Skip to main content
young people together in a room © European Union

Comhairliúcháin a bhí ann roimhe seo mar chuid d’Idirphlé Óige an Aontais

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 05/03/2024

Tá an plé seo ar bun leis na blianta! Faigh tuilleadh eolais faoi thimthriallta an Idirphlé Struchtúraithe a bhí ann roimhe chomh maith leis an Idirphlé Óige atá ar siúl faoi láthair!

Is é Idirphlé Óige an Aontais a tháinig i gcomharbas ar an Idirphlé Struchtúrtha le daoine óga a cruthaíodh faoi Straitéis Óige an Aontais a bhí ann roimhe, idir an tréimhse 2010-2018. Más mian leat tuilleadh léargais a fháil ar an gComhphlé, d’fhéadfá súil a chaitheamh ar chúrsaí go dtí seo feiceáil cén úsáid a baineadh as na torthaí le glór na hóige a thabhairt san áireamh i bpróisis chinnteoireachta an Aontais.

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 1ú Timthriall 
‘Fostaíocht na hÓige’
1 Eanáir 2010 – 30 Meitheamh 2011

An chéad timthriall a bhí sa Chomhphlé Struchtúrtha, is ar théama uileghabhálach ‘Fhostaíocht na hÓige’ a bhí an fócas ann, agus gach céim de i ndiaidh a chéile ag cur leis an méid a rinneadh le linn gach Uachtaránacht i ndiaidh a chéile; an Ungáir, an Bheilg agus an Spáinn, is iad sin na trí Uachtaránacht a d’óstaigh Comhdhálacha Óige an Aontais agus is iadsan a stiúir an próiseas freisin. Tá forléargas ar an gcéad timthriall a bhí sa Chomhphlé Struchtúrtha ar fáil sa Choimre seo a d’fhoilsigh Rannóg na hÓige in Aireacht
na nAcmhainní Náisiúnta san Ungáir. Chomh maith leis sin, féadfaidh tú torthaí Chomhdháil Óige an Aontais san Ungáir a léamh.

Torthaí: I ndeireadh 18 mí de thimthriall seo an Chomhphlé Struchtúrtha, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Rún ón gComhairle ina bhfuil béim ar na príomh-mholtaí a bhí ann
de bharr an phróisis.

Glacadh leis na torthaí mar a leanas freisin:

  • i gConclúidí na Comhairle um Chur Chun Cinn na Fostaíochta i measc an Aosa Óig le spriocanna an Eoraip 2020 a bhaint amach agus
  • i Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát maidir le hobair don óige ag tionól dóibh laistigh den Chomhairle.

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 2ú Timthriall
‘Rannpháirtíocht na hÓige sa saol daonlathach san Eoraip’
1 Iúil 2011 – 31 Nollaig 2012

An dara timthriall a bhí sa Chomhphlé Struchtúrtha, is ar théama uileghabhálach ‘Rannpháirtíocht na hÓige sa saol daonlathach san Eoraip’ a bhí an fócas ann, agus rinne gach tír de na tíortha Uachtaránachta faoi seach (an Chipir, an Danmhairg, agus an Pholainn) cinneadh faoina gcuid tosaíochtaí sainiúla féin.

Torthaí: I ndeireadh 18 mí de thimthriall seo an Chomhphlé Struchtúrtha, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Rún ón gComhairle ina bhfuil béim ar na príomh-mholtaí a bhí ann de bharr an phróisis.

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 3ú Timthriall
‘An tIonchuimsiú Sóisialta’
1 Eanáir 2013 – 30 Meitheamh 2014

An tríú timthriall a bhí sa Chomhphlé Struchtúrtha, is ar ‘ionchuimsiú sóisialta na ndaoine óga ar fud na hEorpa’ a bhí an fócas ann, agus bhí trí Uachtaránacht (Éire, an Liotuáin, agus an Ghréig) páirteach ann. Na moltaí a rinne siad sin, bhí ábhar ionchuir iontu le dréacht a chur ar Rúin na Comhairle maidir leis an ionchuimsiú sóisialta agus an fhiontraíocht i measc na hóige.

Torthaí: I ndeireadh 18 mí de thimthriall seo an Chomhphlé Struchtúrtha, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh Rún ón gComhairle ina bhfuil béim ar na príomh-mholtaí a bhí ann de bharr an phróisis.

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 4ú Timthriall
‘Neamhspleáchas na hÓige’
1 Iúil 2014 – 31 Nollaig 2015

An ceathrú timthriall a bhí sa Chomhphlé Struchtúrtha, is ar ‘Neamhspleáchas na hÓige’ a bhí an fócas ann, agus tugadh aird faoi leith ar rochtain na hóige ar chearta agus ar an rannpháirtíocht sa saol polaitiúil. Na trí Uachtaránacht a bhí páirteach sa timthriall seo, ba leis an Iodáil, Laitvia, agus Lucsamburg iad.

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 5ú Timthriall
1 Eanáir 2016 – 30 Meitheamh 2017

Is faoin mana seo a leanas a reáchtáladh an 5ú Timthriall den Chomhphlé Struchtúrtha: ‘Cuirimis ar chumas na ndaoine óga ar fad an Eoraip a ghlacadh chucu féin agus í ilghnéitheach idirnasctha ionchuimsitheach’. Is faoi chumhdach trí Uachtaránacht, an Ísiltír, an tSlóvaic, agus Málta a bhí an 5ú timthriall.

Torthaí: Na moltaí comhpháirteacha deiridh a bhí ann de bharr an 6ú Timthriall, is amhlaidh a ghlac an Chomhairle leo (Oideachas, Cultúr, an Óige agus Spórt) le linn cruinnithe sa Bhruiséil an 22 agus an 23 Bealtaine 2017. Is i rith an timthrialla seo ba léir dea-thoradh ar na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh le heagrais de chineál nua a chur san áireamh, agus bhí méadú ar líon na gcomhlachtaí poiblí agus na n-eagraíochtaí sibhialta a raibh lámh acu san obair.

 

An Comhphlé Struchtúrtha, an 6ú Timthriall
1 Iúil 2017 – 30 Nollaig 2018

An 6ú timthriall a bhí sa Chomhphlé Struchtúrtha, is é ‘An Óige san Eoraip: céard atá á thuar di?’ an téama uileghabhálach a bhí leis, agus is faoin Eastóin, an Bhulgáir, agus an Ostair a bhí na trí Uachtaránacht le linn an timthrialla sin. Ba é an aidhm a bhí leis an timthriall sin éisteacht le glór na hóige, agus beart a dhéanamh as lámha a chéile le Straitéis Óige an Aontais 2027-2019 a chruthú, straitéis a glacadh i mí na Samhna 2018. Cuireadh Idirphlé Óige an Aontais isteach i Straitéis Óige an Aontais nua, agus is í an obair mhaith a bhí déanta ag an Idirphlé Struchtúrtha an bhunchloch a bhí faoi. Cur le líon na ndaoine a bheadh páirteach sa chinnteoireacht, sin é an sprioc a bhí leis sin, daoine óga ina measc, go mór mór daoine nach raibh éisteacht á tabhairt dóibh, agus daoine ar bheagán deiseanna, sin agus iad a bheith páirteach i gcur chun feidhme Straitéis Óige an Aontais, ionas go spreagfaí an rannpháirtíocht saoránach iontu agus an rannpháirtíocht pholaitiúil.

Torthaí: Le linn an 6ú Timthriall, glacadh aon Chuspóir Eorpach déag don Óige, cuspóirí atá san Iarscríbhinn i Straitéis Óige an Aontais. Tá léargas sna cuspóirí seo ar thuairimí na ndaoine óga san Eoraip, agus is maith an teist iad ar an bhfís atá ag na daoine atá gníomhach in Idirphlé Óige an Aontais. Seo a leanas na saintréithe sin:

  • An tAontas a nascadh leis an Óige
  • Comhionannas do na hInscní ar Fad
  • Sochaithe Ionchuimsitheacha
  • Faisnéis agus Idirphlé Tairbhiúil
  • Meabhairshláinte agus Folláine
  • Aos Óg na Tuaithe a Thabhairt Chun Cinn
  • Fostaíocht ar Ardchaighdeán do Chách
  • Foghlaim ar Ardchaighdeán
  • Spás agus Rannpháirtíocht do Chách
  • An Eoraip Inbhuanaithe Ghlas
  • Eagraíochtaí Óige agus Cláir Eorpacha

 

Idirphlé Óige an Aontais, an 7ú Timthriall
2019 – 2020

Is faoi Uachtaránacht trí thír atá an 7ú timthriall á reáchtáil, mar atá an Rómáin, an Fhionlainn agus an Chróit, timthriall dar tús an 1 Eanáir 2019 agus dar críoch Meitheamh 2020, 18 mí dar gcionn. 

Seo é an tosaíocht théamach a roghnaigh trí thír na hUachtaránachta: ‘Deiseanna a chruthú don óige’, agus is ar na nithe seo a leanas a bheidh an fócas: 

  • Fostaíocht ar Ardchaighdeán do Chách 
  • Obair ar Ardchaighdeán don Óige ar Fad 
  • Deiseanna d’Aos Óg na Tuaithe 

Dá bhrí sin, tá ceangal díreach idir an tosaíocht théamach agus trí Spriocanna Eorpacha don Óige: Fostaíocht ar Ardchaighdeán do Chách, Foghlaim ar Ardchaighdeán, Óige na Tuaithe a Thabhairt chun Cinn. 

An obair mhaith a rinne an timthriall deireanach, sin í an bhunchloch atá faoin timthriall reatha, glacadh na Straitéise go mór mór, agus glacadh na Spriocanna Eorpacha don Óige a ghabhann leis an Straitéis, dhá rud a bhfuil fís iontu agus spriocanna go dtí 2027, agus is de na haidhmeanna atá aige tuilleadh léargais a fháil ar an mbealach leis na spriocanna sin a bhaint amach trí na beartais agus na cláir, agus trí ghníomhaíochtaí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus áitiúil.

Torthaí
Le linn an timthrialla dheireanaigh, sampla éagsúil ionchuimsitheach a bhí sa sampla 50,000 rannpháirtí. Rinne 12.5% díobh cur síos orthu féin mar LGBTQ, 9.5% mar mhionlaigh eitneacha agus 4.7% mar dhaoine faoi mhíchumas. Cuimsíodh mar chuid den idirphlé modhanna agus uirlisí éagsúla, suirbhé ar líne mar aon le pléití i ngrúpaí fócais san áireamh, chun go mbeifí in ann freastal ar ghrúpaí imeallaithe, sin agus chun go mbeifí in ann riachtanais éagsúla na hóige, a mhéid a bhaineann siad le tosaíochtaí téamacha an timthrialla seo, a shainaithint. 

Na moltaí comhpháirteacha deiridh a bhí ann de bharr an timthrialla 18 mí sin, is amhlaidh a cuireadh san áireamh iad sa Rún ón gComhairle a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh maidir le torthaí an 7ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais
 

Idirphlé Óige an Aontais, an 8ú Timthriall

Reáchtáladh an 8ú timthriall faoi Uachtaránacht trí thír, mar atá an Ghearmáin, an Phortaingéil, an tSlóivéin, timthriall dar tús an 1 Iúil 2020 agus a mhairfidh ar feadh 18 mí. 

Seo é an tosaíocht théamach a roghnaigh trí thír na hUachtaránachta: ‘An Eoraip ar son na hÓige – An Óige ar son na hEorpa: Spás don Daonlathas agus don Rannpháirtíocht’. 

Dá bhrí sin, tá ceangal díreach idir an tosaíocht théamach agus Sprioc 9 don Óige: Spás agus Rannpháirtíocht do Chách

Na moltaí comhpháirteacha deiridh a bhí ann de bharr an timthrialla 18 mí sin, is amhlaidh a cuireadh san áireamh iad sa Rún ón gComhairle maidir le torthaí an 8ú Timthriall d’Idirphlé Óige an Aontais a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh.

An Timthriall Reatha, an 9ú Timthriall

Tá an 9ú timthriall faoi chúram Uachtaránacht trí thír, mar atá an Fhrainc, Poblacht na Seice agus an tSualainn, dar tús an 1 Eanáir 2022 agus a mhairfidh ar feadh 18 mí. 

Seo é an tosaíocht théamach a roghnaigh trí thír na hUachtaránachta: ‘Eoraip Ghlas Inbhuanaithe’.

Dá bhrí sin, tá ceangal díreach idir an tosaíocht théamach agus Sprioc 3 don Óige: Sochaithe Ionchuimsitheacha agus sprioc 10, An Eoraip Inbhuanaithe Ghlas.

Le linn gach timthrialla, freastalaíonn Idirphlé Óige an Aontais ar bhreis agus 50,000 duine óg agus tá sé ar an bpróiseas rannpháirtíochta is mó dá bhfuil ann san Aontas do na saoránaigh (an ceann is mó do dhaoine óga) a bhuí lena chumas daoine óga a shlógadh trí ardáin náisiúnta agus trí eagraíochtaí náisiúnta don óige. Chun níos mó daoine óga a mhealladh chun páirt a ghlacadh in Idirphlé Óige an Aontais, beag beann ar an gcúlra, an leibhéal oideachais ná na hacmhainní airgeadais atá acu, tá an tIdirphlé fréamhaithe go háitiúil agus tá sé ionchorpraithe i ngníomhaíochtaí eile de chuid an Aontais a thacaíonn le tionscnaimh maidir leis an rannpháirtíocht agus an t-idirphlé. 

Faigh obair agus conclúidí uile na dtoscairí óga i dtuarascáil deiridh Chomhdháil Eorpach na hÓige thíos a tionóladh faoi Uachtaránacht na Fraince:

  • An leagan Béarla
  • An leagan Fraincise