Skip to main content
© UNHCR/Diego Ibarra Sánchez © UNHCR/Diego Ibarra Sánchez

Cás na n-imirceach agus na ndídeanaithe san Eoraip

An nuashonrú is déanaí an An Luan, 20/09/2021

Riamh anall, chuaigh daoine ar imirce ó áit amháin go háit eile. Gach lá, déanann imircigh agus dídeanaithe iarracht an tAontas Eorpach a shroicheadh chun cosaint agus saol níos fearr a lorg.

Úsáideann roinnt daoine bealaí dleathacha agus cuireann daoine eile a saol i mbaol ar an bhfarraige le héalú ó leatrom polaitiúil, cogaí, tubaistí nádúrtha agus bochtaineacht. Cad atá ar siúl ag an Aontas Eorpach le dul i ngleic leis an ngéarchéim imirce?

An difríocht idir dídeanaithe agus imircigh a thuiscint

Is é atá i ndídeanaithe daoine atá ag teitheadh ó choimhlintí armtha nó ó chiapadh. Aithnítear mar dhídeanaithe iad ina dtír óstach ar an mbonn go bhfuil eagla orthu roimh chiapadh a bhfuil bunús maith leis ar chúiseanna cine, reiligiúin, náisiúntachta, polaitíochta nó ballraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith. Bhí 25.9 milliún dídeanaí ar fud an domhain faoi dheireadh 2018 de réir UNHCR. San Aontas Eorpach, tá treoracha sa treoir cháilíochta chun cosaint idirnáisiúnta a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sí de dhíth orthu. 

Is é atá in iarrthóirí tearmainn daoine a mhaíonn gur dídeanaithe iad ach nár aithníodh mar dhídeanaithe go fóill. Faoi láthair, caithfidh siad iarratas ar chosaint a dhéanamh sa chéad tír den Aontas a shroicheann siad. Ní fhaigheann siad stádas dídeanaí ná cosaint idirnáisiúnta de chineál eile ach amháin nuair a dhéanann na húdaráis náisiúnta cinneadh dearfach ina leith. Mar gheall air seo, ní aithneofar gach iarrthóir tearmainn mar dhídeanaí. In 2018, bhronn tíortha an Aontais cosaint ar bheagnach 333,400 iarrthóir tearmainn.

Ar an lámh eile, is é atá in imircigh* daoine a aistríonn chun a saol a fheabhsú den chuid is mó seachas iad siúd a aistríonn mar gheall ar bhagairt dhíreach nó ciapadh: aistríonn siad chun obair a aimsiú, oideachas níos fearr a lorg nó athaontú lena dteaghlach. Tá cosaint ag dídeanaithe faoin dlí idirnáisiúnta, go sonrach Coinbhinsiún 1951 maidir le Dídeanaithe, ach láimhseálann rialtais náisiúnta imircigh faoina ndlíthe agus faoina bpróisis imirce féin.

Amharc ar na físeáin a chruthaigh UNHCR maidir leis an difríocht idir imircigh agus dídeanaithe, maidir le Duine Easáitithe ina Thír féin agus maidir le cé a chabhraíonn le dídeanaithe.

Lánpháirtiú dídeanaithe agus imirceach san Eoraip a chothú

Mar aon le beartais tearmainn, cláir cosanta teorann agus cabhair dhaonnúil, tá an tAontas Eorpach ag tacú le lánpháirtiú dídeanaithe i sochaithe na hEorpa, mar shampla tríd an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

Cé go dtacaíonn an tAontas le forbairt straitéisí lánpháirtithe éifeachtacha, tá an cás ar an talamh an-éagothrom i measc na mBallstát. Uaireanta éiríonn na fadhbanna seo níos measa nuair a bhaineann dídeanaithe óga 18 mbliana d'aois amach mar go n-imíonn na líonraí tacaíochta a raibh siad ag brath orthu thar oíche. Thairis sin, tá an leibhéal taithí ar shaincheisteanna lánpháirtithe éagsúil i measc na mBallstát. 

Tá cás na n-imirceach deacair freisin. Léiríonn fianaise go mbíonn tionchar díréireach ar imircigh ag torthaí neamhfhabhracha i dtaca leis an oideachas, leis an bhfostaíocht agus le rochtain ar sheirbhísí bunúsacha ar nós cúram sláinte agus tithíocht mhaith (féadfaidh tú tuilleadh a léamh faoi sin i dTuarascáil Óige 2015 an Aontais, sa chuid maidir le cuimsiú).

Sa ré seo ina bhfuil méadú ag teacht ar an idirdhealú, claontacht, ciníochas agus seineafóibe, tá sé riachtanach, ar bhonn dlíthiúil, morálta agus eacnamaíoch, seasamh le cearta, luachanna agus saoirsí bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus oibriú i gcomhair sochaithe níos comhtháite.

Cad faoi dhaoine óga ag a bhfuil cúlra imirceach?

Is minic a bhíonn deacrachtaí ag mic léinn ag a bhfuil cúlra imirceach agus iad ag iarraidh dul i dtaithí ar thimpeallacht foghlama nua. Tosaíocht de chuid Straitéis an Aontais Eorpaigh i leith na hÓige (2019–2027) is ea cuimsiú sóisialta gach duine óig, lena n-áirítear iad siúd ó chúlra imirceach.

Ó 2016, tá an Coimisiún Eorpach ag tacú le Ballstáit an Aontais ina n-iarrachtaí chun imircigh a lánpháirtiú ina gcórais oideachais agus oiliúna, ón oideachas agus cúram luathóige ar aghaidh go dtí an t-ardoideachas. Sainaithníodh trí thosaíocht don oideachas i bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le lánpháirtiú náisiúnach tríú tíortha:

  • imircigh nua a lánpháirtiú i struchtúir oideachais phríomhshrutha a luaithe agus is féidir
  • tearcghnóthachtáil i measc imirceach a chosc
  • eisiamh sóisialta a chosc agus idirphlé idirchultúrtha a chothú.

Cuirtear maoiniú ar fáil sa chlár Erasmus+ do thionscadail agus do ghníomhaíochtaí eile chun imircigh a lánpháirtiú i ngach earnáil den oideachas agus oiliúint. Tá comhpháirtíochtaí straitéiseacha dírithe ar chleachtais oideachais nuálacha a fhorbairt agus comhoibriú trasnáisiúnta a chur chun cinn. Tacaíonn Erasmus+ le fothú acmhainneachta san ardoideachas freisin i dtíortha comhpháirtíochta a mbíonn an-tionchar ag iarmhairtí na himirce orthu. 

Tá cómhaoiniú á dhéanamh ag an Aontas freisin ar ghréasán SIRIUS um oideachas imirceach a thacaíonn le hoideachas leanaí agus daoine óga as cúlra imirceach trí ghníomhaíochtaí straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. 

Ar deireadh, thug an Coimisiún rochtain do níos mó ná 100,000 dídeanaí agus imirceach nua ar Thacaíocht teanga ar líne, ardán foghlama teanga ar líne saor in aisce a chabhraíonn le daoine comhtháthú ina sochaí óstach.

Cad is féidir leat a dhéanamh le tacú le cuimsiú na n-imirceach agus na ndídeanaithe?

Tá roinnt bealaí ar féidir leat a bheith páirteach. Féadfaidh tú tosú le “An chomaoin a chuireann obair na hóige ar chúrsaí imirce agus ar chúrsaí na ndídeanaithe" (The contribution of youth work in the context of migration and refugee matters), bosca uirlisí praiticiúla a thabharfaidh eolas duit faoi na deiseanna maoinithe atá ar fáil. 
Freisin, cuireann Fóram Eorpach na hÓige deiseanna maithe ar fáil i dtaca le rannpháirtíocht fhónta san ábhar seo. 
Féadfaidh tú cur le tionscnaimh áitiúla, tacú le feachtais in aghaidh an chiníochais, “Lá Domhanda na dTeifeach” ar an 20 Meitheamh agus an Feachtas i gcoinne na Fuathchainte (No Hate Speech Campaign) mar shampla, nó díreach coinnigh d'intinne oscailte agus tú ag plé le daoine eile. 

Má tá tú páirteach in eagraíocht óige nó más mian leat a bheith mar chuid de thionscadal a chothaíonn tuiscint, dlúthpháirtíocht agus rannpháirtíocht idirchultúrtha, cuireann an tAontas Eorpach deiseanna éagsúla maoinithe ar fáil. Seo a leanas roinnt díobh:

  • Tugtar réimse deontas faoi Erasmus+ do thionscadail soghluaisteachta foghlama. Féadfaidh tú, mar shampla, malartuithe óige a eagrú lena mbaineann obair le dídeanaithe nó le himircigh nó féadfaidh tú páirt a ghlacadh iontu. Tugann Spórt Erasmus+ deontais freisin do thionscadail spóirt áitiúla a dhíríonn ar lánpháirtiú dídeanaithe trína ghairm “Is uirlis é an spórt ar mhaithe le lánpháirtiú agus cuimsiú sóisialta dídeanaithe”. Tugann siad aitheantas freisin do na tionscadail is fearr trí Ghradaim Spóirt #BeInclusive an Aontais a reáchtáiltear gach bliain. Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoin gcaoi ar féidir le d’eagraíocht a bheith páirteach, déan teagmháil leis an ngníomhaireacht náisiúnta i do thír féin.
     
  • Cuireann Fondúireacht Óige na hEorpa de chuid na Comhairle Eorpaí maoiniú ar fáil freisin d’eagraíochtaí óige áitiúla, náisiúnta agus Eorpacha. Maoiníonn sí gach rud ó ghníomhaíochtaí oideachais áitiúla maidir le cearta an duine agus gníomhaíochtaí chun feasacht a ardú maidir le neamh-idirdhealú go tionscadail Eorpacha maidir le cuimsiú, rannpháirtíocht agus oiliúint le haghaidh eagraíochtaí óige a oibríonn le dídeanaithe óga.
     
  • Tacaíonn Eoraip na Cruthaitheachta, clár de chuid an Aontais, le tionscadail ina gcuirtear chun cinn an cuimsiú sóisialta, an lánpháirtiú, an t-idirphlé idirchultúrtha agus an troid i gcoinne na seineafóibe agus claontachtaí. Is féidir leas a bhaint as an gcultúr mar bhealach a bhféadfadh dídeanaithe agus imircigh teacht le chéile, cumarsáid a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i bpobail atá ann cheana.
     
  • Leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach, is féidir le daoine óga oibriú go deonach nó oibriú i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus/nó a dtionscadail dlúthpháirtíochta féin a bhunú ina dtír féin nó i dtír eile. Maireann gníomhaíochtaí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh idir 2 mhí agus 12 mhí. Is iondúil gur i mBallstáit an Aontais Eorpaigh a chuirtear ar siúl iad.

 

* Tá débhríocht ag baint leis an bhfocal “imirceach” agus níl aon luach dlíthiúil aige.Ar an leibhéal idirnáisiúnta, níl aon sainmhíniú a bhfuil glacadh uilíoch leis ar an téarma "imirceach". Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi i ngluais Ghréasán Imirce na hEorpa anseo