Skip to main content
©  Alexis Brown - Unsplash © Alexis Brown - Unsplash

Céimeanna tábhachtacha le staidéar a dhéanamh thar lear le Erasmus+

An nuashonrú is déanaí an An Chéadaoin, 21/10/2020

Anuas ar bhuntáistí oideachais agus pearsanta, tiocfaidh athrú ar do shaol nuair a chaithfidh tú suas le bliain thar lear agus is deis iontach é chun foghlaim faoi chultúir nua agus a fháil amach cad a thaitníonn leat féin! Is cinnte freisin go gcuirfidh sé borradh faoi do ghairm bheatha amach anseo.

Le scéim Erasmus+ an Aontais Eorpaigh, féadfaidh tú dul ag staidéar ar feadh suas le 12 mhí (in aghaidh gach céime ollscoile) i gceann de bhreis agus 5,000 ollscoil rannpháirteach i mbreis agus 34 thír rannpháirteacha.Faigh amach conas a chuirfidh tú tús leis.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Ní mór do do thréimhse staidéir thar lear a bheith ábhartha do do chéim agus do do riachtanais forbartha pearsanta, agus a bheith mar chuid den chlár staidéir atá ar bun agat.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór duit:

  • A bheith cláraithe mar mhac léinn in institiúid ardoideachais ag a bhfuil Cairt Ardoideachais Erasmus;
  • A bheith cláraithe i staidéar as a dtiocfaidh céim aitheanta nó cáilíocht tríú leibhéal. I gcás mac léinn sa chéad timthriall, caithfidh tú a bheith sa dara bliain staidéir ar a laghad.

Cén tacaíocht airgeadais atá ar fáil?

Faigheann mic léinn incháilithe deontas Erasmus+ chun cabhrú leat costais taistil agus costais mhaireachtála a íoc trí liúntas míosúil (braitheann an tsuim ar an tír óstach). Cuireann an Coimisiún Eorpach an deontas ar fáil agus íoctar é trí d’institiúid ardoideachais. Ní gá duit aon táille iontrála a íoc le d’ollscoil óstach. 

Féadfaidh mic léinn a bhfuil riochtaí fisiciúla, meabhrach nó sláinte ag dul dóibh iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú breise tar éis dóibh a bheith roghnaithe do thréimhse soghluaisteachta. Bí cinnte tuilleadh eolais a iarraidh ar an gcomhordaitheoir Erasmus+ ag d’ollscoil.

D’fhéadfá a bheith incháilithe do dheontais bhreise ó d’institiúid, rialtas nó ó fhoinsí eile. Seiceáil an European Funding GuideStudy Portals.

Cá háit ar féidir dul?

Féadfaidh tú a bheith rannpháirteach i mbreis agus 34 thír atá páirteach sa Chlár Erasmus+ (seiceáil próifílí tíre anseo), féadfaidh tú dul freisin chuig Tíortha Comhpháirtíochta agus teacht as na tíortha sin.

Tabhair faoi deara nach mór do na hinstitiúidí ardoideachais a bheidh ag seoladh mic léinn agus á n-óstáil Cairt Ardoideachais Erasmus a bheith acu má tá siad i dtíortha de chuid an Chláir nó comhaontú idirinstitiúideach a shíniú má tá siad i dtíortha comhpháirtíochta. 

Déan cinnte de go rachaidh tú i dteagmháil le hoifig idirnáisiúnta d’institiúide chun do chuid roghanna a sheiceáil! 

Conas a thosóidh tú?

  • Téigh i dteagmháil le hoifig idirnáisiúnta agus/nó Erasmus+ d’ollscoile chun eolas a fháil faoi dheiseanna sonracha, faoin nós imeachta roghnúcháin agus faoi thacaíocht airgeadais.
  • Seiceáil Cairt Erasmus+ na Mac Léinn, ina leagtar amach do chearta agus d’oibleagáidí i rith do thréimhse thar lear.

An chéad chéim eile?

A luaithe a roghnófar thú, ní mór duitse agus do d’institiúidí ardoideachais sa bhaile agus sa tír óstach Comhaontú Foghlama a shíniú lena chinntiú go n-ullmhófar go trédhearcach agus go héifeachtúil don mhalartú thar lear, chomh maith le comhaontú a dhéanamh faoin gcaoi a dtabharfar aitheantas do ghníomhaíochtaí a chuirfear i gcrích go rathúil thar lear. 

Ag deireadh do thréimhse thar lear, ní mór do d’institiúid óstach tras-scríbhinn a thabhairt duitse agus do d’institiúid bhaile de thaifid ar a ndeimhnítear gur chomhlíon tú an comhaontú foghlama agus ar a luaitear do chuid torthaí. Ní mór do d’institiúid bhaile aitheantas iomlán acadúil a thabhairt duit, ag úsáid creidmheasanna ECTS nó córas coibhéiseach, agus iad a mheas mar chuid de do chéim. 

Léigh tuilleadh ar na Treoirlínte ar conas an Comhaontú Foghlama i gcomhair Staidéir a úsáid.

Cad iad na buntáistí? 

Is cuid iontach den tréimhse a chaithfidh tú thar lear a bheith ag dul chuig ranganna agus a bheith ag cur aithne ar chóras difriúil ollscoile, ach is cuid den mhargadh freisin a bheith ag bualadh le mic léinn Erasmus eile agus ag cur aithne ar chultúr eile. Féach ar na físeáin seo agus ar theistiméireachtaí eile, tá an oiread le baint as an taithí seo! 

Féadfaidh tú féachaint freisin ar ár leideanna ar conas an tairbhe is fearr a bhaint as do sheal ar Erasmus.


Naisc spéisiúla