Skip to main content
Photo by Guillaume Périgois on Unsplash Photo by Guillaume Périgois on Unsplash

An tusa an chéad oiliúnaí eile de chuid an Choimisiúin Eorpaigh?

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 23/02/2024

Faoi dhó sa bhliain, tugann an Coimisiún Eorpach deis do chéimithe ollscoile ón Aontas Eorpach tabhairt faoi thréimhsí oiliúna riaracháin nó aistriúcháin cúig mhí, dar tús an 1 Márta nó an 1 Deireadh Fómhair.

Cé atá in ann iarratas a dhéanamh?

Maidir leis na hiarrthóirí incháilithe, ní mór:

  • gur saoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh iad (tugtar líon teoranta áiteanna do náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid an Aontais iad.)
  • an chéad timthriall de chúrsa ardoideachais (oideachas ollscoile) a bheith curtha isteach acu agus céim iomlán nó a comhionann a bheith gnóthaithe acu faoi spriocdháta na n-iarratas
  • nach mbeidh tréimhse oiliúna caite acu in institiúid nó comhlacht eile de chuid an Aontais ná breis agus 6 seachtaine, nó 42 lá féilire (deirí seachtaine san áireamh), a bheith caite acu ag obair in aon institiúid Eorpach, comhlacht de chuid an Aontais, gníomhaireacht feidhmiúcháin de chuid an Aontais ná toscaireacht de chuid an Aontais ná d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa;
  • eolas an-mhaith (leibhéal C1/2 den Chreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha) a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla de chuid an Aontais, agus ní mór gur teanga nós imeachta í ceann amháin acu: Béarla nó Fraincis nó Gearmáinis. I gcás náisiúnaigh nach náisiúnaigh de chuid an Aontais iad, ní éilítear ach teanga nós imeachta amháin.
  • le haghaidh na tréimhse oiliúna san aistriúchán in Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin (DGT), ní mór duit a bheith in ann aistriúchán a dhéanamh isteach i do phríomhtheanga/sprioctheanga (do theanga dhúchais go hiondúil), ó dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais. 

Cá háit?

Is féidir le hoiliúnaithe a bheith ag obair in aon roinn nó gníomhaireacht sa Choimisiún Eorpach, atá lonnaithe sa Bhruiséil den chuid is mó, ach a bhfuil roinnt díobh lonnaithe i Lucsamburg agus in áiteanna eile ar fud an Aontais Eorpaigh freisin.

Cén obair a dhéanann oiliúnaí ó lá go chéile?

Braitheann an cineál oibre a dhéanann oiliúnaí ar an roinn dá sannfar é nó í. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeifeá ag obair i réimse an oideachais, an chultúir, an spóirt nó na heolaíochta, nó ag plé le dlí na hiomaíochta, acmhainní daonna nó beartas an chomhshaoil. Bíonn réimse an-leathan oibre ann, rud a fhágann go mbeidh ort do rogha réimse a roghnú agus an fhoirm iarratais á líonadh isteach agat.
Má roghnaítear thú, beidh faill agat cur le hobair laethúil an Choimisiúin.
Mar shampla, beidh tú in ann a bheith i láthair ag cruinnithe, meithleacha agus éisteachtaí poiblí, agus iad a eagrú; beidh tú in ann taighde a dhéanamh, doiciméadacht a dhréachtú agus a chur in eagar, ceisteanna a fhreagairt, tacú le do chuid comhghleacaithe sna cúraimí laethúla agus cuid mhór rudaí eile a dhéanamh.

Conas is féidir iarratas a dhéanamh?

Is furasta iarratas a dhéanamh. Nuair a thosaítear ar ghlacadh le hiarratais, cruthaigh cuntas ar EU Login, ansin líon isteach an fhoirm iarratais agus seol isteach í. Bí cúramach nach bhfanann tú go dtí na laethanta deireanacha ar fad sula gcuireann tú d’iarratas isteach. Is féidir leat an tástáil incháilitheachta a dhéanamh freisin go bhfeice tú an mó seans atá ann go roghnófaí le haghaidh tréimhse oiliúna sa Choimisiún Eorpach thú.

Blue Book Fíorúil

Nuair a bheidh an tréimhse le haghaidh iarratas istigh, déanfar meastóireacht ort agus ar na hiarrthóirí eile ar bhonn próifíl acadúil, scileanna teanga agus cáilíochtaí breise. Déanfar timpeall 3,000 iarrthóir a mbeidh na scóir is airde acu a réamhroghnú agus is iad a bheidh san áireamh i rud ar a dtugtar Blue Book Fíorúil, bunachar sonraí ina bhfuil CVanna na n-iarrthóirí uile ar éirigh leo sa dá chéim den réamhroghnúchán: an measúnú tosaigh agus an tseiceáil incháilitheachta.
Is féidir le gach roinn agus gníomhaireacht sa Choimisiún breathnú ar bhunachar Blue Book ionas go n-aimseofaí na hiarrthóirí is fearr bunaithe ar a gcuid riachtanas agus critéar sonrach.

Deontas

Faigheann na hoiliúnaithe a roghnaítear liúntas míosúil chun íoc as a gcostais mhaireachtála. 

Tréimhsí le haghaidh iarratas

Le haghaidh na dtréimhsí oiliúna dar tús mí Dheireadh Fómhair, tosaítear ag glacadh le hiarratais i mí Eanáir na bliana céanna.
Le haghaidh na dtréimhsí oiliúna dar tús mí an Mhárta, tosaítear ag glacadh le hiarratais i mí Iúil/Lúnasa na bliana roimhe sin. 
 
Tá an fhaisnéis mhionsonraithe ar fad le fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil na dTréimhsí Oiliúna.