Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach – Misean agus Prionsabail

Misean an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, tugtar le chéile daoine óga ar mhaithe le sochaí níos cuimsithí a fhorbairt, chun tacú le daoine leochaileacha agus chun freagairt do dhúshláin na sochaí. Eispéireas inspioráideach cumhachtaithe atá ann do dhaoine óga ar mian leo cabhrú, foghlaim agus forbairt.

Prionsabail an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh

Tá a chuid tuairimí agus creideamh féin ag rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus bíonn siad ag dréim le rudaí áirithe uaidh. Caithfidh na heagraíochtaí atá páirteach sa Chór cuimhneamh ar mhianta na rannpháirtithe sin mar is iad na heagraíochtaí sin atá freagrach as timpeallacht mheasúil iontaobhach a chothú. Ag an am céanna, cuireann na heagraíochtaí atá páirteach sa tionscnamh go leor ama, fuinnimh agus acmhainní isteach i ngníomhaíocht a chur ar bun atá ar ardchaighdeán; bíonn siad ag súil, dá bhrí sin, go mbeidh an meas céanna ag rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar na pobail áitiúla agus ar na daoine a bhfuil na gníomhaíochtaí seo dírithe orthu.

Cuirtear san áireamh sna prionsabail ghinearálta iompair sin an réimse mór ball, eagraíochtaí agus timpeallachtaí a d'fhéadfadh a bheith bainteach leis na gníomhaíochtaí. Ba cheart an méid sin a chur in oiriúint do chúinsí gach gníomhaíochta ar leith.

Daoine óga a bhfuil sé ar intinn acu dul isteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach, ba cheart dóibh an doiciméad seo a léamh go grinn. Seasann gach ag rannpháirtí i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh leis na prionsabail seo a leanas:

  • glacann rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh le luachanna na dlúthpháirtíochta, an mheasa ar dhínit an duine agus ar chearta an daoine, agus creideann siad i sochaí atá cothrom comhionann agus ina dtugtar tús áite don iolrachas, don neamh-idirdhealú, don chaoinfhulaingt, don cheartas, don dlúthpháirtíocht agus don chothromaíocht;
  • bíonn rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar a ndícheall ag iarraidh an dlúthpháirtíocht a chothú idir daoine ach a gcultúir agus a dtraidisiúin a urramú san am céanna, agus is mian leo pobal tacaíochta frithpháirtí a bhunú ina ndéantar freagrachtaí a roinnt;
  • bíonn rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh toilteanach cuidiú ar bhealach fónta leis an tsochaí agus cuirfidh siad an dlúthpháirtíocht, an comhar agus an tuiscint fhrithpháirteach chun cinn;
  • ní ghníomhóidh rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar bhealach a d'fhéadfadh iad féin nó daoine eile a chur i mbaol a ngortaithe;
  • ní mór do rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh na rialacha, an struchtúr eagraíochtúil agus cleachtais na heagraíochta óstaí a urramú, agus ní mór a choinneáil i gcuimhne go bhféadfadh an creat sin a bheith riachtanach chun sláinte phearsanta, slándáil, agus dínit na ndaoine atá ag glacadh páirt sa ghníomhaíocht a urramú. Ní mór do bhaill an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh géilleadh do na dlíthe atá i bhfeidhm sa tír óstach freisin;
  • is ceart gur dá dheoin féin a rachadh duine óg isteach sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach i ngach cás, agus is faoi féin atá sé tarraingt siar ón tionscnamh am ar bith ar mian leis. Tá an ceart aige aon tairiscint ar shocrúchán de chuid an Chóir a dhiúltú, agus ní bheidh tionchar ag an diúltú sin ar thairiscintí eile a fháil ina dhiaidh sin;
  • ní ghearrtar aon táille as rannpháirtíocht i dtionscnamh sa Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach;
  • ag deireadh an tsocrúcháin, bíonn rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh i dteideal teastas de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fháil, teastas a dhearbhaíonn gur ghlac siad páirt sa ghníomhaíocht;
  • nuair a ghlacann siad le socrúchán do ghníomhaíocht oibre deonaí, síneoidh rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh conradh dlúthpháirtíochta leis an eagraíocht rannpháirteach agus sonrófar sa Chonradh sin coinníollacha na gníomhaíochta, i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gCairt an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. I gcás gníomhaíocht saothair, beidh an fheidhm chéanna ag an gconradh fostaíochta;
  • sula gcuirtear tús leis an ngníomhaíocht agus le linn dóibh a bheith ag obair ar thionscadal, gheobhaidh rannpháirtithe i dtionscnamh an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh eolas soiléir faoi na cúraimí a bheidh le déanamh acu agus, nuair is iomchuí, gheobhaidh siad oiliúint agus tacaíocht teanga shásúil chomh maith.