©Alexandr Bormotin - Unsplash
Taisteal inrochtana
An nuashonrú is déanaí an An Luan, 04/01/2021
Ná glac le teorainneacha, téigh ag taisteal gan srianta!
Tá riachtanais ar leith ag gach duine. Agus tú ag taisteal, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé níos dúshlánaí freastal ar na riachtanais sin. D’fhéadfá tabhairt faoi eachtra nua agus tharlódh nithe nach rabhthas ag súil leo. Ach, ba cheart go mbeadh an deis ag gach duine dul thar lear, gan idirdhealú.
Le cabhrú leat tús a chur leis an taisteal, táimid ag roinnt leideanna taistil agus comhairle phraiticiúil do dhaoine óga a bhfuil riachtanais ar leith acu. Sa doiciméad seo, gheobhaidh tú comhairle maidir le taisteal inrochtana san Aontas Eorpach.
Ar ndóigh, is saineolaí tusa ar do shaol féin! Tá go leor cineálacha míchumais ann agus tá gach duine éagsúil. Tá fáilte romhat na leideanna seo a leanas a chur in oiriúint duit féin agus do bhealach féin a aimsiú le freastal ar do riachtanais féin.
- Pleanáil chun cinn! Laghdaíonn sé sin an seans go dtarlóidh rud éigin gan choinne. Más féidir, déan iarracht do thuras a chur in áirithe roimh ré ionas go mbeidh am agat taighde a dhéanamh ar inrochtaineacht na háite ar mian leat cuairt a thabhairt uirthi. Dá eagraithe agus ullmhaithe is atá tú, is é is lú strus a bheidh ort mar go mbeidh a fhios agat cad leis ar cheart duit a bheith ag súil. Bíodh plean B réidh agat ar fhaitíos.
Ar shuíomh gréasáin Pantou tá treoir idirnáisiúnta atá iontaofa chuimsitheach faoi gach cineál seirbhíse turasóireachta. B'fhéidir go gcabhródh an t-eolas ar an suíomh sin leat do thuras a phleanáil. Go deimhin, ní hé sin an t-aon suíomh gréasáin atá ann ar a bhfuil eolas faoin turasóireacht inrochtana agus, mar nach bhfuil aon leathanach gréasáin ann ar a bhfuil an t-eolas iomlán, ba cheart duit cuardach a dhéanamh ar an ngréasán i gcónaí chun foinsí éagsúla a sheiceáil.
- Cuir go leor ceisteanna maidir le hinrochtaineacht agus cuir do riachtanais in iúl. Níl an smaoineamh céanna ag gach duine maidir leis an gciall atá le “hinrochtaineacht do chathaoir rothaí”, mar shampla. Na lógónna agus lipéid a thugann bealaí, áiteanna nó seirbhísí inrochtana le fios, gach seans go mbeadh siad éagsúil ó thír go tír. B’fhéidir gur cheap tú cheana go mbeadh áit inrochtana, agus go bhfuair tú amach nach raibh sí inrochtana duitse.
Glaoigh ar an bhfoireann fáiltithe sa lóistín a bhfuil tú ag féachaint air sula gcuireann tú in airithe é agus bí sonrach faoi na rudaí a theastaíonn uait. Tá sé i bhfad níos éasca an cúnamh atá uait a mhíniú nuair a labhraíonn tú le duine a oibríonn ann. B’fhéidir go n-iarrfá orthu grianghraif den áit a sheoladh chugat go fiú, mura bhfuil tú cinnte go bhfuil an lóistín oiriúnach duit.
- Faigh amach faoin iompar poiblí sula dtaistealaíonn tú. Agus tú ag an gceann scríbe, an mbeidh tú in ann taisteal timpeall go héasca? An féidir leat gach modh iompair a úsáid nó díreach cineálacha áirithe modhanna iompair?
Má tá sé i gceist agat dul ar an traein (nó aon mhodh iompair phoiblí eile), dea-smaoineamh atá ann glaoch ar an gcuideachta iompair phoiblí lá nó dhó roimh ré, ionas go mbeidh a fhios acu cén saghas cúnaimh is gá dóibh a chur ar fáil.
Más duine lagamhairc nó dall thú, b’fhéidir go mbeadh iontas ort faoi na roghanna atá ag an gcuideachta taistil áitiúil duit. I Londain, mar shampla, tá mapaí a bhfuil prionta mór orthu, a d’fhorbair an Royal National Institute of the Blind. Agus i bPáras, tá suíomh gréasáin turasóireachta ann a dearadh do gach duine, daoine dalla san áireamh. Iarr ar an gcuideachta iompair áitiúil agus faigh amach cé na roghanna atá acu duitse.
Má thaistealaíonn tú i gcathaoir rothaí, féadfaidh tú treoracha taistil d’inrochtaineacht i gcathaoir rothaí a léamh ar líne mar shampla, tá a leithéid ar fáil d’Amstardam, Beirlín, an Bhruiséil, Búcairist, Giobráltar, Londain, Maidrid, München, Páras agus Prág. Ach tá suíomhanna gréasáin eile ann freisin. Déan do chuid taighde i gcónaí.
- Tabhair fillteán leat i gcónaí ina bhfuil doiciméid leighis thábhachtacha. Ach oiread le gach duine eile, caithfidh tú a bheith cinnte de go bhfuil tú clúdaithe. Ná déan dearmad iarratas a dhéanamh ar an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte agus beir leat é. Aithnítear i ngach stát san Aontas Eorpach é agus tá sé úsáideach i gcás éigeandála.
Thairis sin, is féidir leat smaoineamh ar litir dochtúra a thabhairt leat freisin ina ndéantar achoimre ar do riochtaí, do chógais agus do pholasaí árachais taistil. B’fhéidir go mbeadh doiciméid pháipéir mar aon le cúltaca digiteach ag teastáil i gcás éigeandála.
- Tabhair treoracha do do chompánach taistil sula n-imíonn sibh, ionas go mbeidh a fhios acu cad ba cheart dóibh a dhéanamh má tharlaíonn rud éigin (taom titimis mar shampla).
- Ullmhaigh cúpla abairt faoi do riachtanais sa teanga áitiúil. Mar shampla, má tá aon chineál ailléirge bia agat, b’fhéidir gur dea-smaoineamh a bheadh ann na comhábhair nach féidir leat a ithe a scríobh síos sa teanga áitiúil (nó a shábháil mar theachtaireacht ghutha). Is féidir leat iarraidh ar dhuine éigin ag an bhfáiltiú sa bhrú/san óstán an bhfuil an méid atá scríofa/ráite agat intuigthe. B’fhéidir go mbeadh an Accessible Travel Phrasebook (saor in aisce) úsáideach.
- Má thugann tú do mhadra cúnaimh leat, bí ar an airdeall nach bhfuil gach soláthraí seirbhíse i dtíortha an Aontais ar an eolas faoin reachtaíocht Eorpach a bhaineann le madraí cúnaimh. B’fhéidir go dtarlódh eachtra a chuirfeadh aiféaltas ort mar nach mbeifeá in ann do mhadra a thabhairt leat mar go gceaptar gur peata é. Bí ar an eolas nach bhfuil sé sin ceart ná cóir. Ní peata é do mhadra cúnaimh agus tá sé de cheart aige cúnamh a thabhairt duit pé áit a dtéann tú.
Agus nuair a chuireann tú do lóistín in áirithe, bí cinnte go mbíonn an fhoireann áirithinte ar an eolas faoi sin freisin.
- Más gá duit roinnt teicneolaíochtaí cúntacha a thabhairt leat, bí cinnte de go gcuireann tú i do bhagáiste láimhe iad agus tabhair amach iad nuair a théann tú tríd an tseiceáil slándála, agus abair leis an bhfoireann é roimh ré. Sábhálfaidh tú roinnt ama.
- Tabhair leat do Chárta Míchumais. I roinnt tíortha Eorpacha, bíonn “Cárta Míchumais” ag daoine faoi mhíchumais, a thugann roinnt tairbhí dóibh i músaeim, lóistín, agus imeachtaí cultúrtha agus araile. Tabhair leat do chárta agus b’fhéidir go bhfaighfeá roinnt lascainí!
- Tagann an t-eolas is fearr maidir le taisteal inrochtana ó dhaoine a thaistil romhat. Ar an idirlíon, tá go leor blagálaithe a roinneann a dtaithí phearsanta agus a thugann leideanna praiticiúla. Faigh spreagadh uathu! Tá na mílte ball faoi mhíchumas a bhíonn ag taisteal ar an ngrúpa Accessible Travel Club ar Facebook. Tá gach cineál eolais le fáil ansin ach ceist a chur!
- Roinn do thaithí! Thairis sin, tá sé tábhachtach do thaithí féin a roinnt le daoine eile! Bainfidh rannpháirtithe óga DiscoverEU, mar shampla, tairbhe iontach as do thaithí má roinneann tú ar líne í (mar shampla inár nGrúpa Facebook).
- Bí solúbtha agus fan dearfach! Seans go mbeidh ort déileáil le rudaí nach rabhthas ag súil leo. Úsáid do chuid fuinnimh chun réitigh a fháil ar fhadhbanna a d’fhéadfadh tarlú agus tú ag taisteal.
- Glac le do theorainneacha féin. Tá sé ceart go leor riachtanais éagsúla a bheith agat. Caithfidh tú an turas a sheiceáil agus cinneadh a dhéanamh tú féin cén saghas turais a bheidh ann, laistigh de d’fhéidearthachtaí agus do theorainneacha féin.
- Bí ar an eolas ar do chearta mar phaisinéir san Eoraip. Mar dhuine faoi mhíchumas nó “Duine a bhfuil a Shoghluaisteacht Laghdaithe”, tá tú i dteideal taisteal agus cúnamh a fháil agus tú ag taisteal san Eoraip san aer, ar an iarnród, ar long, ar bhus nó ar chóiste. (Tá eolas faoi do chearta ar fáil ó leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh faoi Chearta Paisinéirí, anseo).