Skip to main content

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

I dteannta a chéile is treise sinn

Oiliúint an Chóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil - Fógra Cosanta Sonraí

Tá an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (‘EACEA’) tiomanta do phríobháideachas a chaomhnú. Déileáiltear leis na sonraí pearsanta uile i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le cosaint sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais* (‘an rialachán maidir le cosaint sonraí’).

Leagtar amach san Fhógra Cosanta Sonraí seo a leanas na beartais trína ndéanann EACEA sonraí pearsanta na ndaoine aonair lena mbaineann a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid laistigh d’Oiliúint an Chóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil.

1.    Cé atá freagrach as do shonraí pearsanta a phróiseáil (rialaitheoir sonraí)? 

Is é an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr, BE-1049 an Bhruiséil, an rialaitheoir. 
Ceann Aonaid A5, an Óige, Cór Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh agus Saorálaithe Cabhrach, sin an duine atá ainmnithe chun bheith i gceannas ar an oibríocht phróiseála, Ríomhphost: EACEA-SOLIDARITY-CORPS@ec.europa.eu

2.    Cé na sonraí pearsanta a phróiseáiltear?   

  1.    Na sonraí úsáideoirí cláraithe a bhaineann leis an gCór Dlúthpháirtíochta Eorpach a luaitear thíos, déantar iad a aistriú ó Thairseach Eorpach na hÓige go hAcadamh an Aontais Eorpaigh:  

    -    Seoladh ríomhphoist 
    -    Ainm úsáideora EU Login 
    -    Céadainm  
    -    Sloinne  
    -    Teanga teagmhála  
    -    Tír chónaithe  
    -    Cathair (roghnach)

    2.    Féadfar na sonraí seo a leanas atá le fáil in Acadamh an Aontais a phróiseáil: 

    -    Freagraí ar cheistneoir féinmheasúnaithe, 
    -    Sonraí faoin gclárú do chúrsa,  
    -    Sonraí faoi rochtain ar chúrsa agus faoi chur i gcrích cúrsa,  
    -    Sonraí faoi dhul chun cinn an chúrsa 
    -    Freagraí ar shuirbhé faoi chúrsa 
    -    Freagairtí ar thástáil ar líne 
    -    Sonraí a líonadh isteach sa sceidealóir oiliúna. 

    3.    Na sonraí seo a leanas, arna mbaint as an réiteach sceidealaithe ar Acadamh an Aontais, agus arna líonadh isteach ag saorálaithe is iarrthóirí chun críocha socruithe lóistíochta agus bearta leantacha a bhaineann leis an oiliúint duine le duine, déanfar iad a phróiseáil: 

    -    Céadainm 
    -    Sloinne 
    -    Seoladh ríomhphoist 
    -    Uimhir fóin póca 
    -    Inscne  
    -    Dáta breithe agus áit bhreithe 
    -    Sonraí faoin doiciméad aitheantais (cineál, uimhir, bailíocht agus údarás eisiúna) 
    -    Áit imeachta 
    -    Riachtanais chothaithe speisialta 
    -    Riachtanais rochtana speisialta 
    -    Ní mór coinníollacha sláinte pearsanta nó deacrachtaí foghlama a bheith ina gcúis le riachtanais speisialta cúnaimh 
    -    Sonraí duine teagmhála amháin i gcás éigeandála: ainm, caidreamh, uimhir theileafóin
 

  4.    An ghníomhaireacht taistil a eagróidh an taisteal chuig an oiliúint duine le duine, is í a dhéanfaidh na sonraí seo a leanas a phróiseáil:

    -    Céadainm agus sloinne 
    -    Dáta breithe agus áit bhreithe 
    -    Náisiúntacht 
    -    Inscne 
    -    Sonraí faoin doiciméad aitheantais (cineál, uimhir, bailíocht agus údarás eisiúna) 
    -    Áit imeachta 
    -    Eolas faoi shláinte, riachtanais chothaithe agus cúnamh speisialta, más ábhartha

  5.    Na sonraí seo a leanas a bhailítear tríd an bhfoirm speansas le haghaidh costais taistil (nach líonfaidh ach na saorálaithe is iarrthóirí a dhéanann éileamh ar speansais isteach), déanfar iad a phróiseáil:

    -    Ainm 
    -    Seoladh 
    -    Uimhir theileafóin 
    -    Seoladh ríomhphoist 
    -    Ainm an Bhainc 
    -    Ainm ar an gCuntas Bainc 
    -    Uimhir IBAN 
    -    Uimhir SWIFT/BIC

3.    Cad chuige a mbíonn do chuid sonraí á bpróiseáil againn? 

Is gá na sonraí a phróiseáil chun na gcríoch seo a leanas:

     A.    Chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag úsáideoirí cláraithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar an ábhar seo a leanas in Acadamh an Aontais agus chun go mbeidh siad in ann na gníomhaíochtaí gaolmhara seo a leanas a chur chun feidhme: an ceistneoir féinmheasúnaithe, an tsraith cúrsaí le haghaidh Oiliúint an Chóir Shaorálaigh Eorpaigh um Chabhair Dhaonnúil, an tástáil ar líne agus sceidealóir na hoiliúna duine le duine dóibh siúd ar éirigh an tástáil leo. 
    B.    Chun go mbeifear in ann tuairisciú do sheirbhísí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh in AS EAC agus EACEA, agus chun bheith in ann anailís chomhiomlán ar fhreagairtí féinmheasúnaithe, ar úsáid an chúrsa agus ar fhreagairtí ar shuirbhéanna, de réir phríomhthréithe na n-úsáideoirí, a chur i láthair i dtuarascálacha staidrimh. Déantar na sonraí a anaithnidiú chun na críche sin. 
    C.    Chun anailís a chur i láthair EACEA, EAC agus an conraitheoir ar fhreagairtí ar an triail ar líne agus ar sceidealóir na hoiliúna duine le duine, de réir príomhthréithe na bhfreagróirí ina measc. 
    D.    Chun go mbeidh an conraitheoir in ann an oiliúint duine le duine a phleanáil, taisteal a chur in áirithe d’iarrthóirí ar éirigh leo le taisteal chuig an ionad oiliúna agus uaidh agus chun aisíocaíochtaí taistil a phróiseáil. 
    E.    Chun eolas a sholáthar do na soláthraithe oiliúna faoi riachtanais speisialta a bhaineann le coinníollacha sláinte nó deacrachtaí foghlama na rannpháirtithe, d’fhonn tacaíocht iomchuí a chinntiú le linn na hoiliúna duine le duine.
 
4.    Cén áit a mbailítear na sonraí?

Ó Thairseach Eorpach na hÓige, Acadamh an Aontais agus uaitse go díreach. 
 
5.    Cé aige a bhfuil rochtain ar do shonraí pearsanta agus cé dó a nochtar iad? 

Is féidir rochtain ar shonraí pearsanta a thabhairt ar bhonn riachtanais eolais do na faighteoirí seo a leanas:
    -    Baill foirne ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh, Ard-Stiúrthóireacht um Oideachas agus Cultúr (AS EAC) 
    -    Baill foirne ainmnithe an Choimisiúin Eorpaigh, go háirithe ag JRC (foireann Acadamh an Aontais) agus baill foirne ainmnithe EACEA; 
    -    Baill foirne údaraithe chonraitheoir na gCreatseirbhísí, uimhir chonartha SI2.3217, cuibhreannas faoi stiúir Lattanzio KIBS agus comhdhéanta de Institut Bioforce, Fondazione Punto.Sud, Ruhr-Universität Bochum, Instituto de Estudios sobre Conflictos y Accion Humanitarian.  
    -    ACI BLUETEAM S.p.A. (fochonraitheoir)

Tá cosc ar shonraí a aistriú chuig tríú páirtithe eile. Na sonraí pearsanta a bhailítear, ní bhainfear úsáid astu chun críocha margaíochta choíche.

Ina theannta sin, i gcás rialaithe nó díospóide, na comhlachtaí a bhfuil sé de chúram orthu tasc faireacháin nó cigireachta a dhéanamh, féadfaidh siad sonraí pearsanta a chomhroinnt agus a phróiseáil i gcur i bhfeidhm dhlí an Aontais i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme agus laistigh de raon feidhme na dtascanna a chuirtear de chúram orthu leis an reachtaíocht ábhartha. Áirítear leis sin, go háirithe, na faighteoirí seo a leanas:

    -    Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh nó breitheamh náisiúnta chomh maith le dlíodóirí agus gníomhairí na bpáirtithe i gcás nós imeachta dlíthiúil; 
    -    An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) 
    -    Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin  
    -    Oifig Imscrúdaithe agus Araíonachta an Choimisiúin (IDOC)  
    -    Cúirt Iniúchóirí na hEorpa  
    -    An tOmbudsman Eorpach  
    -    Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh 
    -    Cúirteanna an Aontais Eorpaigh agus údaráis náisiúnt

6.    Cá fhad a choinneoimid do shonraí pearsanta? 

Chun na gcríoch a leagtar amach in 3 A, sainítear an tréimhse stórála, lena n-áirítear logaí rochtana, le tréimhse choinneálaThairseach Eorpach na hÓige. Sonraí pearsanta atá i gcuntais úsáideoirí an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh, déanfar iad a scriosadh 3 bliana tar éis dóibh an uas-aois rannpháirtíochta sa Chór a bhaint amach, ach amháin sa chás gur thoiligh an t-úsáideoir dul isteach i scéim alumni a d’fhéadfadh a bheith ann an t-am sin, agus má tá sé ráite aige trí ríomhphost go bhfuil suim aige / cead tugtha aige an cuntas úsáideora a choimeád nó má bhain sé tairbhe as cistiú ón Aontas trí pháirt a ghlacadh sa chlár, agus sa chás sin coinnítear na sonraí ar feadh 5 bliana ón idirbheart airgeadais deireanach de réir an liosta coinneála chomónta.

Tá feidhm ag beartas coinneála Acadamh an Aontais maidir le sonraí pearsanta a choinneáil i dtimpeallacht Acadamh an Aontais chun na gcríoch a shainítear in 3 A, B agus C.

Na sonraí pearsanta a phróiseáiltear chun críocha 3 D agus E, déanfar iad a scrios ó fhreastalaithe na bpróiseálaithe sonraí agus ó fhreastalaithe na bhfophróiseálaithe sonraí laistigh de na 6 mhí tar éis an conradh sonrach deireanach a chur i gcrích faoi Chreatchonradh SI2.3217.

7.    Cad iad na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú? 

Faoi fhorálacha an rialacháin maidir le cosaint sonraí, tá sé an ceart agat: 
    •    Rochtain a iarraidh ar na sonraí pearsanta atá ag EACEA fút; 
    •    Iarraidh go ndéanfaí do shonraí pearsanta a cheartú nuair is gá; 
    •    Iarraidh go scriosfaí do shonraí pearsanta; 
    •    Iarraidh go gcuirfí srian le próiseáil do shonraí pearsanta; 
    •    Iarraidh go dtabharfaí do shonraí duit nó go n-aistreofaí iad chuig eagraíocht eile i bhformáid chaighdeánach mheaisín-inléite a úsáidtear go coitianta (iniomparthacht sonraí).
 
Ós rud é go bhfuil an phróiseáil sin ar do shonraí pearsanta bunaithe ar Airteagal 5(1)(a) den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí, tabhair do d’aire go bhfuil an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta ar fhorais a bhaineann le do chás áirithe féin faoi fhorálacha Airteagal 23 den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí.

Sa bhreis air sin, ós rud é go bhfuil an phróiseáil sin ar do shonraí pearsanta bunaithe ar do thoiliú [Airteagal 5(1)(d) agus/nó Airteagal 10(2)(a) den Rialachán maidir le Cosaint Sonraí], tabhair do d’aire gur féidir leat é a tharraingt siar tráth ar bith, agus beidh éifeacht leis sin ón uair a tharraingítear siar é. An phróiseáil atá bunaithe ar do thoiliú sula dtarraingítear siar é, beidh sin dleathach i gcónaí.

Foráiltear le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725 gur féidir le comhlachtaí an Aontais, in ábhair a bhaineann le hoibriú institiúidí agus chomhlachtaí an Aontais, srian a chur ar chearta áirithe daoine aonair in imthosca eisceachtúla agus leis na coimircí a leagtar síos sa Rialachán sin. Déantar foráil maidir le srianta den sórt sin i rialacha inmheánacha a ghlac EACEA agus atá foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32021Q0317%2801%29).

Beidh teorainn ama le haon srian den sórt sin, beidh sé comhréireach agus urramóidh sé bunbhrí na gceart thuasluaite. Cuirfear deireadh leis a luaithe nach mbeidh na cúinsí a thugann bonn cirt don srian infheidhme a thuilleadh. Gheobhaidh tú fógra cosanta sonraí níos mionsonraithe nuair a bheidh an tréimhse sin caite.

Mar riail ghinearálta, cuirfear ar an eolas thú faoi na príomhchúiseanna atá le srian, mura gcuirfeadh an fhaisnéis sin éifeacht an tsriain féin ar ceal.

Tá sé de cheart agat gearán a dhéanamh leis an MECS maidir le raon feidhme an tsriain.
 
8.    Do cheart dul ar iontaoibh i gcás easaontais maidir le haon saincheist a bhaineann le sonraí pearsanta 

I gcás easaontais maidir le haon saincheist a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta, is féidir leat do chás a chur faoi bhráid an Rialaitheora ag an seoladh thuasluaite agus tríd an mbosca ríomhphoist feidhmiúil. 
  
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh freisin le hOifigeach Cosanta Sonraí EACEA ag an seoladh ríomhphoist seo a leanas: EACEA-SOLIDARITY-CORPS@ec.europa.eu.

Féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí tráth ar bith: http://www.edps.europa.eu.

9.    Cén bunús dlí ar a bhfuil do shonraí pearsanta á bpróiseáil againn? 

Airteagal 5(1) 

(a) Is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don institiúid nó don chomhlacht de chuid an Aontais (le leagan síos i ndlí an Aontais), (a2) lena n-áirítear próiseáil na sonraí pearsanta is gá chun Institiúidí nó comhlachtaí an Aontais a bhainistiú agus a fheidhmiú [Aithris 22].

Is é seo a leanas an príomhbhunús dlí atá le próiseáil na sonraí pearsanta:

•    Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014
(d) tá toiliú tugtha ag an ábhar sonraí a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil chun ceann amháin nó níos mó de chríocha sonracha.

Maidir leis na sonraí a bhaineann leis an tsláinte a phróiseáil:

Airteagal 10, mír 2, a de Rialachán (AE) Uimh. 2018/1725: thug an t-ábhar sonraí toiliú sainráite go ndéanfaí na sonraí pearsanta sin a phróiseáil chun críche sonraithe amháin nó níos mó.