Skip to main content
© StockSnap © StockSnap

Na rudaí riachtanacha le haghaidh do thurais

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 13/11/2023

Beagnach réidh le fágáil! Idir dhoiciméid taistil agus riachtanais sláinte, seo meabhrúchán beag faoina mbeidh ag teastáil uait ar thuras timpeall na hEorpa.

Do Dhoiciméid Taistil

Bíonn cineálacha áirithe aitheantais ag teastáil nuair a bhítear ag taisteal ar fud na hEorpa, mar sin bí cinnte go mbeidh do phas agus cineál eile aitheantais náisiúnta ar iompar agat! Má bhíonn tú ag taisteal chuig tír nach bhfuil i gcomhaontú Schengen, cuimhnigh go gcaithfidh tú aitheantas nó pas bailí a thaispeáint.

Coinnigh na doiciméid sin sábháilte, slán agus coinnigh as amharc iad. B’fhiú freisin cóip scanta a dhéanamh de na doiciméid agus a chinntiú go mbeidh fáil agat féin nó ag duine éigin lena mbeidh tú in ann dul i dteagmháil i gcás éigeandála, cuir i gcás i ríomhphost nó i néalstóráil má tá spás stórála sábháilte agat. 

I gcás go mbeadh deacracht agat, bheadh sé áisiúil d’ambasáid/chonsalacht náisiúnta i do thír chinn scríbe a bheith ar eolas agat. Féadfaidh tú an áit a bhfuil siad lonnaithe a fhiosrú ar shuíomh gréasáin um chosaint chonsalach an Choimisiúin Eorpaigh.

Do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte

Nuair a bheidh tú ag taisteal chuig tír eile, b’fhiú duit smaoineamh ar cad atá in ann tarlú nuair a thiocfaidh tú isteach i dtír. Má éiríonn tú tinn nuair a bheidh tú as baile, ní leor d’aitheantas – teastóidh do Chárta Eorpach um Árachas Sláinte uait.

Ceapadh an cárta sin chun a chinntiú gur féidir leat an cúram sláinte leighis riachtanach, á sholáthar ag an stát, a fháil fad a bheidh tú ar saoire, ag staidéar nó ag déanamh obair dheonach aon áit san Aontas Eorpach (chomh maith leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin) i gcás go n-éiríonn tú tinn gan choinne.

Ní thagann an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte in ionad árachas taistil, ach fad a bheidh tú i dtír choigríche ráthaíonn sé cóir leighis duit faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna le muintir na háite atá faoi árachas sa tír sin. 

Cúrsa taistil, nó conas an puzal a réiteach

Féadfaidh tú Rome2Rio a úsáid mar uirlis chun do thuras a phleanáil. Taispeánfar gach nasc féideartha ar an suíomh gréasáin, agus praghsanna measta, agus bealaí difriúla iompair. Nascann sé thú le suíomhanna gréasáin na soláthraithe iompair agus a dtráthchláir.

Tá bealach eile spéisiúil ann chun a fháil amach cén áit is fearr chun bualadh le do chairde nó stad a phleanáil. Tugann suíomhanna gréasáin ar nós Shall we meet in the middle, What’s halfway agus Meeting halfway deis duit dhá shuíomh dhifriúla a phiocadh, an fad a ríomh, agus tabharfaidh siad an t-eolas duit ar a bhfuil sa lár. 

Ag Fánaíocht agus Úsáid Fón

Ní ghearrtar táillí fánaíochta níos mó ar dhaoine atá ag cur fúthu san Aontas Eorpach a bhíonn ag taisteal go tréimhsiúil laistigh den Aontas. Beidh tú in ann d’fhón póca a úsáid leis an gcárta SIM ó do thír chónaithe nuair a rachaidh tú chuig tíortha eile san Aontas Eorpach, leis na praghsanna agus liúntais chéanna le haghaidh glaonna agus téacsanna agus atá agat sa bhaile, ach go bhféadfadh an méid úsáide a bhaintear as sonraí a bheith beagán difriúil. 

Ciallaíonn sé sin nach mbeidh leithscéal ar bith agat gan a bheith i dteagmháil le cairde agus gaolta chun do thaithí a roinnt leo!

Taistil & Sábháil

Is cuid an-tábhachtach d’aon turas é an buiséad agus beidh áthas ort a chloisteáil go bhfuil cártaí ann ionas nach mbeidh tú as póca ar do thuras:

An Cárta Óige Eorpach: má tá tú faoi bhun 30 bliain d’aois, féach an 60 000 lascaine atá le fáil leis an gcárta seo. Cuardaigh léarscáil na hEorpa agus aimsigh laghduithe ar ghníomhaíochtaí cultúrtha, siopaí, iompar, áiteanna le dul ag ithe agus lóistín.
Cárta ISIC: más mac léinn thú, beidh tú in ann lascainí a fháil ar thaisteal, músaeim agus ar mhórtharraingtí turasóireachta ar fud an domhain leis an gcárta aitheantais do mhic léinn seo a nglactar leis go hidirnáisiúnta. Seiceáil cén áit a mbeidh tú in ann do chárta a fháil agus beidh fáil agat ar laghduithe in thart ar 125 000 áit i mbeagnach 130 tír.
• Má tá fonn ort na músaeim a fheiceáil, bíodh a fhios agat go mbíonn cead isteach saor in aisce chuig na músaeim náisiúnta (chuig na taispeántais bhuana) go hiondúil i roinnt Tíortha Eorpacha, agus go bhfuil scéimeanna eile ar fáil freisin ar nós saorchead isteach ar an gcéad Domhnach den mhí nó lá ar leith den tseachtain. Mar a fheiceann tú tá go leor córais dhifriúla ann, agus is dea-scéal é go bhfuil neart lascainí ar fáil do dhaoine óga – níl le déanamh agat ach beagán taighde a dhéanamh chun teacht ar na margaí is fearr, agus do thuras a phleanáil dá réir sin.

Treoracha taistil

Ní gá duit i ndáiríre leabhar a thabhairt leat ar do thuas na laethanta seo; leis na leaganacha seo go léir ar líne ní gá duit ach an ceann is fearr a roghnú do do thuras:

  • Trip Advisor an-áisiúil go deo! Seiceáil léirmheasanna, moltaí agus praghsanna chomh maith leis na huaireanta oscailte. Tá fóram air freisin, agus gheobhaidh tú neart moltaí maithe ó dhaoine a thug cuairt ar áiteanna cheana féin nach bhfaca tusa go dtí seo.
  • Tugann USE-IT eolas turasóireachta simplí agus ciallmhar do dhaoine óga ó dhaoine óga as an áit. Bíonn deasc cuairteoirí freisin ag cuid acu, á rith ag oibrithe deonacha den chuid is mó. Foilsíonn gach USE-IT léarscáil neamhthráchtála, saor in aisce, agus cothrom le dáta do Thaistealaithe Óga a threoróidh thú tríd an gcathair ar bhealach úr spraíúil. Ceanglaíonn sé radhairc thábhachtacha le háiteanna neamhghnácha agus moltaí spéisiúla a bhíonn ag muintir na háite. Féadfaidh tú leagan saor in aisce is féidir a phriontáil a fhail nó do chóip a phiocadh suas ó phointe eolais nó ó do bhrú óige.
  • Lonely Planet: b’fhéidir go bhfuil an leagan priontáilte agat cheana féin: cuardaigh de réir tíre le modhanna iompair agus na háiteanna is fearr a fheiceáil.
  • Rough Guide: pobal domhanda áit a bhféadfaidh tú do thaithí taistil a roinnt.
  • Treoir taistil dhomhanda: tá treoracha tíre agus cathrach mar chuid de seo, rudaí le feiceáil agus le déanamh, mar aon le heolas speisialta ar sciáil agus ar chinn scríbe do longa cúrsála.
  • An Turas Cultúir: Cá rachaidh tú le haghaidh greim le hithe? Cad iad na háiteanna nach dtéann go leor turasóirí chucu i gcathair? Cé na rudaí a chaithfidh tú a fheiceáil? Féach ar an suíomh gréasáin seo chun roinnt inspioráide a fháil!

Bí i dteagmháil leis an Aontas Eorpach

Ar mhaith leat bualadh leis na comhlachtaí agus na heagraíochtaí de chuid an Aontais Eorpaigh fad is atá tú ag taisteal?
Beidh neart deiseanna agat: 

  • Ar an bhfón nó ar ríomhphost: Is seirbhís eolais don óige é Eurodesk a fhreagraíonn do cheisteanna faoi dheiseanna san Eoraip (e.g. cláir Eorpacha le haghaidh oibriú go deonach, le haghaidh staidéir nó chun intéirneacht a dhéanamh thar lear). Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an bpointe eolais Eurodesk is gaire duit tríd an léarscáil idirghníomhach.
  • Ar líne: Tá eolas i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar fáil ar shuíomh gréasáin Europa.
  • Go pearsanta: Tá na céadta ionad eolais áitiúil de chuid an Aontais Eorpaigh le fáil ar fud na hEorpa.
  • Ar an bhfón nó ar ríomhphost: Is seirbhís é Europe Direct a fhreagraíonn do cheisteanna faoin Aontas Eorpach. Féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an tseirbhís trí Saorghlao: 00 800 67 89 10 11 (ní cheadaíonn oibreoirí fón póca áirithe glaonna ar uimhreacha 00800 nó féadfaidh siad táille a ghearradh ar na glaonna sin) nó ar ríomhphost.
  • Léigh faoin Eoraip: Níl foilseacháin maidir leis an Aontas Eorpach ach clic amháin uait ar shuíomh gréasáin Shiopa Leabhar an Aontais Eorpaigh.
  • Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh: Is iad oifigí ionadaíochta an Choimisiúin glór an Choimisiúin agus déanann siad faireachán ar thuairim an phobail ina dtír óstach. Cuireann siad eolas ar fáil faoin Aontas Eorpach trí imeachtaí agus trí bhróisiúir, bileoga eolais agus ábhair eile a dháileadh.
  • Oifigí Faisnéise Pharlaimint na hEorpa: Is é an ról atá ag na hOifigí seo feasacht a ardú faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoin Aontas Eorpach agus daoine a spreagadh le vóta a chaitheamh i dtoghcháin pharlaiminte na hEorpa.

Uimhir éigeandála 

Má theastaíonn cabhair phráinneach uait ón mbriogáid dóiteáin, foireann leighis nó ó na póilíní, cuimhnigh glaoch ar an uimhir éigeandála Eorpach “112”, an t-aon uimhir éigeandála a bhfuil tú in ann glaoch air saor in aisce i ngach tír san Eoraip.