Skip to main content
© Warren Goldswain - Shutterstock © Warren Goldswain - Shutterstock

Rith ar son na cúise: glac páirt i rith carthanachta!

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 10/07/2024

Ar mhaith leat cabhrú le cúis atá tábhachtach duit? Cibé acu is duine spórtúil thú nó nach ea, bealach amháin le bheith aclaí agus airgead a thiomsú ar son cúis mhaith is ea páirt a ghlacadh i rith carthanachta.

Chun feasacht a mhúscailt faoi chúis, cabhraíonn sé maratóin a rith nó rití a dhéanamh in ainm carthanais. Is rogha eile níos praiticiúla é freisin seachas síntiús a dhéanamh ar líne. Seo a leanas roinnt leideanna chun tosú!

Faoi réir…

Is é an chéad rud a chaithfidh tú a dhéanamh carthanas nó cúis atá tábhachtach duitse a roghnú. Cé is moite de go mbeidh tú bródúil asat féin as rás a chríochnú, tabharfaidh sé cúis eile duit an sprioc a bhaint amach má bhíonn tú ag rith ar son carthanais. 

Cinntigh go ndéanann tú suíomh gréasáin an charthanais a sheiceáil agus féach conas a leithdháilfear an t-airgead a bhaileofar. Is féidir leat tosú freisin ach imeachtaí reatha atá ag teacht aníos san Eoraip a sheiceáil ar Marathon Runners Diary agus Ahotu Marathons agus na carthanais atá ag plé leo a fheiceáil.

Ar mhaith leat tacú le carthanas ar leith i do cheantar féin nó rith ar son cúis ar leith nár thug aon charthanas aghaidh air fós? Is féidir leat do thionscadal féin a bhunú! Caithfear é a mhíniú go cúramach, go háirithe más mian leat airgead a bhailiú. Ná déan dearmad go bhfuil an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach in ann tacú le tionscadail dlúthpháirtíochta óige san Aontas Eorpach.

Ar do mharc…

Anois agus fios agat cén carthanas ar mhaith leat tacú leis, foghlaim faoi riachtanais an rása. De ghnáth iarrfar ort táille chlárúcháin a íoc agus síntiúis a bhailiú. An chuid is mó den am, gheobhaidh tú foirm tiomsaithe airgid le gur féidir le daoine eile tacú leat. Féadann rannpháirtithe spreagtha na mílte euro a thiomsú do na carthanais is fearr leo, a bhuí leis na huirlisí ar líne a sholáthraíonn an chuid is mó de na maratóin mhóra. Socraigh do spriocanna féin agus bí réalaíoch, go háirithe más é an chéad uair duit é!

Cuimhnigh go mbainfidh tú sult as an rás, go mbeidh rud éigin fiúntach bainte amach agat, go bhfoghlaimeoidh tú scileanna nua (mar shampla, scileanna tiomsaithe airgid!) agus go bhfaighidh tú luach saothair ón gcarthanas a bhfuil tú ag rith ar a shon. Beidh tú páirteach i rud éigin tábhachtach agus is cinnte go ndéanfaidh tú cairde nua a bhfuil spéis acu sna cúiseanna céanna leatsa!

Gabh…

Mura bhfuil mórán reatha déanta agat roimhe seo, tá sé tábhachtach go n-ullmhófá i bhfad roimh ré. Seo a leanas roinnt comhairle duit:

  1. Faigh an trealamh ceart. Tá sé tábhachtach go mbeadh fearas reatha ar ardchaighdeán agat. Iarr comhairle i siopa speisialtóra chun a chinntiú go bhfaighidh tú bróga a thugann an tacaíocht cheart do do chosa.
  2. Tabhair aire duit féin. Ith aiste chothrom bia agus éirigh as an tobac más féidir leat, mar déanann sé difríocht agus beidh sé níos éasca ort a bheith ag rith.
  3. Déan ar an mbealach ceart é. Caith uachtar gréine, cinntigh go mbaineann tú searradh ceart asat féin sula dtéann tú amach, coinnigh do dhroim díreach agus tarraing análacha doimhne agus tú ag rith.
  4. Ná bíodh fuadar fút. Ní mór duit foighne a bheith ort chun maratón a rith. Ullmhaigh thú féin míonna roimh ré trí thraenáil a dhéanamh go rialta. Tosaigh amach ag rith ar feadh tréimhsí gearra ar dhromchlaí comhréidhe ar dtús. Rith go mall, ach tapa go leor chun an luas céanna a choinneáil ó thús deireadh.
  5. Coinnigh go leor uisce i do chorp. Ól uisce go rialta, roimh an rith agus lena linn.
  6. Coinnigh súil ar an dul chun cinn a dhéanann tú. Úsáid aip ar d’fhón cliste nó peidiméadar chun do chéimeanna a chomhaireamh, nó coinnigh logleabhar reatha chun tú féin a spreagadh.
  7. Téigh ag rith in éineacht le cairde. Tá sé níos spraíúla má théann tú ag rith le daoine eile – téigh ag rith le cairde nó téigh isteach i gclub reatha chun bualadh le reathaithe eile.