Cairt an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
Aon eagraíocht ar mian léi tionscadal de chuid an Chóir Dlúthpháirtíocha Eorpaigh a reáchtáil, caithfidh sí cloí leis an gCairt seo.
Cairt an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh
Déanfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha an méid seo a leanas:
- luafaidh siad go soiléir cé na gníomhaíochtaí dá cuid a bhaineann leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus déanfaidh siad deimhin de go ndéanfar i gcomhréir leis an gCairt seo iad;
- roghnóidh agus earcóidh siad rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i gcomhréir leis na prionsabail seo: an chóir chomhionann, comhdheiseanna agus an neamh-idirdhealú;
- cumasóidh siad rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíocht Eorpaigh trí mheas a léiriú ar a gcuid scileanna agus taithí agus iad á gcur i mbun gnímh, agus cothóidh siad a bhforbairt phearsanta, shoch-oideachasúil agus ghairmiúil;
- féachfaidh siad chuige go mbeidh na dálaí ina ndéanfar na gníomhaíochtaí slán agus oiriúnach;
- cuirfidh siad oiliúint nó tacaíocht leordhóthanach ar fáil le go bhféadfaidh rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a gcuid cúraimí a dhéanamh;
- ní iarrfaidh siad ná ní éileoidh siad táille ná síntiús ar rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh;
- tabharfaidh siad do rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh aon liúntas a socraíodh, in am trátha;
- próiseálfaidh siad sonraí pearsanta rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i lán-chomhréir leis an dlí Eorpach agus náisiúnta maidir le cosaint sonraí;
- féachfaidh siad chuige go bpoibleofar agus go n-aithneofar go leordhóthanach an tacaíocht a thugann rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh do ghníomhaíochtaí na heagraíochta;
Roimh dhul ag obair ar thionscadal:
- féachfaidh siad chuige go dtabharfar eolas mionsonraithe do rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh faoin tionscnamh agus faoina gcúraimí;
- féachfaidh siad chuige go mbeidh ag rannpháirtithe na cearta nó na húdaruithe is gá chun a bheith i dtír an tsocrúcháin, ó thús deireadh na ngníomhaíochta;
- féachfaidh siad chuige go mbeidh rannpháirtithe clúdaithe ag cineál polasaí árachais is cuí agus go gcuirfear in iúl dóibh na socruithe atá curtha ar bun ar mhaithe lena sábháilteacht agus lena bhfolláine;
- i gcás gníomhaíochtaí saothair, féachfaidh siad chuige go gcloítear sa chonradh oibre leis na coinníollacha agus na sochair shonracha atá leagtha síos do thionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
Le linn a bheith ag obair ar thionscadal:
- cuirfidh baill foirne sheanchleachta tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, déanfaidh siad maoirsiú orthu agus tabharfaidh siad treoir (i gcás gníomhaíochtaí oibre deonaí) agus cúnamh (i gcás gníomhaíochtaí saothair) dóibh;
- cuirfidh siad san áireamh cúlra teanga agus cultúrtha gach duine de na rannpháirtithe agus déanfaidh siad bearta chun gur fusa dóibh imeascadh sa phobal ina bhfuil siad ag obair ar thionscadal;
- cuideoidh siad le rannpháirtithe caidreamh a dhéanamh le rannpháirtithe eile i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh atá i mbun gnímh sa limistéar céanna.
I ndiaidh a bheith ag obair ar thionscadal:
- eiseoidh siad teastas do gach rannpháirtí i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.
Roghnú agus earcú rannpháirtithe:
- a luaithe a bheidh sé ar chumas eagraíochta socrúchán a thairiscint go cinnte, is ceart di gabháil chuig tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, cuardach a dhéanamh sa bhunachar atá ansin agus an duine nó na daoine is oiriúnaí don ghníomhaíocht i gceist a roghnú;
- is féidir go gcuirfidh an eagraíocht an duine faoi agallamh chun go mbeidh sí ar breis eolais faoi phróifíl agus faoi spreagadh an duine sin.