go chéile.

Dídeanaithe agus imircigh a ghlacadh agus a imeascadh

Cúnamh a thabhairt fáilte a chur roimh dhaoine atá tar éis an Eoraip a bhaint amach, agus cuidiú leo imeascadh i bpobail ar fud na hEorpa.

Saoránacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach

Is féidir tionscadail a bhaineann le cearta an duine agus saincheisteanna dlí a bheith i gceist leis seo, agus tionscadail atá ceaptha cúnamh a thabhairt do dhaoine feabhas a chur ar an tuiscint atá acu ar oibriú an daonlathais agus ar lucht déanta cinntí agus ar an gciall atá acu don dá rud sin.

Tubaistí a chosc agus téarnamh ó thubaistí

Tionscadail atá ceaptha cúnamh a thabhairt contúirtí a sheachaint a bhaineann le tubaistí nádúrtha agus a bhfuil eolas orthu, agus cuidiú le pobail téarnamh ó thubaistí nádúrtha. Féach nach n-iarrfar ar rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh aon seirbhísí práinnfhreagartha ar thubaistí a sholáthar. Daoine a bhfuil sainoiliúint faighte acu agus a bhfuil taithí acu ar a leithéid a dhéanamh go sábháilte i ndálaí contúirteacha, agus iad sin amháin, a dhéanann cúraimí den saghas sin.

An comhshaoil agus cosaint an chomhshaoil

Tionscadail a bhaineann leis an athrú aeráide, le fuinneamh agus le hacmhainní nádúrtha, agus le réimsí a bhfuil gaol acu le chéile, e.g. An talmhaíocht, an fhoraoiseacht agus an t-iascach.

Sláinte agus folláine

Tionscadail atá ceaptha sláinte agus folláine daoine a chur chun cinn, cuir i gcás beatha shláintiúil a chaitheamh agus an t-aosú gníomhach.

Oideachas agus oiliúint

D’fhéadfadh mórchuid cineálacha tionscadail oideachais a bheith i gceist, cuir i gcás cosc a chur ar luathfhágáil na scoile, feabhas a chur ar bhun-inniúlachtaí ar nós inniúlachtaí matamaitice agus ríomhaireachta, agus teangacha iasachta a mhúineadh.

Fostaíocht agus fiontraíocht

Tionscadail atá ceaptha dul i ngleic le gnéithe den dífhostaíocht, agus cúnamh a thabhairt do dhaoine meon na fiontraíochta a chothú.

Cruthaitheacht agus cultúr

Tionscadail ina n-úsáidtear na healaíona cruthaitheacha agus an cultúr chun cuidiú le pobail deacrachtaí de shaghsanna éagsúla a shárú.

Spórt

Tionscadail atá ceaptha an cuimsiú sóisialta, comhdheiseanna agus cleachtadh spórt a mhéadú, cleachtadh spórt i measc ghnáthphobail na sochaí san áireamh.