Skip to main content
Big data is watching you

An intleacht shaorga: an t-eolas is ceart a bheith agat

An nuashonrú is déanaí an An Déardaoin, 18/11/2021

Tá an intleacht shaorga thart timpeall ar aos óg an lae inniu. Nuair a imríonn tú cluichí, nuair a íoslódálann tú aipeanna nó nuair a úsáideann tú na meáin shóisialta, nochtann tú roinnt sonraí pearsanta. Cén dóigh a n-úsáideann na halgartaim na sonraí sin? An fhaisnéis a bhíonn le feiceáil agat féin ar innill chuardaigh nó ar na meáin shóisialta, an ionann sin agus a mbíonn le feiceáil ag daoine eile? An bhfuil smacht agat go fóill ar do roghanna polaitíochta, tomhaltóra agus sóisialta?

Cad is intleacht shaorga ann?

Ní leis an todhchaí a bhaineann an intleacht shaorga, mar tá sí thart timpeall ort cheana féin. Is scáth-théarma é ‘intleacht shaorga’ ar réimse teicnící a chuireann ar chumas na meaisíní nó an chóid aithris a dhéanamh ar an intleacht dhaonna.

Má chuireann tú teachtaireacht téacs chuig cara maidir le bualadh le chéile chun deoch a ól agus má thuigeann do ghuthán é sin agus má chuireann sé an ócáid sin le d’fhéilire, is tríd an intleacht shaorga a dhéantar é sin.

Baineann an-acmhainneacht leis an intleacht shaorga dár sochaithe i réimsí éagsúla mar an tsláinte, an t-iompar nó an t-athrú aeráide. Féadann an intleacht shaorga dul trí mhéideanna móra sonraí agus patrúin a shainaithint iontu. Féadtar úsáid a bhaint aisti chun réitigh optamaithe a aimsiú, mar shampla chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

Tús na hintleachta saorga

Ní coincheap nua atá san intleacht shaorga. Le fada an lá tá an cine daonna ag brionglóideach faoi charranna uathrialaitheacha nó faoi róbait atá in ann idirghníomhú le daoine. Roimhe sin san 18ú haois chruthaigh aireagóir darbh ainm Wolfgang von Kempelen ‘An Turcach’, uathoibreán bréagach imeartha fichille a bhí ábalta fiú amháin na hiomaitheoirí is láidre a shárú. Fuarthas amach níos déanaí gur duine daonna a bhí ag reáchtáil an uathoibreáin agus é i bhfolach laistigh de chlár an chluiche. Fiú murab ionann sin agus an intleacht shaorga, is eiseamláir shoiléir é An Turcach gur mian linn le fada meaisíní cliste a fhorbairt.

In 1936, cuireadh tús le próiseas na hintleachta saorga nua-aimseartha nuair a d’fhoilsigh Alan Turing a choincheap i leith an mheaisín uilíoch. Ní raibh an intleacht shaorga mar chuid den tsamhlaíocht chomhchoiteann go dtí 1997. Tharla sé sin nuair a bhí an bua ag an ríomhaire Deep Blue ar an gcuradh domhanda Garry Kasparov i gcluiche fichille. Ní haon uathoibreán bréagach á reáchtáil ag duine daonna a bhí ann an iarraidh sin, ach meaisín a fuair an bua as féin ar dhuine daonna.

An intleacht shaorga sa saol laethúil

Tá i bhfad níos mó i gceist leis an intleacht shaorga ná ríomhairí atá in ann ficheall a imirt. Seans nach ritheann sé leat a oiread sin den intleacht shaorga atá ann i do shaol féin. 

Bíonn an intleacht shaorga in úsáid agat nuair a éisteann tú le ceol trí ghlórchúntóir a úsáid, nuair a úsáideann tú an ceamara móibíleach sa mhód portráide agus na paraiméadair chearta á socrú aici, nuair a leanann tú moltaí ceoil atá curtha le chéile ag algartaim a shainaithníonn treochtaí tomhaltóirí, optamóirí an bhealaigh a chuireann an bealach is fearr in iúl chun ceann scríbe a bhaint amach, nuair a dhéanann scagairí turscair ríomhphoist a rangú go huathoibríoch, i measc cásanna eile. Is éard atá soiléir go mbíonn an intleacht shaorga thart timpeall ort.

Leis an intleacht shaorga tá go leor féidearthachtaí ar fáil, mar shampla cúntóirí fíorúla a chruthú chun cuidiú le daoine tascanna éagsúla a dhéanamh, cóireálacha leighis níos fearr a aimsiú, nó treochtaí tomhaltóirí a shainaithint sna líonraí sóisialta. Úsáidtear an intleacht shaorga sa mhargaíocht chomh maith, rud a tharraingíonn ceisteanna eiticiúla anuas, cuir i gcás nuair a úsáidtear algartaim chun tionchar a imirt ar do roghanna polaitiúla, rud a maíodh a rinne Cambridge Analytica i rith thoghcháin Stáit Aontaithe Mheiriceá agus vóta Brexit. I gcomhthéacs den sórt sin, tá sé ríthábhachtach
tuiscint a bheith agat ar an dóigh a n-oibríonn algartaim.

Cén dóigh a n-oibríonn algartaim?

Cuir i gcás na meáin shóisialta. Rianaíonn na halgartaim iompraíocht agus patrúin na ndaoine agus baintear úsáid as an méid sin chun eispéiris a dhearadh a n-éireoidh daoine an-ghafa leo. Go deimhin, dá mhéad am a chaitheann tú ar Facebook, Instagram nó TikTok, mar shampla, is amhlaidh is mó airgead a shaothraíonn na gnólachtaí sin. Sin againn staid nua na fógraíochta. Is í an fhadhb atá ann go bhféadfadh iompraíocht andúile a eascairt as sin, ach is mó an chúis imní é go gcuireann sé i scagaire nó ‘i mbolgán’ idé-eolaíoch thú.

Go deimhin, chun tú a choinneáil gafa, cuireann cainéil na meán sóisialta ábhar ar fáil duit a mheastar a mbainfidh tú sult as agus é sin bunaithe ar an taighde a rinne a gcuid algartam. Mar sin, má chuardaíonn tú teoiricí comhcheilge ar do bhrabhsálaithe, tabharfaidh do chainéil meán sóisialta go leor ábhair duit a bhaineann leo sin. Is gearr go mbeidh tú timpeallaithe ag foilseacháin a threisíonn do chuid tuairimí.

Baineann sé sin leat féin agus leis na daoine atá thart timpeall ort chomh maith. Mar shampla, ar shíl tú riamh go raibh do ghuthán ag éisteacht leat? Tharla sé do Mia nuair a d’iarr cara léi a barúil ar phéire bróg. An lá arna mhárach, fuair sí fógra le haghaidh na mbróg ceannann céanna. Níor chuardaigh sí ar líne iad, agus bhí sí ag fiafraí di féin ansin an raibh a guthán ag éisteacht léi. Is é rud a tharla go raibh a fhios ag an algartam go raibh sí in éineacht le cara (bunaithe ar an áit a raibh siad, nó ar bheith nasctha leis an líonra céanna) agus is é an cara a chuardaigh na bróga sin ar líne, mar sin mheas an t-algartam go bhféadfadh an táirge sin ise a mhealladh chomh maith mar go bhfuil próifíl aici atá cosúil le próifíl a carad. Na halgartaim arís…

Táthar ag súil go mbeidh daoine óga cosúil leat féin ina dtomhaltóirí atá níos criticiúla maidir leis an sórt sin teicneolaíochta trí thuiscint níos fearr a bheith acu ar an dóigh a gcruthaítear na halgartaim. D’fhéadfadh sé thú a spreagadh freisin chun cuidiú lenár dtodhchaí a mhúnlú.

Cad é is féidir leat a dhéanamh chun do chuid sonraí a chosaint?

Is féidir leat a bheith criticiúil, agus fios a bheith agat go mbíonn tú beo i mbolgán scagtha ar líne!

Seo a leanas roinnt comhairle maidir le do chuid sonraí pearsanta a chosaint:

  • Líonra príobháideach fíorúil a úsáid nuair is féidir. Cuirfidh sé sin d’fhíorchéannacht i bhfolach agus déanfaidh sé do sholáthraí idirlín a bhacadh ar bheith ag smúrthacht thart ar do ghníomhaíochtaí ar líne.
  • Brabhsáil go hanaithnid agus úsáid a bhaint as innill chuardaigh nach gcoinníonn aon loga.
  • Teorainn a chur leis an méid rianaithe a dhéanann aipeanna ar do ghuthán.
  • Breiseáin atá dírithe ar an bpríobháideachas a úsáid le do bhrabhsálaí – cuirfidh siad sin stop leis an rianú suíomhanna gréasáin.
  • Brabhsálaí malartach a úsáid ar do ríomhaire ar brabhsálaí é atá dírithe ar an bpríobháideachas.
  • Féadfaidh tú breiseán brabhsálaí a úsáid chun fianáin tríú páirtí a scriosadh go huathoibríoch i ndiaidh duit imeacht ón suíomh gréasáin (ach tá roinnt suíomhanna gréasáin ann nach n-oibreoidh gan iad).
Cad é atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach?

Leis an gcur chuige Eorpach maidir leis an intleacht shaorga, dírítear ar dhá ghné: barrfheabhas agus iontaoibh a chinntiú maidir le húsáid na hintleachta saorga. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a chruthaítear nuair a bhaintear úsáid shonrach as an intleacht shaorga, agus sin a dhéanamh trí bhíthin sraith rialacha. D’fhoilsigh sé a ‘phacáiste um an intleacht shaorga’ Aibreán 2021, ina moltar rialacha nua agus gníomhaíochtaí nua chun mol domhanda a dhéanamh den Eoraip maidir le hintleacht shaorga iontaofa.

 

 
Tacaíonn Erasmus+ le tionscadail rannpháirtíochta an aosa óig maidir leis an litearthacht dhigiteach!

An mian leat tionscadal a fhorbairt maidir leis an topaic sin le do chairde?

Cuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil do thionscadail arb é is aidhm dóibh inniúlacht dhigiteach an aosa óig agus a litearthacht sna meáin a fhorbairt (go háirithe an smaointeoireacht chriticiúil agus an cumas measúnú a dhéanamh ar fhaisnéis agus í a láimhseáil) d’fhonn cur le hacmhainneacht an aosa óig i gcoinne na bréagaisnéise, na bréagnuachta agus na bolscaireachta, chomh maith lena n-inniúlacht rannpháirt a bheith acu sa saol daonlathach.

Féadfaidh tú féin grúpa neamhfhoirmiúil a chur le chéile ina bhfuil ceathrar óg ar a laghad, iad idir 13-30 bliain d’aois, agus ina bhfuil ceannaire amháin atá 18 mbliana d’aois ar a laghad, é sin nó féadfaidh tú cur isteach mar chuid d’eagraíocht óige (e.g. ionad ógra, eagraíocht neamhrialtasach, bardas).

Is é €60,000 uasmhéid an deontais in aghaidh an tionscadail. Féadfaidh sé sin costais a chumhdach a bhaineann le cóitseáil, tacaíocht ionchuimsithe, taisteal agus costais eile a bhaineann le heagrú na n-imeachtaí.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach an leathanach de chuid Erasmus+ a dhíríonn ar an ngníomhaíocht sin agus téigh i dteagmháil le Gníomhaireacht Náisiúnta Erasmus+ i do thír féin.