Skip to main content
© Elyssa Fahndrich - Unsplash © Elyssa Fahndrich - Unsplash

Cearta na mban: an bhfuil a leithéid de rud ann agus comhionannas inscne san Eoraip?

An nuashonrú is déanaí an An Mháirt, 07/09/2021

Tá athrú ag teacht ar an meon atá ag daoine i leith an chomhionannais, ach is maith is eol do ghlúin óg an lae inniu go bhfuil steiréitíopaí agus difríochtaí inscne le sárú acu. Sa lá atá inniu ann, tá éagothroimí fós idir mná agus fir, go háirithe i margadh an tsaothair.

Tá comhionannas idir mná agus fir ar cheann de na prionsabail ar ar bunaíodh an tAontas Eorpach. Tá dul chun cinn suntasach maidir leis an gComhionannas Inscne déanta ag an Aontas le scór bliain anuas. Mar sin féin, tá bearnaí inscne ann fós agus i margadh an tsaothair tá ionadaíocht níos mó ag na mná in earnálacha ina n-íoctar pá níos ísle agus níl dóthain ionadaíochta acu i bpoist ina mbítear ag déanamh cinntí. 

Chuir an Coimisiún Eorpach comhionannas inscne go hard ar a chlár oibre polaitiúil agus ghlac sé Straitéis uaillmhianach don Chomhionannas Inscne (2020–2025) le déanaí, straitéis atá dírithe ar an Eoraip a bheidh comhionann ó thaobh inscne de. Seo a leanas roinnt de na dúshláin a bhíonn le sárú ag mná, ach ar ndóigh, is iomaí dúshlán eile atá fós le sárú acu.

Cén chaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair agus cad atá á dhéanamh ag an Aontas faoi?

Déantar príomhshruthú ar ghníomhaíochtaí an Aontais maidir le comhionannas inscne i réimsí beartais éagsúla agus é mar aidhm leis cearta comhionanna a chinntiú, cuir i gcás comhionannas i gcinnteoireacht agus deireadh a chur le foréigean inscne-bhunaithe mar aon leis an mbearna pá ar bhonn inscne. Tá roinnt staitisticí tábhachtacha anseo thíos maidir leis an gcaoi a bhfuil rudaí faoi láthair agus gníomhaíochtaí gaolmhara an Aontais.

Pá Comhionann

Ar an meán, tuilleann mná 16% níos lú ná fir san Aontas Eorpach (AE-27) agus tá difríochtaí suntasacha idir tíortha. An 4 Samhain, cuireann an tAontas an cás i dtábhacht leis an bhfeachtas feasachta bliantúil Lá Pá Chomhionainn de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus glacann sé dlíthe éagsúla, mar shampla Cearta an Aontais Eorpaigh i dtaca le cothromaíocht oibre is saoil

Oideachas agus Taighde

Tá éagothroimí inscne fós i gcúrsaí oideachais, mar shampla maidir leis na sainroghanna a dhéantar ó thaobh ábhair staidéir de. Is mó seans go mbeidh céim ardoideachais ag mná ach déantar an iomarca ionadaíochta orthu i gcónaí i réimsí staidéir atá nasctha le róil a bhíodh ag na mná riamh anall, cuir i gcás na réimsí a bhaineann le cúram agus níl dóthain ionadaíochta acu ansin i réimsí geall leis an eolaíocht agus an innealtóireacht. 

Sin é an fáth a reáchtálann an tAontas Duais an Aontais Eorpaigh do Nuálaithe Ban agus a dtacaíonn sé le Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní san Eolaíocht. Is saincheist leathan freisin í an inscne in Fís 2020, clár cistiúcháin an Aontais Eorpaigh le haghaidh taighde agus nuálaíochta. 

Foréigean 

Tá foréigean fisiciúil agus/nó gnéasach fulaingthe ag 33% de mhná san Aontas Eorpach! 

Tá sé mar aidhm ag an Aontas dul i ngleic le foréigean inscne-bhunaithe trí reachtaíocht agus trí bhearta praiticiúla a cheapadh maidir le cearta íospartach, iad i gcomhréir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.

Ceannaireacht

Ar deireadh, níl an líon céanna ban i bpoist cheannaireachta i réimsí éagsúla: an pholaitíocht, an geilleagar, an eolaíocht agus an taighde. Níl ach 7.5% de chathaoirligh ar bhoird agus 7.7% de Phríomhfheidhmeannaigh ann ar mná iad (féach an bhileog eolais maidir le Straitéis um Chomhionannas Inscne an Aontais Eorpaigh 2020–2025)! 

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta do bheith ar thús cadhnaíochta. Faoi cheannas Ursula von der Leyen, an chéad Uachtarán mná ar an gCoimisiún, den chéad uair riamh sa stair tá Coláiste Choimisinéirí an Aontais Eorpaigh gar do phaireacht inscne a bhaint amach. 

Cén chaoi a bhfuil an dul chun cinn á thomhas ag an Aontas?

Is iomaí bealach atá ann do shaoránaigh an Aontais chun an neamhionannas inscne a chomhrac. An chéad chéim sa phróiseas is ea an fhadhb a shainaithint, agus cuireann Eurostat eolas ar fáil maidir leis an Aontas trí chéile, chomh maith leis na Ballstáit. 

A luaithe a bhailítear an t-eolas, is féidir le comhlachtaí, cuir i gcás an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne tús a chur leis an obair chun comhionannas deiseanna d’fhir agus do mhná a bhaint amach trí bheartais níos fearr a cheapadh. Foilsíonn sé Innéacs um Chomhionannas Inscne a dhéanann coincheap casta an chomhionannais inscne a thomhas agus a chuidíonn chun monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir leis an gcomhionannas inscne ar fud an Aontais in imeacht na mblianta. 

Leis an gClár Foghlama Frithpháirtí idir na Ballstáit, treisítear an comhar chun gníomhaíochtaí a roinnt i gcoinne na bearna inscne. Tá an Eilvéis, an Ghearmáin agus an Ostair, mar shampla, ag úsáid uirlisí nuálacha cuir i gcás áireamháin phá chun feasacht a ardú maidir leis na saincheisteanna a bhaineann le comhionannas inscne. 

Oibríonn an tAontas i ndlúthchomhar freisin le comhlachtaí náisiúnta comhionannais inscne agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, cuir i gcás Brúghrúpa Mhná na hEorpa

An bhfuil tacaíocht uait? 

Ar mhothaigh tú riamh gur chuir d’inscne bac ort post a fháil? Nó an bhfaca tú duine éigin ag caitheamh go míchothrom le duine eile i ngeall ar a inscne? Téigh i dteagmháil le do chomhlacht náisiúnta comhionannais inscne agus faigh amach conas is féidir le dlí an Aontais tacú le do chás.