© irisphoto1 - Shutterstock
Na Balcáin Thiar: Todhchaí shíochánta a bhaint amach tríd an bhfoghlaim ón stair
An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 29/09/2020
Tá tionscadail cuimhneacháin atá á maoiniú ag an Aontas ag cuidiú le daoine óga foghlaim ón stair, luachanna na hEorpa a chur chun cinn sna Balcáin Thiar agus níos faide i gcéin chun deimhin a dhéanamh de nach dtiocfaidh ann do chogaíocht, do chinedhíothú ná don ollsmachtachas riamh arís.
In 2020 beidh 75 bliana imithe tharainn ó shaoradh shluachampa géibhinn Auschwitz, áit ar mharaigh na Naitsithe 1.1 milliún duine, ar Ghiúdaigh as gach cearn den Eoraip an chuid is mó díobh. Maraíodh 6 mhilliún Giúdach san iomlán san Uileloscadh.
Comóradh 25 bliana is ea é freisin ar shléacht Srebrenica, an sléacht ollmhór is measa san Eoraip ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, sléacht inar maraíodh breis agus 8,000 fear agus buachaill Boisniach-Moslamach. Fuair breis agus 120,000 duine bás sna cogaí san Iúgslaiv idir 1991 agus 2001, ar mná, páistí agus saoránach gan chosaint cuid mhaith díobh.
De réir mar a théann na cuimhní i léig agus mar a théann finnéithe na n-ainghníomhartha in aois agus in éag, cad atá ar fáil anois chun cuidiú leat foghlaim ón stair agus deimhin a dhéanamh de nach dtarlaíonn an rud céanna an athuair?
Sna Balcáin Thiar, tá roinnt eagraíochtaí i mbun oibre ar thionscadail chuimhneacháin atá dírithe go sonrach ar dhaoine óga agus ar mhúinteoirí. Tá maoiniú faighte ag na tionscadail ón gClár um an Eoraip ar son na Saoránach de chuid an Aontais. Is cuid d'iarracht níos leithne iad chun an tsíocháin, an chobhsaíocht agus luachanna daonlathacha a chur chun cinn de réir mar a bhogann an réigiún ar aghaidh i dtreo chomhtháthú san Aontas.
Seo a leanas roinnt de na tionscnaimh sin:
Finnéithe an chogaidh
Le linn na gcogaí san Iúgslaiv, bhí cathair Shairéavó faoi léigear ar feadh nach mór ceithre bliana. Le linn na tréimhse sin, maraíodh breis agus 5,400 saoránach agus ba mhinic gur naoscairí a mharaigh iad.
I Sairéavó sa lá atá inniu ann, tá an cumann Urban ag déanamh teagmháil ghníomhach le daoine óga sa Bhoisnia agus ar an gcoigríoch araon, é ag cuidiú chun an tionchar atá ag an gcogaíocht agus ag an ollsmachtachas ar an saol laethúil a chur in iúl.
I gcomhar le scoileanna agus le comhpháirtithe sa Bhoisnia, sa tSeicia, san Iodáil agus sa Rómáin, tá tionscadal atá á mhaoiniú ag an Aontas á chomhordú aige, tionscadal a chuireann ar a gcumas do mhic léinn dul i gcomhairle le daoine a a d'fhulaing tráthanna mar sin.
“Tá an tionscadal bunaithe ar an idirghníomhaíocht,” a dúirt Haris Čalkić, ar comhordaitheoir an tionscadail é.
Chun dul i bhfeidhm ar lucht féachana níos mó, léireoidh foireann an tionscadail clár faisnéise maidir leis an gcaoi a ndéanann an chogaíocht agus an t-ollsmachtachas difear do shaol na ndaoine, clár a mbeidh cuntais ó fhinnéithe mar chuid de.
Idirdhealú na Romach a chomhrac
Bhí na Romaigh san áireamh mar chuid d'íospartaigh na Naitsithe le linn an Uileloiscthe. San iliomad áiteanna san Eoraip, tá an mionlach sin fós ag dul i ngleic le hidirdhealú.
I gcathair Kratovo sa Mhacadóin Thuaidh, chuir daoine óga an cumann Rroma SSN ar bun agus oibríonn an cumann chun na bearnaí atá fós ann a líonadh.
Le maoiniú ón Aontas, eagraíonn an grúpa seisiúin oiliúna agus cláir malartaithe agus déanann sé taighde.
“Táimid tiomnaithe luachanna dearfacha a spreagadh sa phobal Romach agus sa phobal neamh-Romach araon", a dúirt Mustafa Jakupov, ar bainisteoir an tionscadail é. “Is é a d'éascaigh é seo uile rannpháirtíocht agus díograis na ndaoine óga atá ag obair linn agus an chaoi a gcreideann siad sa mhéid atáimid ag iarraidh a bhaint amach.”
Léargas ar an gcás: ní raibh comhordaitheoir cláir an ghrúpa ach 17 mbliana d'aois nuair a chuaigh sí i mbun oibre leis an eagraíocht mar oibrí deonach.
“Creidimid i ndaoine óga agus sna hinniúlachtaí atá acu chun athruithe, síocháin agus meas a chothú sna pobail acu,” a dúirt Jakupov. “Is é atá uainn go mbeidh daoine óga i gceannas ar a smaointe agus ar a dtodhchaí!”
Oiliúint do mhúinteoirí
Tá ról tábhachtach ag múinteoirí i saol daoine óga. Músaem i bPáras agus lárionad doiciméadachta agus oideachais tiomnaithe do dhilchuimhne an Uileloiscthe is ea Lárionad Cuimhneacháin Shoah. Sa Lárionad sin, bailítear múinteoirí ón tSeirbia, ón mBoisnia agus ón gCróit le chéile chun eolas stairiúil a fhoghlaim, taithí a roinnt agus plé oscailte a bheith acu maidir le saincheisteanna íogaire a bhfuil baint acu le stair áitiúil.
“Tá rud ar a dtugtar ‘cuimhní faoi choimhlint’ ag na daoine as na tíortha sin,” a dúirt Bruno Boyer, a dhéanann comhordú ar thionscadal oiliúna do mhúinteoirí an Lárionaid Cuimhneacháin Shoah. Is tionscadal é ata á mhaoiniú ag an Aontas. “Tá tionchar ag na coinbhleachtaí a bhí ann ar an gcaoi a bhfeiceann siad iad féin. Ach tá cuimhní acu uile ar an Uileloscadh agus bainimid leas as sin mar thúsphointe.”
Roinneann múinteoirí a ndearcthaí lena gcomhghleacaithe agus d'fhéadfaí gur throid a dtuismitheoirí i gcoinne a chéile. Cuidíonn sé sin leo tuiscint níos fearr a fháil ar ‘áiféis na cogaíochta’,” a dúirt Boyer freisin.
Tar éis dóibh tabhairt faoin oiliúint, “bíonn sé i bhfad níos éasca dóibh eolas maidir le himeachtaí siar sa stair a thabhairt ar aghaidh do dhaoine óga.”