Skip to main content
© Photo by Daniel Josef on Unsplash © Photo by Daniel Josef on Unsplash

Gníomhachas ar líne

An nuashonrú is déanaí an An Aoine, 11/06/2021

I mbeagán focal, is éard atá i gceist le gníomhachas beart a dhéanamh agus cur leis an bplé chun daoine eile a shlógadh agus, sa deireadh thiar, tionchar a bheith agat ar chúrsaí polaitíochta. Mar sin, baineann gníomhachas ar líne le huirlisí digiteacha a úsáid, cuir i gcás na meáin shóisialta, blaganna, ardáin phlé agus achainíocha, chun an t-athrú is mian leat a fheiceáil a spreagadh.

An bhfuil fonn ort tionchar a bheith agat ar do phobal áitiúil? Ar mhaith leat athruithe a fheiceáil ar an leibhéal Eorpach nó ar an leibhéal domhanda? Tá do ghuth tábhachtach. Is iomaí bealach atá ann le do thuairim a chur in iúl, cuir i gcás páirt a ghlacadh in agóid ar son an athraithe aeráide. Is féidir é sin a dhéanamh ar líne freisin ‑ faigh amach cén chaoi.

Cumhacht do theachtaireachta

Daoine óga ar mian leo athrú a fheiceáil sa saol, is iad a chuir roinnt ábhair gníomhaíochta i mbéal an phobail le tamall, mar shampla an t-idirdhealú (#BlackLivesMatter), comhionannas inscne (#MeToo) agus an t-athrú aeráide (#FridaysForFuture). Is ceisteanna iad seo nach dtagann salach ar a chéile mar sin is féidir leat tacaíocht a thabhairt dóibh go léir. Tá idir theachtaireacht agus ghníomhaíocht chumhachtach taobh thiar díobh, dhá rud a bhfuil gá leo.

Cuidíonn haischlibeanna coiteanna chun na daoine a dhéanann feachtasaíocht ar son na gcúiseanna céanna ar fud an domhain a nascadh le chéile. Ar an gcaoi sin, is treise iad i dteannta a chéile agus is féidir leo gníomhaíochtaí a chomhordú chun gur mó an tionchar a bheidh acu.

Is ag daoine óga is mó atá an saineolas maidir le conas teachtaireachtaí a chur in oiriúint do na huirlisí digiteacha agus na meáin shóisialta éagsúla, agus tionchar a imirt dá réir. Bain leas as an tallann ar leith sin agus scaip an scéal! Is féidir leat úsáid a bhaint as leithéidí TikTok, Instagram nó Twitter chun feasacht a ardú agus chun labhairt amach faoi na rudaí is mian leat a athrú. 

Más spéis leat do thuairimí a fhorbairt a thuilleadh agus iad a chur i láthair ar bhealach níos forleithne, is féidir leat iad a roinnt agus plé a spreagadh ina leith ar ardáin mar seo a leanas: ‘25 Percent Project’, ‘MediActivism’ nó ‘European Youth Ideas’, suíomh atá ina nasc idir tú féin agus Parlaimint na hEorpa faoi chreat na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa. Féadfaidh tú moltaí a dhéanamh freisin faoi na deacrachtaí atá os comhair na hEorpa sa lá atá inniu ann agus do chuid smaointe a roinnt i dtaca le hEoraip an lae amárach.

Lean ort agus cuir cruth ar do smaoineamh

Má tá baint ag do smaoineamh le tionscadal nó smaoineamh nithiúil is féidir a chur i bhfeidhm laistigh de thréimhse ama ar leith, is féidir úsáid a bhaint as an ardán Change.org chun tús a chur le hachainí ar líne.

Chun do smaoineamh nó do thionscadal a chur i ngníomh, is é cúnamh airgeadais is mó a bheidh ag teastáil uait. Tá ardáin ann is féidir a úsáid chun an scéal a scaipeadh maidir leis an méid atá tú ag iarraidh a dhéanamh agus chun tacaíocht a fháil dó, ardáin ar nós GoFundMe, GoteoAvaaz.

An t-athrú is mian leat a fheiceáil, an leis an Aontas a bhaineann sé?

Is é atá in Idirphlé Óige an Aontais uirlis don idirphlé idir daoine óga agus lucht déanta cinntí a eagraítear faoi chreat Straitéis an Aontais i leith na hÓige. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm aige a chinntiú go gcuirtear tuairimí, dearcthaí agus riachtanais daoine óga agus eagraíochtaí óige san áireamh nuair a bhíonn beartais óige an Aontais á leagan síos. Tá pointí teagmhála Idirphlé Óige an Aontais ar fáil anseo

Sa bhreis ar do smaointe agus do dhearcthaí a roinnt, is féidir leat plé a spreagadh agus páirt a ghlacadh i gcomhráite saincheaptha atá ar siúl cheana féin idir daoine eile chun an tAontas mar atá sé anois agus mar a bheidh sé amach anseo a mhúnlú. Sampla maith is ea together.eu, ardán a chuir Parlaimint na hEorpa ar bun chun rannpháirtíocht dhaonlathach a spreagadh agus saoránaigh a nascadh le chéile.

Is féidir leat freisin dul i muinín an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh. Sásra de chuid an Aontais is ea é lena n-iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach beart a dhéanamh agus gníomhartha a mholadh maidir le saincheist nach ndéantar rialáil air go fóill. Is féidir le duine ar bith togra a chur isteach ar an ardán, feachtas a sheoladh agus tús a chur leis an aistear chun aon mhilliún síniú a bhailiú ó 7 mBallstát éagsúla ar a laghad. A luaithe a éiríonn leat é sin a dhéanamh, beidh ar an gCoimisiún Eorpach an seasamh atá aige i leith do thogra a chur in iúl. 

Ar deireadh, is féidir leat dul i dteagmháil le Feisirí Pharlaimint na hEorpa, ar ionadaithe iad atá tofa ag na saoránaigh chun freastal ar leas na ndaoine maidir le reachtóireacht an Aontais agus chun a chinntiú go bhfuil institiúidí eile an Aontais ag feidhmiú go daonlathach.

Ná déan dearmad go bhfuil tábhacht le do ghuthsa agus gur féidir a chinntiú go n-éistfear leat cibé áit a bhfuil tú faoi láthair. Níl le déanamh ach an bealach is feiliúnaí duit féin agus do do chúis a roghnú!